Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Teagasc agus foghlaim

Tá sé tábhachtach go gcoinnítear an curaclam cuí agus ábhartha do Chiarán agus go gcinnteofaí go bhfuil sé taitneamhach mar aon le praiticiúil agus infheidhme dá shaol mar ógánach. Tá an scoil tiomanta do churaclam a chur ar fáil a ullmhaíonn scoláirí ar an mbealach is fearr don saol mar dhaoine fásta. Bhí spriocanna an Phlean Oideachais don Dalta Aonair mar bhuntaca le plean foghlama Chiaráin agus ionchorpraíodh é seo ina ghníomhaíochtaí seomra ranga. Athróidh a spriocanna le himeacht aimsire de réir mar a bhogann na scileanna agus na torthaí foghlama i dtreo cabhrú leis a bheith ina dhuine fásta níos neamhspleáiche.

Mar gheall nach bhfuil Ciarán in ann léamh/scríobh, cuireadh an curaclam in oiriúint do stíl foghlama Chiaráin trí ábhair amhairc agus tadhaill a úsáid.  I gcomhair fhoghlaim Chiaráin, dhíríomar níos mó ar ghnéithe feidhmeacha an churaclaim agus chuireamar in oiriúint é ionas go mbíonn sé ag foghlaim scileanna nua agus gur féidir na scileanna seo a chur i bhfeidhm ina shaol laethúil agus sa saol taobh amuigh den scoil. D'úsáideamar clár TEACCH i gcomhair amchlár, sceideal agus leabhair oiriúnaithe chun iad a phearsantú dá fhoghlaim. Bhí scéalta sóisialta againn don iompar agus taispeánadh leideanna sa seomra ranga agus sa scoil.

Bhíodh a thascanna meaitseála lámh os cionn láimhe agus anois déanann sé meaitseáil stocaí, meaitseáil sceanra, tascanna meaitseála daite 3T agus tascanna meaitseála litreacha velcro. Tá an fhoireann measúnaithe T-Tap (TEACCH) an-chabhrach chun measúnú a dhéanamh ar na scileanna atá ag scoláirí agus iad siúd gur gá dul i ngleic leo. Cuireann sé tascanna agus seicliostaí ar fáil is féidir a dhéanamh arís go héasca do do sheomra ranga. 

Mar gheall ar úsáid boscaí tascanna le tascanna mínluaile agus acadúla, fuair Ciarán neamhspleáchas áirithe mar go dtí an pointe sin thugtaí a chuid oibre chuige le déanamh ag a dheasc. Mar gheall ar na boscaí tascanna bhí sé in ann an tasc ar mian leis a chomhlánú a roghnú – mar shampla uimhreacha a mheaitseáil, litreacha a ainm, céimeanna seichimh do scuabadh fiacla.

Chuamar amach sa phobal agus muid i mbun fohghlaim Chiaráin, .i. turais siopadóireachta, cuairteanna ar chomhar creidmheasa, cuairteanna ar chaifé agus turais chuig an amharclann agus pictiúrlann. D’fhoghlaim sé chun a chuid airgid féin a iompar agus íoc as rudaí go neamhspleách. Thosaigh sé clár cithfholctha freisin lenar bhain físeáin chuí maidir le sláinteachas, scéalta sóisialta agus sceideal amhairc a lean sé agus é ag tógáil cithfholcadh.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.