Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Roinnt machnaimh ar an bhfoghlaim

Tugtar faoin bhfoghlaim ar bhealach an-leathan agus pearsanta. Tá an Plean Oideachais don Dalta Aonair lárnach do phlean foghlama a cheapadh don scoláire. Mar gheall ar chomh leathan is atá clár Leibhéal 1, tá an cineál seo foghlama agus pleanála an-éasca. Níl léamh ná scríobh ag Ciarán agus mar gheall go bhfuil an oiread scóip sa chlár nua ar Leibhéal 1, osclaíodh domhan nua foghlama dó. Bhí Ciarán in ann a láidreachtaí agus a riachtanais a shainaithint agus díriú orthu i mbliana seachas bheith ag iarraidh é a bhrú isteach i gcuraclam níos srianta. Ba bhreá le Ciarán gníomhaíochtaí fillteáin mar go bhfuil tús, lár agus deireadh le gach tasc agus is féidir iad a chur in oiriúint agus a athrú i gcomhair gach duine aonair ionas go mbíonn siad ag obair go neamhspleách ag a leibhéal féin. Thosaigh Ciarán ag meaitseáil le litreacha a ainm, ansin ag bogadh chuig a ainm a rianú, a chóipeáil agus a scríobh.

Bhí deiseanna ann d’fhéinmheasúnú scoláire mar chuid de chlár foghlama Chiaráin. Tá Ciarán an-fheasach ar nuair a bhíonn dul chun cinn á dhéanamh aige agus nuair nach bhfuil. Bhíomar an-chúramach chun tascanna agus ceachtanna a chur i láthair ag leibhéal cuí ionas nach mbeadh sé díspreagtha agus go mbeadh sé meallta freisin. Thaitin moladh ó bhéal agus fisiciúil go mór leis.

Braitheann féinmheasúnú ar leibhéal cognaíoch an scoláire ach is féidir roghanna a chur i láthair i roinnt bealaí chun an scoláire a chumasú a ghuth a chur lena fhoghlaim, ó theicneolaíocht súilfhéachana; teicneolaíocht chuiditheach ag cabhrú le roghanna a dhéanamh ar iPad; nó pictiúr a roghnú nó ó bhéal. 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.