Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Timpeallacht foghlama éifeachtach a chruthú do Chris

Caithfidh Chris oibriú duine le duine le duine fásta a bhfuil aithne aige orthu chun rochtain agus freagairt d’fhormhór na ngníomhaíochtaí foghlama. Tá sé sóisialta agus is féidir leis taitneamh a bhaint as bheith in éindí leis an gcuid eile den rang uaireanta d’amanna ciorcail don rang ar fad, cé go dtógann sé sosanna gluaiseachta uathu seo tar éis thart ar thrí nóiméad, le siúl timpeall an tseomra ranga.

Tá go leor riachtanais chéadfacha féinghabhálacha ag Chris is gá a shásamh go minic trí luascadh, a ghlúine a fháisceadh chuig a chliabhrach, ag déanamh guthaíochtaí arda nó a chloigeann a bhualadh lena lámh. Le tacú le Chris chun na riachtanais sin a shásamh go dearfach agus chun rannpháirtíocht a mhéadú leis an tasc, caithfidh an duine fásta a oibríonn le Chris tacú leis gníomhaíochtaí a chur i gcrích óna aiste bia céadfach (mar a d’ordaigh an teiripeoir saothair) go rialta i rith an lae agus sula dtosaíonn an fhoghlaim.

Bíonn sé deacair ar Chris fanacht ina shuí chun boird ar feadh i bhfad freisin mar gheall go dteastaíonn sosanna gluaiseachta uaidh. Dá bhrí sin, áirítear le gníomhaíochtaí a phleanáiltear do Chris go leor gluaiseachta nó is féidir iad a thabhairt chuige ag suíomhanna éagsúla timpeall an tseomra ranga (m.sh. rudaí atá á bhfiosrú a chur i láthair ar thráidire is féidir a iompar chuig láthair ar an urlár).

Freagraíonn Chris an-mhaith do ghnáthamh agus do ghníomhaíochtaí a bhfuil cur amach aige orthu. A oiread agus is féidir, leantar amchlár laethúil bunaithe ar ghnáthamh le gníomhaíochta a bhfuil cur amach aige orthu á múineadh ag an am céanna agus san áit chéanna/áit chosúil gach seachtain. Taispeánfar grianghraf den ghníomhaíocht atá ar tí tosú do Chris díreach sula dtosaíonn sí. Tá solúbthacht san uainiú ríthábhachtach chun dóthain ama a thabhairt do Chris chun an méid atá ag tarlú/ar tí tarlú a phróiseáil go hiomlán. Is féidir é sin a dhéanamh mar gheall ar an gcóimheas ard foirne is scoláire i rang Chris.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.