Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Samplaí de ATFanna

ATF 1: Cumarsáid, teanga agus litearthacht

Gné: Caidrimh chumarsáideacha a fhorbairt

  • 1.7 Dul i ngleic le malartú suntasach le comhpháirtí cumarsáideach, agus taitneamh a bhaint as

Is fear óg an-sóisialta é Ciarán ar breá leis a bheith ag caint agus spraoi a bheith aige. Bíonn sé deacair an méid a deir sé a thuiscint in amanna mar sin tá nós forbartha aige abairtí aon fhocail a úsáid mar aon le comharthaí Makaton chun ceisteanna a fhreagairt agus tuairimí a chur in iúl. Is féidir lena theaghlach, foireann na scoile agus a phiaraí a fhoghraíocht a thuiscint ach taobh amuigh de thimpeallacht an bhaile agus na scoile is féidir leis a bheith in ábhar frustrachais dó nuair nach dtuigeann daoine céard a bhíonn sé ag iarraidh a rá.

Ag oibriú go dlúth leis an teiripeoir urlabhra agus teanga, chuireamar roinnt straitéisí le chéile do Chiarán. D'úsáideamar am nuachta gach maidir chun é a spreagadh le habairtí iomlána a úsáid agus díriú ar fhoghraíocht a chuid focal. Ba leor oibriú ar abairt amháin san am ag aon am amháin mar go mbíonn sé ina ábhar frustrachais dó nuair a iarrtar air rud éigin a rá arís cúpla uair.   Bhí cluichí i ngrúpaí sóisialta lena phiaraí an-tairbheach freisin. Chruthaíomar cásanna trínar ghá do Chiarán idirghníomhú le comhscoláirí le ceisteanna nó abairtí .i. tá pian i do bholg, is í Sarah an dochtúir – céard a inseoidh tú di? Tá tart ort. Tá tú ag iarraidh é a rá le do mhúinteoir – céard a déarfaidh tú?

Bhí ‘Cártaí Datha: Céard atá Mícheart?’ iontach dó seo. Tá sraith grianghraf iontu le rud éigin míchuí nó as áit agus is gá do na scoláirí a smaointe a chur i bhfocail. D’ionchorpraíomar freisin an CD-ROM ‘Out and About’ ina dtaispeántar físeáin le daoine ag feidhmiú go míchuí sa phobal – bhí sé seo ina ghníomhaíocht an-luachmhar agus éifeachtach ar an gclár bán.  

Mheasamar gur chabhraigh na ceachtanna seo le Ciarán é féin a chur in iúl níos soiléire ach nuair a d’imigh na míonna d’éirigh sé níos glóraí sa seomra ranga agus d’fheabhsaigh a mhuinín. D’úsáideamar an straitéis chéanna sa tionól mar go raibh focail aonair a n-úsáid aige chun ceisteanna a fhreagairt. Spreagadh Ciarán chun tuilleadh faisnéise a thabhairt dúinn .i. is iondúil go ndúirt sé ‘teilifís’ nuair a iarraidh air céard a rinne sé ag an deireadh seachtaine. Rinneadh samhaltú ar fhreagraí níos oiriúnaí do Chiarán agus dúirt sé é: ‘Bhreathnaigh mé ar an teilifís’ agus ‘Bhreathnaigh mé ar Mr. Bean’. Bhraith Ciarán freisin ar fhreagraí láithreacha ón bhfoireann nuair nach mbíodh sé in ann focal a fhoghrú – bhímis á dhéanamh sin cinnte gus b’éigean dúinn an chaoi ar labhair muid leis agus a rabhamar ag idirghníomhú leis a athrú. Spreagadh é chun bealaí eile a úsáid chun muid a chur ar an eolas faoin méid a bhí a rá aige cosúil le comharthaí, méar a shíneadh agus gothaí.

ATF 2: Uimhearthacht

Gné: Tomhais agus sonraí

  • 2.24 Páirt a ghlacadh in eispéireas nó i ngníomhaíocht siopadóireachta ina n-úsáidtear airgead ceart go feidhmiúil

Gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama

Tugann na scoláirí airgead isteach gach Aoine don siopa milseán. Reáchtálann na ranganna is sinsearaí an siopa milseán agus ríomhann siad na hidirbhearta ar fad. Tá Ciarán ag feidhmiú ag céim ag a dtuigeann sé smaoineamh idirbhirt ach níl aon choincheap aige de phraghas, sóinseáil agus ní féidir leis meastachán a dhéanamh. Baineann sé an-taitneamh as páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht seo agus tá sé bródúil as a neamhspleáchas. Sainaithníonn sé ainmneacha na mbonn a thugtar dó le caitheamh agus arís ina chuid sóinseála.

Mar a luadh san ATF A bheith rannpháirteach i bpobal, téann sé chuig an gcaifé agus íocann sé agus faigheann sé sóinseáil go neamhspleách.

Tá Ciarán ag meaitseáil bonn agus nótaí faoi láthair le léirithe pictiúrtha le scála de nótaí agus boinn phlaisteacha le scála. Bíonn mearbhall air nuair a chuirtear an iomarca os a chomhar ag aon am amháin mar sin táimid ag oibriú ar 1c, 2c, 5c, agus €5, €10, €20 a chomhdhlúthú. Tá sé ag meaitseáil pictiúr le pictiúr freisin ach teastaíonn leideanna ó bhéal uaidh in amanna. Úsáidimid boscaí tascanna freisin chun boinn chearta a mheaitseáil.

Tugann Ciarán cuairt go minic ar an gcomhar creidmheasa lena rang agus deirtear leis dul sa scuaine, an méid airgid a theastaíonn uaidh a iarraidh agus é a chur ina sparán don mhúinteoir.

Gné: Am

  • 2.29 Gairis ar nós uaineadóirí, amchláir amhairc, míreanna tagartha nó clog a úsáid go feidhmeach

Tá Ciarán an-fheasach ar imeacht ama. Tá sé iontach ag leanúint amchláir agus is féidir leis gníomhaíochtaí atá mar chuid dá amchlár laethúil agus seachtainiúil a thuar. Ní féidir le Ciarán clog a léamh mar sin bunaíodh gníomhaíochtaí ar scileanna bunúsacha chun am a léamh a theagasc dó. D’úsáideamar aghaidheanna bána agus b’éigean don rang na huimhreacha agus na lámha a chur sna háiteanna cearta. Do Chiarán, thosaigh sé seo leis na huimhreacha ar fad ar an aghaidh a mheaitseáil ar an aghaidh le leideanna ag laghdú de réir a chéile. Is féidir leis na huimhreacha a chur sna háiteanna cearta le trí uimhir fágtha bán ach teastaíonn leid amhairc d’aghaidh chloig iomlán ar an gclár bán go fóill.

D’oibríomar freisin ar na huimhreacha 1–12 a aithint agus a ainmniú. Bhí biongó, bileoga oibre a mheaitseáil, gníomhaíochtaí uimhreach simplí ar an gclár bán le Topmarks agus Starfall i gceist anseo.

ATF 3: Cúram pearsanta agus folláine

Gné: Cúram pearsanta agus sláinteachas

  • 3.10 Tascanna cúraim phearsanta a dhéanamh go neamhspleách

Gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama

Mar gheall go bhfuil Ciarán 15 bliana d’aois agus go bhfuil a thuismitheoirí scothaosta, bhí sé an-tábhachtach dul i ngleic le roinnt scileanna cúraim phearsanta agus é mar sprioc chun na scileanna seo a aistriú chuig a shaol baile.  I dtosach, phléamar clár cithfholctha ach go tapa ba léir gur theastaigh uainn dul i ngleic le scileanna níos bunúsaí i dtosach agus cinneadh go dtosóimis Ciarán ar chlár gléasta. Léiríodh é seo ina chuid oibre acadúil agus cuireadh a tascanna in oiriúint chun a scileanna mínluaile agus a scileanna pleanála a láidriú. Shocraíomar córas bosca tascanna ó TEACCH trína raibh siombail ar gach bosca agus go raibh siombailí meaitseála agamsa. Ag aon am i rith an lae, d’fhéadfainn mo shiombail a chur ar amchlár Chiaráin agus rachadh sé chuig seilf na mboscaí tascanna, mheaitseálfadh sé an tsiombail leis an mbosca ceart agus thógfadh sé an bosca tascanna chuig a dheasc chun an tasc a dhéanamh. Bhí gníomhaíochtaí cosúil le postáil, iallacha, míreanna mearaí simplí, gearradh agus greamú, gníomhaíochtaí le pionnaí éadaigh, gníomhaíocht pionsúirín, rianú agus meaitseáil agus filleadh stocaí sna boscaí taisc.

Mar aon lena scileanna mínluaile a fhorbairt, thosaigh Ciarán an clár gléasta i mí Dheireadh Fómhair ag tosú lena gheansaí, t-léine, threabhsar agus stocaí. D’úsáideamar an scéal sóisialta le grianghraif de Chiarán agus grianghraif dár n-éide scoile. Mar gheall go bhfuil Ciarán an-trom, bhí sé ciotach agus ghlac sé go leor ama a stocaí a chur air agus a bhaint de – bhí frustrachas air go minic freisin. Theastaigh cúnamh duine le duine ó Chiarán le gach ball éadaigh i dtosach. Mhúineamar do Chiarán lena chuid éadaí a bhaint de i dtosach. Agus mé ag cabhrú le Ciarán é féin a ghléasadh, thaispeáin mé tosach agus cúl gach ball éadaigh dó i gcónaí. Thaispeáin mé an lipéad nó an fhoclaíocht dó–tá a fhios aige anois le seiceáil agus is féidir leis a aithint nuair atá rud á chur air an bealach mícheart aige. Cuireann sé rudaí air droim ar ais uaireanta go fóill ach is féidir leis é a cheartú nuair a deirtear leis é nó má cheistítear é maidir lena gceapann sé go bhfuil rud air i gceart. Úsáidimid leideanna ó bhéal le cabhrú leis aon bhotúin a cheartú.

I mí Feabhra, thosaíomar clár cithfholctha mar aon lena chlár gléasta. Tá Ciarán réasúnta neamhspleách sa chithfholcadh ach teastaíonn atreisiú uaidh agus é á eagrú féin roimh dhul isteach sa chith (glóthach cithfholctha, tuáille, éadaí glana, srl., a bhailiú). Úsáideann sé amchlár amhairc agus póca lena chinntiú go ndéanann sé gach céim. Glactar grianghraf de gach céim agus ‘postáiltear’ an grianghraf sa phóca nuair atá sé críochnaithe aige. Beidh go leor comhoibrithe leis an mbaile, mar go mbeidh air na scileanna seo ar fad a aistriú chuig a thimpeallacht bhaile.

Gné:Bia agus cothú

  • 3.15 Páirt a ghlacadh in ullmhú bia
  • 3.16 Nósanna imeachta bunúsacha maidir le bia a léiriú
  • 3.17 Rialacha sábháilteachta a leanúint maidir le trealamh cistine a úsáid
  • 3.18 Páirt a ghlacadh i sneaiceanna sláintiúla a dhéanamh
  • 3.19 Bia sláintiúil pearsantaithe a phleanáil, a cheannach agus a ullmhú (le tacaíocht más gá)

Tasc: Arán cáise agus síobhais a dhéanamh

Gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama

Ghlac Ciarán páirt i gcócaireacht ar feadh maidine gach coicís le dhá bhliain anuas. Bhain Ciarán an-tairbhe as seo mar scil saoil as féin agus freisin i dtéarmaí a bheith mar chuid d’fhoireann, ag úsáid teicneolaíochta agus a bheith freagrach as a shábháilteacht agus a shláinteachas féin.

Sa dá bhliain a bhí i gceist, tá feabhas iontach tagtha ar Chiarán i dtéarmaí a chumais – mar shampla; nuair a tháinig sé isteach in eacnamaíocht bhaile i dtosach, chaithfí a rá le Ciarán a lámha a ní i dtosach agus ansin a naprún a chur air. Anois iarrtar ar Chiarán cén chaoi a réiteoidh sé don chócaireacht agus inseoidh sé duit céard a dhéanfaidh sé agus déanfaidh sé na tascanna sin go neamhspleách.

Fuair Ciarán taithí mhaith ar raon leathan uirlisí cistine a úsáid. Agus an t-arán cáise agus síobhais á dhéanamh, d’úsáid sé meá, criathar, tráidire bácála, spúnóga tomhais, crúiscín tomhais, cumascóir taosráin, spúnóg adhmaid, srl. Do na miasa eile a d’ullmhaigh sé sa rang bácála agus don lón gach coicís, athraíonn an trealamh agus na comhábhair.

Go dáta, d’úsáid Ciarán rogha maith fearas leictreach cistine lena n-áirítear an cócaireán, oigheann micreathoinne, tóstaer, citil, tóstaer ceapaire, cumascóir láimhe agus greadtóir leictreach. Tá go leor eolais aige maidir le bheith sábháilte agus glan agus bia á réiteach agus bíonn gliondar air i gcónaí leis an méid a dhéanann sé.

Cé gur fheabhsaigh scileanna léitheoireachta agus uimhearthachta Chiaráin, bíonn deacracht aige go fóill le roinnt réimsí: ag leanúint a oidis, teocht an oighinn leictrigh a shocrú mar nach dtuigeann sé na huimhreacha arda atá i gceist agus meá a úsáid go beacht. I gcomhair deacrachtaí mar sin de réir mar a thagann siad chun cinn, is féidir an t-oideas a chur faoi bhráid Chiaráin i bhformáid pictiúir agus spreagtar é chun an t-oigheann gáis a úsáid mar gur féidir leis na socruithe in uimhreacha níos lú a úsáid air agus is féidir leis cabhair a fháil lena mheá más léir go bhfuil fadhb aige. 

Tá sé an tábhachtach a bheith mar chuid d’fhoireann sa chistin eacnamaíocht bhaile, ag socrú aonad don chócaireacht agus ag glanadh suas tar éis na cócaireachta. Sa réimse seo, tá Ciarán an-mhaith. Is féidir leis an trealamh ábhartha a shainaithint ó phictiúir ar a bhileog oidis agus tá a fhios aige cá gcoinnítear gach píosa trealaimh sa chistin. Socróidh sé suas do dhaoine eile sa rang – má bhíonn ceathrar sa rang, tá a fhios ag Ciarán chun ceithre phíosa de gach rud a thógáil amach. Baineann sé seo le comhábhair a thabhairt amach freisin.

Tá a fhios ag Ciarán cén fáth a ndéanaimid rudaí áirithe ar nós gréisc a chur ar thráidirí bácála, lámhainní oighinn a úsáid, lámha tirime a úsáid agus trealamh leictreach á láimhseáil againn, uaineadóir a úsáid, srl., mar sin ní hé go bhfuil na pointí foghlamtha de ghlanmheabhair aige trí athrá; is féidir leis an réasúnaíocht taobh thiar díobh a mhíniú ó bhéal.

Tá Ciarán á shíneadh go seasta i dtéarmaí an méid a bhfuiltear ag súil leis uaidh sa rang, ach tugtar cóitseáil réidh dó i dtreo gach ionchais nua ar bhealach a chinntíonn go n-éiríonn leis agus faigheann sé muinín, a chabhraíonn lena fhéinmheas agus a fheabhsaíonn a scileanna saoil.

ATF 4: A bheith rannpháirteach i bpobal

Gné: Caidreamh le daoine eile

  • 4.8 A bheith mar bhall de ghrúpa amháin nó níos mó ar scoil nó taobh amuigh di, a bheith páirteach go gníomhach nuair is féidir

Gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama

Tá sé tábhachtach go mbíonn scileanna saoil, scileanna sábháilteachta agus scileanna pobail ina gcomhpháirt i gclár teagaisc gach páiste mar go bhfuil siad ríthábhachtach d’oideachas fíorshaoil agus cumas an pháiste le cónaí sa phobal. Go ginearálta, teastóidh aird bhreise ón teaghlach nuair is féidir don réimse seo. Ach tá an ginearálú seo ríthábhachtach i ndáil leis an ATF seo. Is féidir scoláire a mhúineadh chun ‘Haigh’ a rá agus féachaint ar a mhúinteoir ach b’fhéidir nach mbeadh sé in ann an rud céanna a dhéanamh do bhaill a theaghlaigh, b’fhéidir go mbeadh sé in ann seasamh i scuaine ag am sosa ach go mbeadh deacracht aige seasamh i scuaine san ollmhargadh. 

Is fear óg an-sóisialta, cairdiúil agus siamsúil é Ciarán.  Mar gheall air seo, bhí sé an-éasca an ATF a sheachadadh dó. Ach, bíonn sé róchairdiúil lena phiaraí, leis an bhfoireann agus le strainséirí in amanna agus téitear i ngleic leis seo ina Phlean Oideachais don Dalta Aonair. Spreagtar é chun ‘bosa in airde’ a dhéanamh nó lámh a chroitheadh seachas barróg nó póg a thabhairt do dhaoine. 

Tugann Ciarán cuairt ar an mbialann gach mí lena rang. Tá biachláir againn sa seomra ranga do gach scoláire, agus pléimid a sainroghanna bia i gceacht grúpa an lá sula dtéimid chuig an mbialann. Ag an am seo, déanaimid iarracht tionchar a imirt le go roghnóidh siad roghanna sláintiúla agus spreagaimid Ciarán agus a chomhscoláirí bianna nua a thriail. Ordaíonn Ciarán a bhia féin ón bhfreastalaí agus íocann sé as a bhéile ag an gcuntar é féin. Iarrfaidh sé nuair atá sé ag íoc an bhfuil aon sóinseáil ag teastáil, mar nach bhfuil sé in ann é seo a ríomh go neamhspleách. Bíonn baill foirne i láthair i gcónaí ach déanann sé an t-idirbheart go neamhspleách.

Tugaimid cuairt ar an leabharlann go míosúil agus cé go bhfuil Ciarán ag an gcéim réamhléitheoireachta, is breá leis a bheith ag féachaint trí leabhair agus nuair a léitear scéalta dó. Roghnóidh sé a leabhair féin agus seasfaidh sé sa scuaine, fanfaidh sé go mbeidh siad scanta agus tógfaidh sé ó bhall foirne iad. Pléimid na hábhair is fearr leis sula dtugaimid cuairt ar an gcaifé agus mar gheall gur fearr leis leabhair fhíriciúla is féidir linn é a threorú chuig an roinn cheart ionas nach dtéann sé amú sna roghanna ar fad.

Spreagann an scoil go gníomhach gníomhaíochtaí grúpa seachtainiúla, agus go dtí seo tá ranganna déanta ag Ciarán agus a chomhscoláirí ar feadh sé seachtaine an ceann: áiríodh leo sin ióga, dornálaclaíocht, jiveáil, ‘tolg go 5 km’, ‘triail trí-atlan’, samba agus boghdóireacht. Spreagadh Ciarán chun páirt iomlán a ghlacadh sna gníomhaíochtaí ar fad chomh maith is atá sé in ann agus cúnamh á thabhairt ag an bhfoireann más gá. Bhí obair i ngrúpaí agus/nó i mbeirteanna i gceist sna gníomhaíochtaí ar fad.

Gníomhaíocht thábhachtach is ea tionól don toradh foghlama seo mar gur féidir linn na scileanna ina Phlean Oideachais don Dalta Aonair a mhúineadh do Chiarán i dtimpeallacht shábháilteacht, shlán. Tuigeann Ciaran go bhfuil stad ina chuid cainte agus uaireanta bíonn náire air, mar sin cuireann sé seo ar ár gcumas cabhrú le Ciarán mar go bhfuil sé compordach agus go bhfuil muinín aige as an bhfoireann agus a chomhscoláirí.

ATF 5: Na healaíona

Gné: Amharc-ealaín

5.7 Oibriú go neamhspleách agus/nó go comhoibritheach chun píosa ealaíne a tháirgeadh

Gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama

Tugtar curaclam saibhir agus mealltach ar fáil in oideachas ealaíon cuimsitheach a fhorbraíonn cumas an scoláire chun smaoineamh faoin domhan agus a chultúir agus le réasúnaíocht agus meabhair a bhaint as. Tugann sé deiseanna don scoláire freagairt do na healaíona, iad a thaibhiú agus a chruthú. Úsáideann an scoil na treoirlínte a leagtar amach sa churaclam bunscoile don amharcealaín: Líníocht; Péint agus dath; Priontáil; Obair le cré; Fabraic agus snáithín.

Is scoláire samhlaíoch é Ciarán agus is breá leis ranganna ealaíne. D’fhiosraíomar trí cinn de na réimsí thuas: Líníocht; Péint agus dath; agus Fabraic agus snáithín le réimse leathan meán cosúil le pinn luaidhe agus marcóirí daite, péint, colláis, agus peann luaidhe; ghlac Ciarán páirt sna ceachtanna go fonnmhar.

Líníocht: Spreagadh Ciarán chun marcanna a dhéanamh le criáin chrua agus le criáin bhoga agus chun cuimilt a dhéanamh de dhromchlaí le huigeachtaí éagsúla. D’úsáideamar lámha agus méara chun marcanna a dhéanamh ar an dromchla roghnaithe; roghanna a dhéanamh faoi na dathanna a úsáideadh; agus le bheith níos cruthaithí faoin éagsúlacht marcanna a rinneadh.

Péint agus dath: Bíonn sé deacair ag Ciarán péinteáil idir na línte, mar sin d’oibrigh saorphéinteáil go maith; ina sheasamh ag tacas agus ar pháipéar fad a bhí sé ina shuí. D’úsáideamar líníochtaí líne an-simplí le cabhrú le Ciarán péinteáil taobh istigh de na línte. D’fhiosraigh Ciarán freisin péint a smearadh, a fliceáil agus spraeáil. Amhail is mínéata is ea is fearr é!  Mheascamar péint i bpotaí agus trí shéideadh trí shoip.  Is féidir le Ciarán ceithre dhath a ainmniú go comhsheasmhach: gorm, dearg, glas agus dubh. Má chuirimid tuilleadh dathanna le tasc chun dathanna a ainmniú beidh mearbhall air. Táimid ag obair ar bhán agus buí a chomhdhlúthú. Acmhainn iontach is ea an clár léitheoireachta do scoláirí ar a bhfuil uathachas a cheap agus a scríobh Joseph Porter, agus tá sé an-áisiúil chun dathanna a fhoghlaim. Áiríodh le gníomhaíochtaí eile colláis bhogha ceatha, gníomhaíochtaí eile chun dathanna a shórtáil, gníomhaíochtaí chun dathanna a mheaitseáil agus a ainmniú ar chlár bán, snáithe a chur trí choirníní daite, boscaí céadfacha le téama dathanna, buidéil dhaite pompom a shórtáil, bosca chun dathanna a shórtáil agus a phostáil, uisce daite a mheascadh, agus spraoi le scaifeanna daite (teiripe cheoil).

Fabraic agus snáithín: Gníomhaíocht iontach is ea colláis do scoláire atá ag oibriú ag leibhéal Chiaráin mar go mbíonn deis ann é féin a chur in iúl go neamhspleách agus go minic bíonn sé deacair tascanna a fháil ina gcuirtear an deis seo ar fáil. Úsáideadh go leor meáin dhifriúla ar nós páipéir, cleití, ciarsúr, duilleog agus sop. Rinneamar freisin crosa Bhríde, crainn agus bláthfhleasca Nollag 3T agus léarscáil 3T.  Bhain Ciarán taitneamh as gníomhaíocht fite páipéir agus bhí sé an-úsáideach chun an scileanna mínluaile a fhorbairt.

ATF 6: Corpoideachas

Gné: Scileanna gluaiseachta (lúthchleasaíocht/gleacaíocht)

  • 6.7 An cholainn ar fad nó géaga aonair a bhogadh i raon treonna agus ag luasanna difriúla

Mar chuid den mhodúl Lúthchleasaíochta, ghlac Ciarán páirt i ngníomhaíochtaí caithimh. Tá scileanna oll-luaileacha Chiaráin an-mhaith. Le treoir agus cúnamh amhairc, tá Ciarán inniúil ag oibriú as féin i rith an chorpoideachais.

Is foghlaimeoir amhairc é agus dá bhrí sin oibríonn físeáin/taispeántais go maith dó. Ag tús an cheachta, d’iarr mé ar Chiarán agus ar a pháirtí bealaí difriúla chun an mála pónairí agus an liathróid a chaitheamh a fhiosrú. Bhain Ciarán taitneamh as seo mar go raibh deis aige a shamhlaíocht a úsáid agus smaoineamh ar chaithimh dhifriúla. Mhol mé é as teacht aníos leis an méid sin caithimh dhifriúla.

I rith na gníomhaíochta liathróide, bhí fadhbanna ag Ciarán an liathróid a chaitheamh i bhfad agus níor shroich sé a pháirtí. Laghdaigh mé an fad idir Ciarán agus a pháirtí agus bhí sé in ann an pas a dhéanamh gan an liathróid a bheith ag titim. Bhí a theicníc an-mhaith i rith an chaithimh os cionn a chloiginn. Thóg sé céim chun tosaigh lena chos chlé agus lean sé leis an gcaitheamh.

Ansin, chuaigh sé ar aghaidh chuig an sleá. Thaispeáin mé físeán dó d’Oilimpeach ag caitheamh an tsleá agus bhris mé síos na céimeanna dó. Ansin, léirigh mé caitheamh an tsleá dó ag tabhairt breac-chuntas ar shuíomh an chloiginn, na lámh agus na gcos. Bhí sé deacair aige i dtosach cuimhneamh ar a chosa mar aon leis an gcaitheamh féin, ach faoi dheireadh an ranga bhí máistreacht aige ar na trí ghné (cloigeann, lámha, cosa). Thosaigh sé ag caitheamh isteach i bhfáinne mór san aer agus chuaigh sé ar aghaidh chuig ceann níos lú faoi dheireadh an ranga.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.