Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Amharc-ealaín agus Príomhscileanna

Sa bhreis ar eolas sainiúil cothaíonn ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna chun raon príomhscileanna a fhorbairt. Tá féidearthachtaí ann tacú leis na príomhscileanna go léir le linn an chúrsa seo ach tá cuid díobh fíorthábhachtach. Leagtar amach na hocht bpríomhscil go mion i bPríomhscileanna na Sraithe Sóisearaí

An phríomhscil Sampla de ghné na príomhscile Samplaí de ghníomhaíochtaí foghlama gaolmhara an scoláire
A bheith cruthaitheach Roghanna a fhiosrú Faigheann an scoláire taithí ar phróisis amharc-ealaíne ar nós breathnú, samhlú, déanamh agus iniúchadh, agus baineann sé triail astu, trí raon leathan meán lena n-áirítear modhanna digiteacha.
A bheith liteartha Smaointe a chur in iúl go soiléir agus le cruinneas Taispeánfaidh an scoláire, trí chomhráite, trí phléití agus trí chuir i láthair faoina shaothar féin nó faoi shaothar daoine eile go dtuigeann agus go léirmhíníonn sé na próisis ealaíne lena mbaineann.
A bheith uimheartha Meon dearfach a fhorbairt i leith iniúchta, réasúnaíochta agus réiteach fadhbanna Forbraíonn an scoláire a smaointe agus a shaothar trí úsáid a bhaint as a eolas agus as a scileanna agus a thaithí phearsanta m.sh. ábhar a thomhas agus a mheas le haghaidh saothar trí thoiseach.
Cumarsáid Taibhiú agus cur i láthair Cuireann an scoláire i láthair réimse fiosruithe óna shaothar a dhéanann an cur síos is fearr agus a thacaíonn lena smaointe agus lena shaothar críochnaithe ar réimse bealaí, m.sh. taispeántas, suiteáil, ealaín taibhithe, r-Phunann, bloc sceitseála Amharc-ealaíne.
Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú Smaoineamh go cruthaitheach agus go criticiúil   Trí líníocht bhreathnaitheach, foghlaimíonn an scoláire chun na rudaí a fheiceann sé a thaifeadadh agus a anailísiú, mar chríoch ann féin nó le húsáid i bhforbairt saothair.
Mé féin a bhainistiú A bheith in ann machnamh a dhéanamh ar mo chuid foghlama féin Trína shaothar féin a fhorbairt, déanann an scoláire machnamh ar a roghanna agus ar a chinntí ealaíonta tráth a chruthaítear an saothar agus ag deireadh an phróisis féin.
Fanacht folláin A bheith slán Féadfaidh an scoláire, sa spás sábháilte sa rang ealaíne, inneachar, uirlisí agus ábhar cuí a mhíniú, a úsáid agus a thuiscint ar bhealach eiticiúil agus freagrach.
Obair le daoine eile Ag cuidiú le háit níos fearr a dhéanamh den domhan Ag oibriú go comhoibríoch i gcomhthéacs cultúrtha agus le baill an phobail i gcoitinne, úsáideann an scoláire a scileanna ealaíonta chun na spásanna ina gcónaíonn sé a fheabhsú do gach duine.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.