Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Príomhscileanna

I dteannta a n-inneachair agus a n-eolais shonraigh, tugann ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna don scoláire chun réimse leathan príomhscileanna a fhorbairt. Tá deiseanna ann chun tacú leis na príomhscileanna uile sa chúrsa seo ach tá roinnt díobh a bhfuil tábhacht ar leith leo. Sainaithnítear sna samplaí thíos roinnt de na gnéithe a bhaineann le gníomhaíochtaí foghlama sa Teicneolaíocht Adhmaid. Chomh maith leis sin, is féidir leis an múinteoir a lán de na gnéithe eile de phríomhscileanna ar leith a fhí isteach ina chuid pleanála don seomra ranga. 

An phríomhscil Gné na príomhscile Samplaí de ghníomhaíochtaí foghlama an scoláire
A bheith cruthaitheach Roghanna a fhiosrú Déanfaidh an scoláire taighde ar réitigh dearaidh ar choimre dearaidh a thugtar dó.
A bheith liteartha Smaointe a chur in iúl go soiléir agus le cruinneas Roghnóidh an scoláire na meáin is oiriúnaí chun a smaointe/réitigh a chur in iúl.
A bheith uimheartha Smaointe a chur in iúl go matamaiticiúil Bainfidh an scoláire úsáid as nodaireacht cheart eolaíoch agus mhatamaiticiúil agus cion taise á ríomh aige.
Cumarsáid Teanga a úsáid Úsáidfidh an scoláire an teanga cheart theicniúil agus cur síos á dhéanamh ar phróiseas.
Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú Smaoineamh go cruthaitheach agus go criticiúil Rachaidh an scoláire i mbun na smaointeoireachta nuálaí chun réiteach a chruthú agus déanfaidh sé critíc ar an réiteach bunaithe ar na riachtanais a bhaineann leis an bhfadhb.
Mé féin a bhainistiú Spriocanna pearsanta a shocrú agus a bhaint amach Leagfaidh an scoláire plean oibre amach agus cuirfidh sé i bhfeidhm é chun déantán a chruthú.
Fanacht folláin A bheith freagrach, slán agus eiticiúil nuair atá teicneolaíocht dhigiteach in úsáid Oibreoidh an scoláire go heiticiúil agus go sábháilte ar líne agus nuair a bhaineann sé úsáid as an idirlíon mar acmhainn foghlama.
Obair le daoine eile Ag comhoibriú Beidh an scoláire ag comhoibriú ar thaighde agus forbróidh sé réitigh ar fhadhb ar leith le daoine eile.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.