Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Naisc

An ráiteas Samplaí d’fhoghlaim ábhartha 
RF 15: Aithníonn an scoláire an úsáid is féidir a bhaint as eolas, scileanna agus tuiscint mhatamaiticiúil i réimsí uile na foghlama. Cuirfidh an scoláire réasúnaíocht uimhriúil i bhfeidhm chun feidhmeanna, comhréireanna agus toisí cuí a dheimhniú. 
RF 19: Tá luach ag an scoláire ar ról agus cion na heolaíochta agus na teicneolaíochta i leith na sochaí, agus an tábhacht phearsanta, shóisialta agus dhomhanda atá leo. Déanfaidh an scoláire an tionchar a bhíonn ag an Teicneolaíocht Adhmaid ar a shaol féin, ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol a mheasúnú.
RF 20: Úsáideann an scoláire teicneolaíochtaí cuí chun dul i ngleic le dúshlán deartha. Roghnóidh an scoláire trealamh oiriúnach chun tasc dearaidh a bhaint amach.
RF 21: Cuireann an scoláire scileanna praiticiúla i bhfeidhm de réir mar a fhorbraíonn sé/sí múnlaí agus táirgí ag baint úsáide as ábhair agus as teicneolaíochtaí éagsúla. Cruthóidh an scoláire réitigh trí mhúnlú agus tascanna a spreagann forbairt a chuid scileanna praiticiúla, agus é ag obair le raon ábhar agus trealaimh.
RF 23: Tógann an scoláire smaoineamh ar aghaidh ó cheapadh go réadú. Forbróidh an scoláire as féin coincheap chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb éigin agus ceapfaidh sé an réiteach trí úsáid a bhaint as na hábhair chuí agus as na scileanna a d’fhorbair sé.
RF 24: Úsáideann an scoláire an teicneolaíocht agus uirlisí na meán digiteach chun foghlaim, chun obair agus chun smaoineamh go comhoibríoch agus go cruthaitheach ar bhealach freagrach agus eiticiúil. Roghnóidh an scoláire uirlisí cuí ó na meáin dhigiteacha chun smaointe dearaidh a fhiosrú, taighde a dhéanamh orthu agus chun iad a léiriú.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.