Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Ionchais maidir le scoláirí

Is scáth-théarma é ionchais maidir le scoláirí a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte de shaothar scoláirí i sonraíocht an ábhair. Nuair a bheidh múinteoirí, scoláirí nó tuismitheoirí ag scrollú síos trí na torthaí foghlama, beidh nasc ar fáil uaireanta le samplaí oibre a bhaineann le toradh foghlama ar leith nó le grúpa de thorthaí foghlama. Roghnófar na samplaí de shaothar scoláirí chun ionchais a léiriú agus beidh tráchtanna múinteoirí leo. Cuimseoidh na samplaí seo obair:   

  • atá thar barr ar fad
  • atá os cionn na n-ionchas 
  • atá ag teacht leis na hionchais

Is é an cuspóir atá leis na samplaí de shaothar scoláirí go dtaispeánfar iontu a oiread atá na torthaí foghlama á mbaint amach i bhfíorchásanna. 


Torthaí foghlama
Is ráitis iad na torthaí foghlama a chuireann síos ar an eolas, ar an tuiscint, ar na scileanna agus ar na luachanna ba chóir don scoláire a bheith ábalta a thaispeáint i ndiaidh dó staidéar a dhéanamh ar na Teicneolaíocht Adhmaid sa tsraith shóisearach. Baineann na torthaí foghlama a leagtar amach sna táblaí seo a leanas le gach scoláire. Faoi mar atá siad leagtha amach anseo léiríonn siad torthaí don scoláire ag deireadh na dtrí bliana staidéir. Cuirtear béim sa tsonraíocht gur le haghaidh trí bliana atá na torthaí foghlama agus dá bharr sin cé nach mbeidh torthaí foghlama a ndírítear orthu ag pointe ama ar leith ‘curtha i gcrích’ fós, leanfaidh siad orthu ag tacú le foghlaim an scoláire sa Teicneolaíocht Adhmaid go dtí deireadh na sraithe sóisearaí. 
Tá uimhir le gach toradh laistigh de gach snáithe. Tá sé i gceist go gcabhródh an t-uimhriú le pleanáil an mhúinteora agus ní sheasann sé d’ordlathas tábhachta ar bith trasna na dtorthaí iad féin. Cuirtear Teicneolaíocht Adhmaid na Sraithe Sóisearaí ar fáil ag leibhéal comónta. 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Pleanáil agus bainistiú
  1. 1.1

    príomhghnéithe a theastaíonn chun tascanna a chur i gcrích a fhiosrú 

  2. 1.2

    na pleananna, próisis agus ábhair a roghnaíodh chun tascanna a chur i gcrích a chosaint 

  3. 1.3

    comhoibriú go héifeachtach i dtimpeallacht foghlama ceardlainne

  4. 1.4

    é féin agus a acmhainní a bhainistiú

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Cumarsáid
  1. 1.5

    príomhfhaisnéis a léiriú go grafach 

  2. 1.6

    sceitsí agus líníochtaí oibre a chruthú le caighdeáin aitheanta ag baint úsáid as meáin éagsúla

  3. 1.7

    míniú a thabhairt ar fheidhm agus ar chur i bhfeidhm raon uirlisí, trealaimh, daingneán agus feisteas

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Cruthú
  1. 1.8

    eolas agus scileanna i réimse prionsabal, próiseas agus teicnící cuí atá ann cheana féin agus atá ag teacht chun cinn a chur i bhfeidhm 

  2. 1.9

    prionsabail na sármhaitheasa ceardaíochta a léiriú trí thascanna agus déantáin a dhearadh agus a bhaint amach 

  3. 1.10

    cleachtais aitheanta sláinte agus sábháilteachta a chur i bhfeidhm nuair a bhíonn uirlisí, trealamh agus ábhair in úsáid.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Comhshaol agus inbhuanaitheacht
  1. 1.11

    na tionchair chomhshaoil a bhaineann le húsáid adhmaid mar acmhainn nádúrtha agus in-athnuaite a iniúchadh

  2. 1.12

    léirthuiscint a fhorbairt do chleachtas inbhuanaithe ar fud a chuid foghlama 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Pleanáil agus bainistiú
  1. 2.1

    fadhbanna dearaidh a fhiosrú

  2. 2.2

    faisnéis agus smaointeoireacht a bhainistiú chun tacú le próiseas dearaidh atriallach

  3. 2.3

    measúnú a dhéanamh ar a dhul chun cinn féin chun bonn eolais a chur faoi fhoghlaim sa todhchaí

  4. 2.4

    príomhphrionsabail an dearaidh agus na heirgeanamaíochta a thuiscint

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Cumarsáid
  1. 2.5

    faisnéis ábhartha a chur in iúl 

  2. 2.6

    sceitsí, líníochtaí agus samhlacha/fréamhshamhlacha a tháirgeadh chun smaointe dearaidh a fhiosrú

  3. 2.7

    cur chuige oiriúnach a chur in iúl maidir le fadhb a réiteach 

  4. 2.8

    fóilió a thiomsú trí na meáin chuí

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Cruthú
  1. 2.9

    a réitigh a fhorbairt bunaithe ar mhachnamh criticiúil 

  2. 2.10

    teimpléid agus samhlacha a cheapadh ag úsáid meáin éagsúla

  3. 2.11

    déantáin fhiúntacha, phraiticiúla, tharraingteacha a tháirgeadh  

  4. 2.12

    déantán a chruthú tar éis cúinsí ar nós ábhar, costais, acmhainní ama agus scileanna a mheas

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Comhshaol agus inbhuanaitheacht
  1. 2.13

    tionchair chomhshaoil agus shóisialta na gcinntí dearaidh a aithint

  2. 2.14

    iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi le húsáid ábhair a íoslaghdú agus dramhaíl a bhainistiú. 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Pleanáil agus bainistiú
  1. 3.1

    speiceas coitianta crainn a aithint

  2. 3.2

    meastóireacht a dhéanamh ar shaintréithe agus airíonna speicis choitianta crainn

  3. 3.3

    na hairíonna a bhaineann le raon ábhar a bhaineann le Teicneolaíocht Adhmaid a thuiscint

  4. 3.4

    meastóireacht a dhéanamh ar úsáid adhmaid i gcomparáid le hábhair eile

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Cumarsáid
  1. 3.5

    na hairíonna a bhaineann le haicmiú adhmaid a mhíniú

  2. 3.6

    úsáid adhmaid i gcomparáid le hábhair eile a phlé

  3. 3.7

    úsáid ábhar bunaithe ar thréithe agus airíonna laistigh de chomhthéacs a chosaint 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Cruthú
  1. 3.8

    úsáid a bhaint as aeistéitic agus airíonna nádúrtha adhmaid chun cuma agus feidhm déantáin a fheabhsú

  2. 3.9

    déantán a chruthú a léiríonn tuiscint ar na hairíonna a bhaineann le raon ábhar a bhaineann le Teicneolaíocht Adhmaid a thuiscint

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Comhshaol agus inbhuanaitheacht
  1. 3.10

    léirthuiscint a fhorbairt do ról an fhoraoisithe agus an adhmaid i dtéarmaí na héiceolaíochta agus inbhuanaitheachta áitiúla agus domhanda

  2. 3.11

    iniúchadh a dhéanamh ar turas adhmaid, ón bhforaois go dtí an úsáid deiridh 

  3. 3.12

    an tionchar a bhíonn ar an gcomhshaol nádúrtha nuair a bhíonn ábhair á bhfoinsiú a mheas

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.