Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Tá an tSraith Shóisearach ag athrú

 Ã“ Mheán Fómhair 2014 amach, beidh ábhair athchóirithe agus gearrchúrsaí ar fáil sa tSraith Shóisearach. Díreofar níos mó feasta ar scileanna litearthachta agus uimhearthachta agus príomhscileanna eile a mhúineadh agus beidh cur chuige nua ann maidir le measúnú agus tuairisciú. Beidh níos mó saoirse ag scoileanna a gcláir féin a cheapadh chun riachtanais foghlama a ndaltaí féin a chomhlíonadh. Ó thaobh an dalta de, ciallóidh an tSraith Shóisearach nua go mbeidh meascán d'ábhair agus de ghearrchúrsaí ar fáil sa churaclam scoile, mar aon le heispéiris foghlama eile. 

Curaclam

Cuirfear aonaid foghlama tosaíochta (PLUnna) ar fáil don líon beag daltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu. Trí na comhpháirteanna seo, cuirfear na ráitis foghlama, na scileanna litearthachta, uimhearthachta agus na príomhscileanna ar fáil do na daltaí le linn na sraithe trí bliana.

An Creat don tSraith Shóisearach 2015

Sa chuid seo den suíomh Gréasáin gheobhaidh tú sonraíochtaí na n-ábhar nua agus na ngearrchúrsaí a bheidh ina gcuid den tSraith Shóisearach nua.  Gheofar sa chuid seo, leis, doiciméid churaclaim maidir leis an tSraith Shóisearach atá ann i láthair na huaire. Chun sonraíochtaí nua ábhair a fheiceáil, féach an tsonraíocht nua don Bhéarla  ar an suíomh seo.

An Teastas Sóisearach

Beidh an tSraith Shóisearach nua agus an Teastas Sóisearach ar fáil i dteannta a chéile sna scoileanna ar fad ar feadh cúig bliana ó 2014 amach.

Faoi láthair déanann gach dalta, nach mór, cúrsa as a leanann an Teastas Sóisearach, an scrúdú Stáit a dhéantar ag deireadh na tríú bliana nuair a bhíonn na daltaí 15 bliain d'aois nó mar sin. Is gnách ábhair a dhéanamh ag an nGnáthleibhéal nó ag an Ardleibhéal, cé go gcuirtear trí ábhar – Gaeilge, Béarla agus Matamaitic – ar fáil ag an mBonnleibhéal, chomh maith. 

Measúnú

Ó 2014 amach, beidh ábhair nua agus gearrchúrsaí ar fáil sa tSraith Shóisearach. Díreofar níos mó feasta ar scileanna litearthachta agus uimhearthachta agus príomhscileanna eile a mhúineadh agus beidh cur chuige nua ann maidir le measúnú agus tuairisciú. Beidh níos mó saoirse ag scoileanna a gcláir féin a cheapadh chun riachtanais foghlama a ndaltaí féin a chomhlíonadh. Déantar an Teastas Sóisearach a mheasúnú i láthair na huaire i scrúdú Stáit ag deireadh an tríú bliain den tSraith Shóisearach.

Is gnách ábhar a dhéanamh ag an nGnáthleibhéal nó ag an Ardleibhéal. Tá trí ábhar ann – Gaeilge, Béarla agus Matamaitic – ina gcuirtear Páipéar Bonnleibhéal ar fáil, leis. Cé go ndéantar formhór na n-ábhar a mheasúnú mar chuid de scrúdú an Teastais Shóisearaigh, cuirtear ábhair áirithe ar fáil sa tSraith Shóisearach atá ina gcuid dhílis den churaclam agus nach measúnaítear go foirmiúil. Cuirtear na hábhair sin ar áireamh sa churaclam ionas go gcuirtear oideachas leathan cothromaithe ar dhaltaí agus go dtugtar túseolas dóibh ar réimsí taithí atá tábhachtach d'fhoghlaimeoirí ag an aois sin agus ag an gcéim forbartha sin. Ar na hábhair Shraithe Sóisearaí nach ndéantar a scrúdú go foirmiúil tá Corpoideachas, Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte agus Staidéar Ríomhaire. Tá Oideachas Reiligiúnach ar fáil mar ábhar scrúdaithe agus mar ábhar neamhscrúdaithe araon.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.