Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Príomhthascanna measúnaithe/gníomhaíochtaí i gcomhair fianaise ar fhoghlaim

Déantar measúnú i seisiúin iomlánaíocha ag deireadh na gceachtanna. Cruthaíonn na seisiúin cheisteanna agus fhreagraí sin deiseanna measúnaithe le seiceáil ar an méid atá foghlamtha ag Siobhán i rith an cheachta. Is é an múinteoir ag faire an phríomhuirlis mheasúnaithe agus tá sé tábhachtach gnóthachtáil agus dul chun cinn a thaifeadadh agus a mhonatóiriú. Tá dlúthnaisc fós idir an Plean Oideachais don Dalta Aonair agus spriocanna curaclaim agus déanann an múinteoir monatóireacht agus measúnú rialta orthu seo.

Áirítear ar an bhfianaise ar an bhfoghlaim fianaise ghrianghrafadóireachta, bileoga oibre, úsáid TFC agus déantáin a chruthú. Tá punann oibre cruthaithe ag Siobhán a léiríonn an obair atá déanta agus bainte amach aici.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.