Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú agus tuairisciú

Baineann measúnú san oideachas le heolas faoi phróisis agus faoi thorthaí na foghlama a bhailiú, a léirmhíniú agus a úsáid. Tá cineálacha éagsúla ann agus is féidir é a úsáid ar bhealaí éagsúla, amhail gnóthachtáil a thaifeadadh agus a thuairisciú, na bealaí cuí chun foghlaimeoirí a thabhairt trí churaclam difreálach a shocrú, nó chun réimsí deacrachta nó láidreachta ar leith d’fhoghlaimeoir áirithe a shainaithint. Cé gur féidir teicnící difriúla a úsáid chun measúnú foirmitheach, diagnóiseach agus suimitheach a dhéanamh, dírítear an measúnú agus an tuairisciú ar fhoghlaim an scoláire a fheabhsú. Chuige sin, ní mór go léireodh sé aidhm an churaclaim go hiomlán.

Leagann an tsraith shóisearach an-bhéim ar mheasúnú mar chuid den phróiseas foghlama. Sa chur chuige sin, teastaíonn éagsúlacht sa mheasúnú chun a chinntiú go mbíonn an modh nó na modhanna measúnaithe a roghnaítear oiriúnach don fheidhm, tráthúil agus ábhartha don scoláire. Sa mheasúnú i dTeicneolaíocht Adhmaid na sraithe sóisearaí, tapófar an deis don scoláire a bheith in rannpháirtí machnamhach agus gníomhach ina chuid foghlama féin agus an deis dá réir a bheidh ag múinteoirí tacú leis sin. Is féidir an méid sin a bhaint amach ach deiseanna a sholáthar don scoláire chun dul i ngleic leis na critéir ratha faoina ndéanfar caighdeán a chuid oibre a mheas trí phiarmheasúnú, trí fhéinmheasúnú agus trí mheasúnú múinteora; agus aiseolas dírithe ar ardchaighdeán a chur ar fáil mar thacaíocht dá fhoghlaim.

Gné an-tábhachtach den mheasúnú ardchaighdeáin is ea aiseolas dírithe a thabhairt don scoláire ar a chuid foghlama agus is toisc lárnach í maidir le cumas an scoláire a fhorbairt chun a chuid foghlama féin a bhainistiú agus leis an scoláire a ghríosú le cloí le tasc casta nó le fadhb chasta. Is éifeachtaí an measúnú nuair a théann sé níos faide ná marcanna agus gráid, agus díríonn an tuairisciú ní amháin ar mar a d’éirigh leis an scoláire roimhe sin ach freisin ar na chéad chéimeanna eile le haghaidh na foghlama amach anseo. Cinnteoidh an cur chuige sin go ndéanfar an measúnú chomh gar don phointe foghlama agus is féidir. Beidh ról tábhachtach ag an measúnú deiridh go fóill ach níl ann ach gné amháin de chur chuige níos leithne i leith an mheasúnaithe.

Go bunúsach, is é cuspóir an mheasúnaithe agus an tuairiscithe ag an gcéim seo den oideachas tacú leis an bhfoghlaim. Ba chóir léargas cuimsitheach ar fhoghlaim an scoláire a thabhairt do thuismitheoirí/chaomhnóirí. Mar go nascfar an measúnú ranga agus measúnú eile le córas nua tuairiscithe, arb é bronnadh Phróifíl Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí a bhuaicphointe, tabharfaidh sé léargas leathan soiléir do thuismitheoirí/chaomhnóirí ar thuras foghlama a bpáiste thar thrí bliana na sraithe sóisearaí. Chun tacú leis sin, beidh teacht ag múinteoirí agus ag scoileanna ar ábhar tacaíochta measúnaithe atá ar fáil ar líne. I dteannta an treoirleabhair faoin bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMÁ), dírítear ar ábhar tacaíochta foghlama, teagaisc agus measúnaithe lena n-áirítear:

  • measúnú foirmitheach 
  • pleanáil le haghaidh measúnú agus é a dhearadh 
  • measúnuithe leanúnacha le húsáid sa seomra ranga 
  • breithiúnas a thabhairt ar obair an scoláire – ag breathnú ar ionchais maidir le scoláirí agus ar ghnéithe cáilíochta 
  • tuairisciú do thuismitheoirí agus don scoláire 
  • smaoineamh faoin measúnú: smaointe, taighde agus machnamh 
  • gluais. 

Áireofar san ábhar tacaíochta ar líne an réimse tacaí measúnaithe, comhairle agus treoirlínte a chuireann ar chumas scoileanna agus múinteoirí tabhairt faoin gcóras nua measúnaithe agus faoi na socruithe tuairiscithe ar bhealach eolach, le muinín agus le cinnteacht.

Cuimseoidh an measúnú ar an Teicneolaíocht Adhmaid le haghaidh Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí na gnéithe seo a leanas:

  • dhá Mheasúnú Rangbhunaithe: Eolaíocht adhmaid inár dtimpeallacht, agus Féin-anailís agus measúnú
  • tionscadal 
  • scrúdú scríofa.

 

Measúnú Rangbhunaithe 1: Eolaíocht adhmaid inár dtimpeallacht  Taifeadtar breithiúnas an mhúinteora ar mhaithe le hathbhreithniú ar fhoghlaim agus ar mheasúnú ábhair, agus ar mhaithe le tuairisciú na scoile do thuismitheoirí agus don scoláire.
Measúnú Rangbhunaithe 2: Féin-anailís agus measúnú Taifeadtar breithiúnas an mhúinteora ar mhaithe le hathbhreithniú ar fhoghlaim agus ar mheasúnú ábhair, agus ar mhaithe le tuairisciú na scoile do thuismitheoirí agus don scoláire.
Tionscadal (70%) Sonróidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit na treoracha gach bliain. Is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit a dhéanfaidh an páipéar seo a mharcáil.
Scrúdú scríofa (30%) Is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit a dhéanfaidh an páipéar seo a leagan amach agus a mharcáil.

Is ionann na Measúnuithe Rangbhunaithe agus tráth a ndéanann an múinteoir measúnú ar an scoláire sna measúnuithe sonracha a leagtar amach sa tsonraíocht. Tá na Measúnuithe Rangbhunaithe cosúil leis an measúnú foirmitheach a tharlaíonn gach lá i ngach ceacht. Mar sin féin, i gcás na Measúnuithe Rangbhunaithe, breactar síos breithiúnas an mhúinteora ar mhaithe le hathbhreithniú ar fhoghlaim agus ar mheasúnú ábhair, agus ar mhaithe le tuairisciú na scoile do thuismitheoirí agus don scoláire. 
Thar thrí bliana na sraithe sóisearaí, tabharfar deiseanna don scoláire chun a fhiosracht agus a spéis sa Teicneolaíocht Adhmaid a spreagadh. Tá nasc idir na Measúnuithe Rangbhunaithe agus na tosaíochtaí don fhoghlaim agus don teagasc sa Teicneolaíocht Adhmaid. Tá sé i gceist go nglacfaidh an scoláire páirt i dtaithí foghlama phraiticiúil agus bharántúil tríd na Measúnuithe Rangbhunaithe.
Tabharfaidh na Measúnuithe Rangbhunaithe na deiseanna seo a leanas don scoláire: 

  • aighde a dhéanamh ar fhaisnéis ag baint úsáid as réimse modhanna
  • anailís a dhéanamh ar shonraí agus ar fhianaise chun breithiúnais luachála agus cinntí eolacha a dhéanamh
  • faisnéis a eagrú agus pleanáil go loighciúil
  • cumarsáid a dhéanamh go soiléir agus go héifeachtach
  • comhoibriú le daoine eile ar thascanna

machnamh a dhéanamh ar an méid a chuireann sé leis an obair agus ar a chuid foghlama féin.
Tríd na Measúnuithe Rangbhunaithe sin, forbróidh sé a chuid eolais, tuisceana, scileanna agus luachanna, agus ar an mbealach sin bainfidh sé amach na torthaí foghlama ar fud na snáitheanna. 

Ceaptar an Measúnú Rangbhunaithe seo chun cleachtas an taighde a spreagadh don scoláire. Tugann sé deis don scoláire a chuid scileanna taighde a fhorbairt ar bhonn aonair nó go comhoibríoch agus a chuid torthaí a chur in iúl. Tá an Measúnú Rangbhunaithe dírithe go príomha ar an snáithe Eolaíocht agus ábhair adhmaid ach is féidir leis foghlaim ó na snáitheanna eile a chuimsiú freisin. Fiosróidh an scoláire saincheist a bhaineann le heolaíocht adhmaid laistigh de chomhthéacs áitiúil/domhanda. Déanfaidh sé anailís ar an bhfaisnéis/sonraí a bhailítear, déanfaidh sé an anailís sin a mheas agus cuirfidh sé torthaí a chuid taighde ar an tsaincheist iniúchta i láthair, le tacaíocht/treoir ón múinteoir. Tá sé tábhachtach go gcothaítear meon fiosrach sa scoláire, ach ligean dó turgnaimh a dhéanamh, agus é a spreagadh le deiseanna nua agus dúshlánacha a fhiosrú agus machnamh a dhéanamh ar an bpróiseas.
Is féidir leis an scoláire a chuid torthaí a chur in iúl trí mheáin chuí ar bith.

The student can communicate their findings through any appropriate media.

Maidir leis an Measúnú Rangbhunaithe seo, déanfaidh an scoláire, leis féin, anailís ar an obair chúrsa a rinne sé agus ar na scileanna atá aige go dtí seo sa Teicneolaíocht Adhmaid. Díreoidh an scoláire an anailís agus an measúnú ar réimse tascanna a rinneadh nó ar thasc ar leith. Beifear ag súil go ndéanfadh an scoláire athbhreithniú criticiúil ar an dul chun cinn a rinne sé agus go sainaithneodh sé réimsí ina bhfuil sé láidir agus réimsí arbh fhéidir leis feabhas a chur orthu, ag féachaint le bonn eolais a chur faoin bpleanáil agus na cinntí a dhéanfaidh sé don tionscadal. Déanfaidh an scoil an measúnú foirmitheach seo a bhaineann leis an bpróiseas a thuairisciú don scoláire agus don tuismitheoir/chaomhnóir faoi mar a dhéantar leis na Measúnuithe Rangbhunaithe uile.
Ceaptar an Measúnú Rangbhunaithe seo chun cleachtas an fhéinmheasúnaithe a spreagadh síos tríd an bpróiseas, seachas nuair a chríochnófar an tasc. Nuair a bheidh an fhéinanailís déanta ag an scoláire, ní mór dó an anailís a léirmhíniú agus na torthaí a mheasúnú mar threoir chuiditheach don tionscadal a bheidh le déanamh go luath.
Féadfaidh an scoláire meáin oiriúnacha ar bith a úsáid chun an bpróiseas féinanailíse agus measúnaithe a chur in iúl.

This Classroom-Based Assessment is designed to encourage the practice of self-evaluation throughout, rather than only on completion of a task. Once the student conducts the self-analysis, they must interpret their analysis and evaluate their findings to offer constructive direction for the upcoming project.

The student can communicate the self-analysis and evaluation process through any appropriate media.

Beidh sonraí níos mine ar fáil i dTreoirlínte Measúnaithe ar leith maidir leis an measúnú ar na Measúnuithe Rangbhunaithe. Cuimseoidh sé sin, mar shampla, an fad agus na leaganacha amach a mholtar le haghaidh phíosaí oibre an scoláire, na gnéithe cáilíochta le cur i bhfeidhm i dtaca leis an measúnú, agus tacaíocht maidir le breithiúnas ‘ar an iomlán’ a dhéanamh i ndáil leis na gnéithe cáilíochta. 
Beidh ábhar cuimsitheach acmhainne ar fáil faoin rannóg measúnaithe ar www.ncca.ie. Féadfar an t-ábhar sin a úsáid agus tagairt a dhéanamh dó sa mheasúnú ranga a dhéantar ar an Teicneolaíocht Adhmaid sa tsraith shóisearach. Lena chois sin tabharfar samplaí d’obair scoláirí agus treoir don phróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair.

Tacaíonn na gnéithe cáilíochta le breithiúnas an scoláire agus an mhúinteora ar na Measúnuithe Rangbhunaithe agus is iad na critéir iad a úsáidfidh an múinteoir chun píosaí oibre an scoláire a mheas. Cuirfear na gnéithe cáilíochta do na Measúnuithe Rangbhunaithe ar fáil sna Treoirlínte Measúnaithe.

Ach na Measúnuithe Rangbhunaithe a chur i gcrích, tugann an scoláire faoi thionscadal mar chuid dá mheasúnú deireadh. Déantar an tionscadal tar éis an dara Measúnú Rangbhunaithe sa tríú bliain. Is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit a dhéanann an treoir don tionscadal a shonrú agus an tionscadal a mharcáil.

Tabharfaidh an scoláire faoi scrúdú scríofa a mhairfidh 90 nóiméad: 

  • Beidh an scrúdú ar siúl ag deireadh an tríú bliain agus is scrúdú ar leibhéal comónta a bheidh ann.
  • Is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit a dhéanfaidh an scrúdú a leagan amach agus a mharcáil.

Tá lamháil sa tsonraíocht seo le haghaidh cleachtais mheasúnaithe chuimsithigh, mar chuid de mheasúnú leanúnach nó mar Mheasúnuithe Rangbhunaithe. Sa chás go meastar i scoil go bhfuil sainriachtanas fisiciúil nó foghlama ag scoláire, is féidir oiriúntais réasúnta a chur i bhfeidhm chun tionchar an mhíchumais ar fheidhmiú an scoláire i Measúnuithe Rangbhunaithe a laghdú, a oiread agus is féidir. Ba chóir go mbeadh na hoiriúntais, m.sh. an tacaíocht a thugann Cúntóir Riachtanas Speisialta nó tacaíocht teicneolaíochtaí cúntacha, ag teacht leis na socruithe a chuir an scoil i bhfeidhm chun tacú le foghlaim an scoláire i rith na scoilbhliana.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.