Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Dul chun cinn agus gnóthachtáil a aithint

I rith am ciorcail ag deireadh an lae, déanann rang Chris ceiliúradh ar ghnóthachtáil aonair do gach scoláire an lá sin. D’fhéadfaí é seo a roinnt ó bhéal, trí ghrianghraif a tógadh ar an iPad nó trí fhíseáin den rath a thaispeáint don rang uile. Is léir go bhfuil roinnt feasachta ag Chris ar mholadh ó bhéal agus bualadh bos (ag déanamh meangadh gáire go minic) ach tá an fhreagairt is mó aige d’fhíseán a fheiceáil dá rath agus liúradh agus bualadh bos ina dhiaidh. Éiríonn Chris an-sceitimíneach leis seo, agus a lámha á gcaitheamh san aer agus é ag guthaíocht os ard.

Déantar damhsa tar éis an liúrtha seo le hamhrán an cheiliúrtha a thaitníonn le Chris agus é ag gáire agus an bogadh thart go leor lena linn. Leagtar amach sonraí maidir lena ghnóthachtáil do thuismitheoirí Chris gach lá ina dhialann chumarsáide baile-scoile. Seolfar grianghraif gach cúpla seachtain freisin chun an dul chun cinn a pléadh a thaispeáint.

Roghnaítear gnóthachtálacha coicísiúla do gach scoláire agus ceiliúrtar iad i rith tionóil le gach rang iar-bhunscoile. I rith an ama seo, taispeántar taispeántas sleamhnáin nó físeán d’obair Chris. Suífidh ball foirne ón bhfoireann ranga a bhfuil aithne ag Chris orthu le Chris i rith an ama seo chun an moladh a láidriú agus a atreisiú agus lena chinntiú go dtuigeann sé go bhfuil daoine ag bualadh bos dó ag an am cuí.

Ag deireadh gach leath-téarma, seoltar DVD de ghrianghraif agus físeáin abhaile le gach scoláire ina leagtar amach agus ina ndéantar ceiliúradh ar a gcuid oibre, a ngnóthachtálacha agus na gníomhaíochta ab ansa leo ón leath-téarma sin. Ar an lá deiridh, breathnaíonn an rang ar fad ar na físeáin sin ar scoil sula seoltar abhaile iad chun an nasc idir an baile agus an scoil a atreisiú. 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.