Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

An próiseas measúnaithe agus fianaise ar fhoghlaim

Déanann múinteoir Chris measúnú ar a riachtanais agus ar a dhul chun cinn go foirmitheach gach lá trí phléití le foireann an ranga. Déantar aon oiriúintí a theastaíonn leis an tasc nó an tacaíocht a thugtar láithreach. Chun measúnú suimitheach a thaifeadadh ar dhul chun cinn Chris, comhlánaíonn múinteoir Chris bileog bhreithnithe tar éis tréimhse a shainaithin an múinteoir ranga de réir mar is iomchuí d’fhoghlaim Chris (is iondúil gur trí go sé seachtaine a bhíonn anseo ag brath ar an gcur amach atá aige ar an ngníomhaíocht agus minicíocht na gníomhaíochta).

I scoil Chris, taifeadtar na breithnithe sin ar Thaifead Foghlama Traschuraclaim, in aice le sonraí maidir le naisc agus spriocanna curaclaim mar a fheictear ar an gcéad leathanach dúbailte eile (ar mhaithe le hanaithnideacht, baineadh grianghraif Chris ón gcóip seo).

Cuirtear cóipeanna priontáilte de na Taifid Foghlama Traschuraclaim (le grianghraif, naisc le físeáin agus aon obair ábhartha cosúil le saothar ealaíne nó déanamh marcanna faoi iamh) i bhfillteán punainne gach scoláire. Coinnítear cóipeanna leictreonacha de Thaifid Foghlama agus gach fianaise físeáin i gcomhaid aonair ar an ríomhaire ranga agus sábháiltear cúltaca díobh ar thiomántán crua na scoile go rialta.

Coinníonn an múinteoir ranga punanna na scoláirí agus athbhreithníonn príomhoide na scoile faoi dhó sa bhliain acadúil iad. Buaileann múinteoirí iar-bhunscoile le chéile gach téarma freisin chun teagasc agus foghlaim a phlé, a athbhreithniú agus a roinnt.

Taifead Foghlama an Bhoird Athshondais

Aonad Foghlama Tosaíochta

Na healaíona

Gné

Ceol

Toradh Foghlama

5.11 Freagairt do ghnéithe an cheoil (tuinairde, buille, fad, dinimic, struchtúr, tondath, uigeacht, stíl, tempo)

Conair dhul chun cinn

Tús a chur leis/Sealbhú

Na Gnéithe Cáilíochta 1

Léireoidh Chris tuiscint go bhfuil tempo na drumadóireachta le méadú trí bheith ar sceitimíní (glúine a fháisceadh/guthaíocht/meangadh gáire) tar éis tuilleadh a iarraidh/nuair a thosaíonn an drumadóireacht arís. Léireoidh sé freagra comhsheasmhach don ardú i tempo nuair a dhéantar an ghníomhaíocht arís.

Aonad Foghlama Tosaíochta

Uimhearthacht

Gné

Feasacht ar an timpeallacht

Toradh Foghlama

2.6 A bheith páirteach i ngníomhaíochtaí cúise agus éifeachta

Conair dhul chun cinn

Ag éirí líofa/Ginearálú

Na Gnéithe Cáilíochta 2

Léireoidh Chris a thuiscint ar an bhfreagairt cúise agus éifeachta a chruthaítear trí lasc a úsáid chun ‘tuilleadh’ a iarraidh de réimse gníomhaíochtaí. Tar éis dhá nó trí leid lámh os cionn láimhe chun an lasc a úsáid i dtosach ag tús an idirghníomhaithe, brúfaidh Chris an lasc chun tuilleadh a iarraidh go neamhspleách trí as cúig huaire.

Aonad Foghlama Tosaíochta

Corpoideachas

Gné

Scileanna gluaiseachta

Toradh Foghlama

6.2 Baill iomlána nó roinnt ball den chorp a bhogadh chun an timpeallacht láithreach a fhiosrú

Conair dhul chun cinn

Ag éirí líofa

Na Gnéithe Cáilíochta 3

Rachaidh Chris chuig an mbord athshondais agus cuirfidh sé é féin air nó in aici leis go neamhspleách. Úsáidfidh Chris baill éagsúla choirp chun creathadh an bhoird a fhiosrú. Spreagfar é chun a cholainn a bhogadh mar fhreagairt do ghluaiseacht shuíomh na drumadóireachta ar an mbord athshondais.


Gníomhaíocht

  • Taispeánfaidh an múinteoir grianghraf den bhord athshondais do Chris agus déarfaidh sí, ‘Am Drumadóireachta a Chris’.
  • Ansin baileoidh sí an bord agus cuirfidh sí ar an urlár é laistigh de dhá mhéadar ó Chris.
  • Ansin tosóidh an múinteoir ag drumadóireacht le dhá mhaide ar an mbord go hard fad atá sí ag comhaireamh go dtí a cúig os ard, ag méadú an tempo agus ansin ag rá ‘stop’ agus ag stopadh na drumadóireachta.
  • Déanfaidh an múinteoir an pátrún sin arís.
  • Glaofar ar Chris ó bhéal chun an bhoird ach fágfar é chun dul chuige agus suí ann as féin.
  • Nuair atá Chris socraithe ar an mbord, taispeánfar an lasc dó le siombail ‘tuilleadh’ ar an mbarr ag deireadh na drumadóireachta agus tacófar leis lámh os cionn láimhe i dtosach chun an lasc a bhrú.
  • Tar éis na chéad iarrata sin, laghdófar na leideanna chuig leideanna ó bhéal agus laghdófar leideanna fisiciúla de réir mar a théann an ghníomhaíocht ar aghaidh (féach thíos).
  • Nuair a bhíonn cur amach ag Chris ar ghnáthamh na gníomhaíochta, bogfar na maidí timpeall an bhoird chun tuilleadh fiosraithe a spreagadh.

Leibhéal tacaíochta

I dtosach, tacú le Chris le húsáid lámh os cionn láimhe den lasc chun an ghníomhaíocht a thabhairt isteach ansin laghdófar é sin chuig leideanna ó bhéal (‘brúigh le haghaidh tuilleadh’) agus fisiciúla (méar a shíneadh i dtreo na laisce).

Dáta

6.2.2018

Láthair agus suíomh

Seomra ranga: ceachtanna ceoil céadfacha i ngrúpaí beaga beirte le beirt

Breathnuithe

Nuair a taispeánadh grianghraf den bhord athshondais do Chris, d’fhreagair sé go maith de go hamhairc ar feadh 20 soicind.

Nuair a tugadh an bord athshondais isteach sa seomra, bhreathnaigh Chris air láithreach agus rianaigh sé é agus é á bhogadh chuig a shuíomh.

Láithreach nuair a thosaigh an múinteoir ag drumadóireacht leis na maidí ar an mbord athshondais, shiúil Chris chuig an mbord as féin agus shuigh sé air le meangadh gáire air agus ag féachaint idir na maidí agus an múinteoir.

Nuair a chríochnaigh an múinteoir comhaireamh go dtí a cúig, chroch sí an lasc ‘tuilleadh’ suas ag Chris, á chur ina líne amhairc agus dúirt sí ‘brúigh le haghaidh tuilleadh’. Ansin cuireadh an lasc os comhair Chris. Lean Chris na leideanna a raibh cur amach aige orthu go tapa agus laistigh de nóiméad amháin bhrúigh sé an lasc. Léirigh Chris feasacht ar chuspóir na laisce trína léiriú go raibh sé ag súil leis trína ghlúine a fháisceadh teann lena chliabhrach, meangadh gáire a dhéanamh, féachaint i dtreo an mhúinteora agus guthaíocht séine a dhéanamh.

I rith na gníomhaíochta, laghdaíodh an líon leideanna chun an lasc a bhrú go dtí go raibh an múinteoir ag síneadh a méire chuig an lasc ag deireadh an chomhairimh go dtí a cúig agus ag stopadh na drumadóireachta (tar éis timpeall deich n-uaire den phátrún céanna a dhéanamh). Bhrúigh Chris an lasc go comhsheasmhach chun tuilleadh a iarraidh laistigh de dhá nóiméad ceithre huaire as cúig.  (Ag pointe amháin, níor bhrúigh Chris an lasc ach phioc sé suas ceann de na maidí agus thit sé uaidh. Ansin dúirt an múinteoir leis ó bhéal ‘brúigh le haghaidh tuilleadh’ fad a bhrúigh sí an lasc níos gaire dó. D’fhreagair Chris tríd an lasc a bhrú beagnach láithreach agus scigireacht a dhéanamh nuair a thosaigh an drumadóireacht.)

Nuair a bhí Chris socraithe i ngnáthamh (tar éis timpeall cúig nóiméad) thosaigh an múinteoir ag bogadh na maidí anois is arís fad a bhí sí ag drumadóireacht ionas go raibh siad níos cóngaraí do thaobh amháin seachas an lár. Tar éis dhá phátrún rithime sa suíomh seo, tharraing Chris é féin, i suíomh suite, níos gaire do na maidí. Tugadh an fhreagairt chéanna faoi deara níos deireanaí.

Freagairt an fhoghlaimeora

Is cosúil go bhfuil cur amach ag Chris ar an ngníomhaíocht, ag léiriú spéise ann go tapa agus ag dul i ngleic leis lena linn. Is cosúil go bhfuil tuiscint mhaith á forbairt aige ar chuspóir na laisce ‘tuilleadh’; scil a úsáideann sé anois i dtrí ghníomhaíocht dhifriúla le leibhéil éagsúla leideanna. Léiríonn Chris feasacht ar ghnáthamh na gníomhaíochta (an tempo ag méadú i rith an chomhairimh go dtí a cúig agus ansin ag stopadh) agus bíonn níos mó sceitimíní air agus an luas ag méadú.

Fianaise

Na Gnéithe Cáilíochta

Breathnú

Foinse agus láthair fianaise

1

Freagraíonn Chris go comhsheasmhach do tempo méadaitheach na drumadóireachta le pléisiúr agus sceitimíní. Chonacthas an fhreagairt seo roinnt uaireanta le linn na gníomhaíochta.

Físeán

Deasc >

Chris > Feab. 2018 > Clár macallaí

2

Léiríonn Chris tuiscint mhaith ar an bhfreagairt cúise agus éifeachta tríd an lasc chun ‘tuilleadh’ a iarraidh a bhrú go comhsheasmhach (ceithre huaire as cúig) i dtrí shuíomh dhifriúla (le leideanna éagsúla).

Grianghraf

(faoi iamh)

3

Bhog Chris a cholainn arís is arís go neamhspleách chun an ghníomhaíocht a fhiosrú ar bhealach ba rogha leis (a bheith chomh gar agus is féidir leis na creathanna).

Físeán

(féach thuas)

Nótaí/Na chéad chéimeanna eile

  • Léirigh Chris taitneamh agus rannpháirtíocht iontach sa ghníomhaíocht seo – ba cheart tuilleadh gníomhaíochtaí ceoil/creatha a chuimsiú i gclár foghlama Chris.
  • Tá Chris ag tosú le ginearálú a dhéanamh ar lasc a úsáid chun tuilleadh a iarraidh – ba cheart go mbeadh leideanna níos comhsheasmhaí i ngach suíomh agus gníomhaíocht chun forbairt scileanna a chinntiú.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.