Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Aidhm

Tá sé mar aidhm ag Amharc-ealaín na sraithe sóisearaí sraith meon agus cáilíochtaí pearsanta a thabhairt don scoláire mar aon le scileanna agus próisis agus tuiscint aeistéitiúil.

Trí rannpháirtíocht phraiticiúil i réimsí na healaíne, na ceardaíochta agus an dearaidh, forbróidh an scoláire féinmhuinín, fiosracht, samhlaíocht agus cruthaitheacht. Forbróidh sé chomh maith cumais bharántúla an tsaoil seo i réiteach fadhbanna agus aon cumas le hoibriú, thar am, mar dhuine aonair agus i ngrúpaí, ar dhearadh agus ar chur i gcrích tascanna ealaíonta agus aeistéitiúla.
Sa spás sábháilte sa rang ealaíne, gheobhaidh an scoláire taithí ar na próisis bharántúla a bhaineann le hamharc-ealaín a shamhlú, a iniúchadh, a thriail, a dhéanamh, a thaispeáint agus a mheasúnú. Teipfidh air uaireanta, agus foghlaimeoidh sé gur taithí foghlama an-dearfach a bhíonn sa teipeadh go minic. Forbróidh an scoláire an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint atá riachtanach chun saothar barántúil agus bunaidh ealaíne, ceardaíochta agus dearaidh a tháirgeadh agus chun dul i ngleic leis. Trína dhéanamh sin, tosóidh sé ag forbairt na litearthachta amhairc, na scileanna criticiúla agus na teanga atá riachtanach le dul i ngleic leis an gcultúr comhaimseartha. Cuirfidh sé seo tuilleadh le tuiscint an scoláire ar róil shaibhre agus éagsúla na healaíne, na ceardaíochta agus an dearaidh i sochaithe agus i gcultúir idir stairiúil agus chomhaimseartha.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.