Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Na ráitis foghlama

An ráiteas Samplaí d’fhoghlaim ábhartha
RF 3: Déanann an scoláire réimse leathan téacsanna a chruthú, a mheas agus a léirmhíniú go criticiúil. Taispeánfaidh an scoláire a eolas agus a thuiscint ar an gcultúr amhairc chun a ról i bhforbairt a shaothair ealaíne, ceardaíochta nó dearaidh féin nó saothar daoine eile a chruthú agus critíc a dhéanamh air.
RF 4: Cruthaíonn agus cuireann an scoláire i láthair saothair ealaíonta agus tuigeann sé/sí an próiseas agus na scileanna atá i gceist. Cruthóidh an scoláire píosaí ealaíne, ceardaíochta agus dearaidh críochnaithe a ghabhfaidh agus a chuirfidh i láthair na próisis agus na cinntí a rinne sé trína bhloc sceitseála Amharc-ealaíne.
RF 8: Tá meas ag an scoláire ar an oidhreacht áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus tuigeann sé/sí an tábhacht atá ag an ngaol idir eachtraí atá thart agus eachtraí reatha, agus tábhacht na bhfórsaí is cúis le hathrú. Taispeánfaidh an scoláire trína smaointe cruthaitheacha agus trína shaothar cruthaitheach féin, gur féidir a shaothar Amharc-ealaíne a úsáid chun riachtanais, dóchais agus idéalacha a phobail níos leithne nó na sochaí ina hiomláine a léiriú.
RF 20: Úsáideann an scoláire teicneolaíochtaí cuí chun dul i ngleic le dúshlán deartha. Déanfaidh an scoláire cinneadh faoin úsáid a bhainfidh sé as na teicneolaíochtaí traidisiúnta nó nua-aimseartha nó as na meáin nua ina shaothar bunaithe ar a thaithí foghlama agus beidh sé in ann an úsáid sin a chosaint.
RF 21: Cuireann an scoláire scileanna praiticiúla i bhfeidhm de réir mar a fhorbraíonn sé/sí múnlaí agus táirgí ag baint úsáide as ábhair agus as teicneolaíochtaí éagsúla. Taispeánfaidh an scoláire gabháil agus forbairt a scileanna ealaíonta pearsanta féin trína líníochtaí, trína phróisis agus trína shaothair chríochnaithe ealaíne, cheardaíochta agus dhearaidh.
RF 23: Tógann an scoláire smaoineamh ar aghaidh ó cheapadh go réadú. Taispeánfaidh an scoláire gur féidir leis próisis agus modheolaíochtaí difriúla a thuiscint agus a chur i bhfeidhm agus saothair ealaíne, píosaí ceardaíochta agus réitigh dearaidh chríochnaithe á gcruthú.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.