Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Spriocanna pearsantaithe, gearrthéarmacha

Ag deireadh gach leath-théarma, déanann múinteoir Chris athbhreithniú agus taifeadadh ar a dhul chun cinn. Úsáideann sí an t-eolas sin ansin chun na torthaí foghlama sainaitheanta a oiriúnú agus a phearsantú don leath-téarma ina dhiaidh le hoiriúint do chéim Chris ar a thuras foghlama. Ar dtús, déantar athbhreithniú ar na conairí dul chun cinn a sainaithníodh sna pleananna fadtéarmacha lena chinntiú gurb iad an léiriú is oiriúnaí iad ar an leibhéal ag a bhfuil sé ag oibriú faoi láthair (athraíonn sé sin idir na torthaí foghlama). Ansin, scríobhtar sprioc SMART ar leith do gach toradh foghlama, ina leagtar amach na gnéithe cáilíochta a theastaíonn lena chur i gcrích go rathúil.

Ag an gcéim seo den phróiseas pleanála, ailíníonn múinteoir Chris spriocanna do gach scoláire i rang Chris do gach gné de gach ATF le forbairt an ranga uile nó gníomhaíochtaí i ngrúpaí beaga le spriocanna pearsantaithe a éascú.

Is féidir sampla den phleanáil sin a fheiceáil thíos. 

Eochair: TF – Toradh Foghlama CD – Conair dhul chun cinn CS – Conair shamplach TFTC – Taifead Foghlama Tras-churaclaim

ATF 3: Cúram pearsanta agus folláine

 

Gné: Bia agus cothú

Cuntas Míosúil

Comhghleacaí Ranga 1

TF

  1.  Páirt a ghlacadh i sneaiceanna sláintiúla a dhéanamh
  1.  

Aird a thabhairt air

 

Na Gnéithe Cáilíochta

Gheobhaidh Comhghleacaí Ranga 1 eispéireas ar bhlaiseadh, láimhseáil agus boladh réimse torthaí agus glasraí a úsáidtear chun sneaiceanna sláintiúla éagsúla a dhéanamh i rith an leath-théarma. Tacófar leis (lámh os cionn láimhe) chun comhábhair a mheascadh agus a bhrú agus chun trealamh cosúil le cumascóir a chur ag obair le rialú laisce.

CS

Fiosrú bia/ceachtanna cócaireachta seachtainiúla

TFTC

Sneaiceanna sláintiúla

Chris

TF

  1.  Páirt a ghlacadh i sneaiceanna sláintiúla a dhéanamh

CD

Aird a thabhairt air/Freagairt dó

 

Na Gnéithe Cáilíochta

Gheobhaidh Chris eispéireas ar bhlaiseadh, láimhseáil agus boladh réimse torthaí agus glasraí a úsáidtear chun sneaiceanna sláintiúla éagsúla a dhéanamh i rith an leath-théarma. Tacófar leis (lámh os cionn láimhe) chun comhábhair a mheascadh nó a bhrú ar feadh tamall gairid i mbabhla. Spreagfar Chris chun úsáid a bhaint as trealamh leictreach cosúil le cumascóir, ag obair le rialú laisce (an lasc gar don lámh).

CS

Fiosrú bia/ceachtanna cócaireachta seachtainiúla

TFTC

Sneaiceanna sláintiúla

Comhghleacaí Ranga 2

TF

  1.  Páirt a ghlacadh i sneaiceanna sláintiúla a dhéanamh

CD

Sealbhú/Ag éirí líofa

 

Na Gnéithe Cáilíochta

Leanfaidh Comhghleacaí Ranga 2 treoracha amhairc agus ó bhéal (le tacaíocht lámh os cionn láimhe do scileanna mínluaile ar nós gearradh agus grátála) le hoibriú mar chuid d’fhoireann chun réimse sneaiceanna sláintiúla a dhéanamh. Fiosróidh sí gach comhábhar ceann ar cheann, ag sainaithint a shiombaile agus ansin á bhlaiseadh, á bholadh agus á láimhseáil sula n-úsáidtear san oideas é.

CS

Treoracha a leanúint (le tacaíocht) chun raon sneaiceanna sláintiúla a dhéanamh

TFTC

Sneaiceanna sláintiúla

Comhghleacaí Ranga 3

TF

  1.  Páirt a ghlacadh i sneaiceanna sláintiúla a dhéanamh

CD

Sealbhú

 

Na Gnéithe Cáilíochta

Leanfaidh Comhghleacaí Ranga 3 treoracha amhairc agus ó bhéal (le maoirsiú an-ghar agus roinnt tacaíocht lámh os cionn láimhe do scileanna mínluaile ar nós gearradh agus grátála más gá i gcomhair sábháilteachta) le hoibriú mar chuid d’fhoireann chun réimse sneaiceanna sláintiúla a dhéanamh. Fiosróidh sí gach comhábhar ceann ar cheann, ag athrá a ainm agus ansin á bhlaiseadh, á bholadh agus á láimhseáil sula n-úsáidtear san oideas é.

CS

Treoracha a leanúint (le tacaíocht) chun raon sneaiceanna sláintiúla a dhéanamh

TFTC

Sneaiceanna sláintiúla

               
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.