Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Machnaimh ar Chlár Foghlama Leibhéal 1

Freagairt Chris

Is cosúil go dtaitníonn na ceachtanna a dearadh dóibh mar chuid de Chlár Foghlama Leibhéal 1 go mór le Chris agus a chomhghleacaithe ranga. Mar gheall ar ábharthacht na spriocanna agus an réimse leathan gníomhaíochtaí a bhfuarthas rochtain orthu, bhí na scoláirí rannpháirteach i rith fhormhór na ranganna nuair a sásaíodh na riachtanais tacaíochta ábhartha.

Mar gheall go bhfuil torthaí foghlama agus conairí dul chun cinn neamhshrianta á gcuimsiú sa Chlár Foghlama Leibhéal 1, bhí múinteoir ranga Chris in ann taifeadadh agus gabháil éifeachtach a dhéanamh ar an dul chun cinn ar fad a rinneadh, d’ainneoin chomh ‘beag’ is a bhreathnaigh céim ghnóthachtála i dturas foghlama an scoláire. Freagraíonn Chris agus a chomhghleacaithe ranga go maith don mholadh ar fad agus taitníonn aon chúis cheiliúrtha leo, mar sin bhain siad an-tairbhe as an aird ar mhionsonraí seo!

Thuairiscigh tuismitheoirí Chris ‘feabhas mór in iompar agus cumarsáid Chris’ ó thús an chláir. Rinne siad cur síos ar na ceachtanna mar ‘an-suimiúil’, agus tacaíonn siad go hiomlán leis an gclár.

Forfheidhmiú Chlár Foghlama Leibhéal 1

Mar gurbh é seo an chéad uair ar úsáid an scoil an curaclam seo, ghlac sé roinnt ama chun cur amach a fháil ar an téarmaíocht agus an struchtúr. Ach, nuair a fuarthas tuiscint iomlán ar sholúbthacht an churaclaim seo agus dá bhrí sin, a inrochtaineacht do gach foghlaimeoir, bhí sé ina uirlis chumhachtach agus úsáideach chun treoir shoiléir agus fairsinge eispéireas a chur ar fáil d’fhoghlaim an scoláire. Mar gheall ar chomh neamhshrianta is atá na torthaí foghlama, mar aon le hidirdhealú trí na conairí dul chun cinn a cheadaíonn do thuras foghlama uathúil agus pearsantaithe a mhapáil do gach scoláire. Tá an pearsantú sin ríthábhachtach chun clár foghlama a chruthú atá tarraingteach, agus atá ábhartha agus bríoch do gach scoláire.

Dearadh teimpléid chun pleanáil agus fianaise a bhailiú le dul in oiriúint do riachtanais na scoile agus do stíl oibre an mhúinteora ranga. Pléadh iad sin go mion leis an bpríomhoide scoile, leis an bhfoireann teagaisc agus cuireadh in oiriúint iad i rith an phróisis.

Na chéad chéimeanna eile

Do go leor scoláirí i scoil Chris, gheobhaidh siad rochtain ar Chlár Foghlama Leibhéal 1 in imeacht cúig bliana. Tá sé riachtanach go mbeadh dóthain ama ann chun dul chun cinn ceart a éascú agus tugtar deis iontach sa chlár seo. Ach, le himeacht aimsire méadóidh líon na fianaise a bhaileofar ar fud na scoile go tapa. Faoi láthair, úsáideann an scoil ríomhairí glúine ranga agus tiomántán crua seachtrach scoile chun eolas agus fianaise a stóráil go sábháilte. Tá acmhainn theoranta ag na foinsí stórála seo agus caithfear iniúchadh a dhéanamh ar fhoinsí eile stórála sábháilte amach anseo.

Achoimre

Tugtar deis don scoláire i gClár Foghlama Leibhéal 1 chun rochtain a fháil ar thuras foghlama ábhartha, éagsúil agus mealltach le creidiúnú náisiúnta agus ceiliúradh ar ghnóthachtáil. Tá sé an-solúbtha, mar sin bíonn deis ag an scoláire bláthú ina bhealach féin, ag a luas féin le buanna agus láidreachtaí aonair a shainaithnítear ar feadh an bhealaigh.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.