Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Clár Foghlama 4: Ciarán (Scoil Speisialta)

Réamhrá

Tá Ciarán 15 bliana d’aois agus tá siondróm Down air. Tá sé ag feidhmiú sa raon foghlama íseal measartha/géar. Is scoláire spraíúil, ceanúil agus sásta é Ciarán a dtaitníonn leis freastal ar scoil agus is maith lena phiaraí é. Tá deartháir agus deirfiúr níos sine aige nach gcónaíonn sa bhaile – cónaíonn sé lena thuismitheoirí agus tá sé an-mhór lena dhaideo a chónaíonn gar dó.

Is breá le Ciarán feirmeoireacht agus ceol. Is maith leis féachaint ar fhíseáin feirmeoireachta agus éisteacht le ceol tíre.

Scoil speisialta is ea an scoil a fhreastalaíonn ar scoláirí idir 4 agus 18 mbliana d’aois. Freastalaíonn an scoil ar scoláirí le míchumais foghlama ghéara/throma, míchumais foghlama mheasartha/il-mhícumais agus do scoláirí a bhfuil uathachas orthu, agus is scoil il-sainchreidmheach í.

Tá sí roinnt ina ceithre réimse: seacht rang shóisearacha, sé rang shinsearacha, sé rang do leanaí a bhfuil uathachas orthu agus cúig rang cúraim speisialta. Tá Ciarán ina scoláire i Rang Sinsir 3–rang ina bhfuil naonúr scoláirí.

Chuir Ciarán tús le teiripe urlabhra agus teanga ar scoil in 2008. Níor labhair sé agus rinne sé cumarsáid trí mhéar a shíneadh i dtreo rudaí, gotha agus daoine fásta a tharraingt chun an rud a bhí uaidh a fháil. Dhírigh an teiripe urlabhra agus teanga go príomha ar scileanna ginchumais Chiaráin a fhorbairt, ag úsáid meascán díobh seo a leanas:

  • AAC i bhfoirm chomharthaí Makaton
  • iarrachtaí ó bhéal a spreagadh ar fhocail a bhí a chomharthú aige (focail aonair ar dtús, ansin abairtí le dhá, trí agus ceithre fhocal thábhachtacha de réir mar a d’fheabhsaigh a scileanna)
  • aclaíocht chun láidreacht agus soghluaisteacht mhatáin a ghéill, a bheola agus a theanga a fhorbairt i gcomhair urlabhairt fheabhsaithe
  • cleachtaí diana urlabhra/fóineolaíochta
  • a fheasacht agus úsáid as dhá agus trí shiolla i bhfocail a mhéadú.

In 2016, rinneadh measúnú ar thuiscint teanga Chiaráin agus measadh go raibh sé ag leibhéal páiste 5½ go 6 bliana. I gcúrsaí ginchumais, is féidir leis abairtí trí nó ceithre fhocal a úsáid i gcomhair fhormhór na bfeidhmeanna cumarsáide ar bhonn laethúil. Is é intuigtheacht a chuid cainte, cé go bhfuil sé feabhsaithe go mór, fós an réimse dúshláin is mó do Chiarán. Úsáideann sé comharthaí Makaton go fóill, nuair a chuirtear i gcuimhne dó é, le tacú lena labhairt nuair a bhíonn intuigtheacht go dona.

Tá siondróm Hirschsprung ag Ciarán, bail oidhreachtúil ó bhroinn a bhfuil tionchar aige ar a fheidhm inne. Bhí sé deacair oiliúint leithris a chur ar Chiarán maidir le folmhú putóige dá thoradh. Tá an scoil ag dul i gcomhairle lena phéidiatraí, oibrí sóisialta, lena thuismitheoirí agus leis an altra dúiche i ndáil le hoiliúint leithris.

Bíonn Ciarán i gcónaí gealgháireach agus bíonn fonn air foghlaim. Fáiltíonn sé roimh thascanna nua agus glacann sé go maith le treoracha. Níl Ciarán in ann léamh agus tá sé ag feidhmiú laistigh den leibhéal aithinte uimhreacha agus uimhrithe 1–5.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.