Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Cúrsa

Díríonn sonraíocht Amharc-ealaíne na sraithe sóisearaí ar rannpháirtíocht phraiticiúil agus chognaíoch an scoláire san ealaín. Beidh ar chumas an scoláire a scileanna a fheabhsú de réir a chéile mar ealaíontóir/cheardaí/dhearthóir i spás atá sábháilte dó chun smaointe agus próisis éagsúla a fhiosrú go cruthaitheach agus go samhlaíoch. Is féidir é seo a bhaint amach trí shnáithe idirnasctha na ndisciplíní ealaíne, ceardaíochta agus dearaidh. Déanfaidh an scoláire foghlaim i ngach ceann de na trí shnáithe seo de réir mar a théann sé ar aghaidh trína shraith shóisearach.

Is é is ealaín, nó mínealaín ann, scil chruthaitheach a chur in iúl i bhfoirm amhairc. Leagtar béim ar smaointe, ar mhothúcháin agus ar cháilíochtaí amhairc trí scil shamhlaíoch agus/nó theicniúil. Seachas saothair ealaíne a chruthú, cuimsíonn mínealaín chomh maith staidéar na healaíne trí léirthuiscint agus plé criticiúil.

Is é is ceardaíocht ann, cur i bhfeidhm réimse eolais agus scileanna ealaíne ar leith chun déantúsáin a bhfuil fiúntas aeistéitiúil leo a tháirgeadh. Le béim ar phróisis agus ábhar, d’fhéadfadh na déantúsáin a chruthaítear an cheardaíocht thraidisiúnta nó cur chuige níos aonaraí ón gceardaí a léiriú.

Is é is dearadh ann, an próiseas a bhaineann le pleanáil, réiteach fadhbanna agus cruthú. Is féidir leis a bheith ina fhreagra ar achoimriú, gá nó cás ar leith. Úsáidtear íomhánna agus gnéithe amhairc foirmiúla chun teachtaireachtaí agus smaointe a chur in iúl le béim ar phróiseas pleanála, ar réiteach fadhbanna agus ar chur i gcrích, le líníocht mar bhealach le smaoineamh.

Cé go leagtar amach na torthaí foghlama a bhaineann le gach snáithe astu féin sa tsonraíocht seo, níor chóir go dtuigfí as sin go bhfuil staidéar le déanamh ar na snáitheanna ina n-aonar. Is cuid de rannpháirtíocht agus d’fhoghlaim an scoláire í a thaithí ar ealaín, ar cheardaíocht agus ar dhearadh agus iad comhtháite go hiomlán ina chéile. Chun níos mó béime arís a chur ar shaintréith chomhtháite na foghlama, cuirtear torthaí gach snáithe i ngrúpaí ach tagairt a dhéanamh do chúig ghné:

  • Teanga chriticiúil agus amhairc
  • Líníocht
  • Cultúr agus léirthuiscint amhairc
  • Na gnéithe ealaíne agus na prionsabail deartha
  • Meáin

Díríonn gach gné ar shealbhú eolais, scileanna agus luachanna nua. De réir mar a théann an scoláire chun cinn trí na snáitheanna uile, tiocfaidh forbairt chórasach ar a chuid eolas bunúsach, ar a phrionsabail agus ar a luachanna, lena n-áirítear na príomhscileanna trí gach ceann de na gnéithe seo.

Úsáideann an scoláire teanga chriticiúil agus amhairc chun saothar ealaíne a phlé, a thuiscint agus a mheas, cibé ar leis féin nó le scoláire eile é. Ceadaíonn sé don scoláire íomhánna a fhiosrú ar bhealach níos iomláine agus níos machnamhaí. Féadfaidh an scoláire teanga chriticiúil agus amhairc a úsáid chun a smaointe a chur in iúl don mhúinteoir, do scoláirí eile nó don phobal i gcoitinne. Mar gheall ar chumas an scoláire lena húsáid, bíonn leibhéal níos airde inniúlachta agus muiníne aige nuair a fhreagraíonn sé do chultúr amhairc an domhain chomhaimseartha nó stairiúil agus do thimpeallachtaí nádúrtha agus tógtha agus nuair a théann sé i ngleic leo.

Is í an Líníocht an teanga bhunúsach atá lárnach i ngach gníomhaíocht a dhéanann an scoláire sna trí shnáithe, ealaín, ceardaíocht agus dearadh. Tá sé ríthábhachtach i gcomhair fiosrúcháin, cur in iúl, cur síos agus chun faisnéis amhairc a chur in iúl. Tá sé tábhachtach go mbeadh taithí ag an scoláire ar líníocht ó bhreathnú, lena n-áirítear bunfhoinsí agus líníocht ón mbeo agus líníocht thrialach agus shamhlaíoch, mar aon le smaointe a fhorbairt trí mhodhanna 2T, 3T nó digiteacha. Foirm ealaíne ann féin is ea an líníocht. Caithfidh an scoláire a scileanna líníochta a úsáid agus a fhorbairt thar thrí bliana na sraithe sóisearaí.

Aithnítear i gCultúr agus léirthuiscint amhairc gur áit níos físiúla atá sa domhan nua-aimseartha anois, a chuimsíonn réimse leathan spreagthaí amhairc cosúil le hailtireacht agus dearadh uirbeach, fógraíocht, meáin nua, an t-idirlíon, mínealaín, ceardaíocht, dearadh, grianghrafadóireacht, faisean agus neart eile nach iad. Léitear leideanna neamh-théacsbhunaithe agus íomhánna go físiúil ag ráta i bhfad níos tapúla ná teachtaireachtaí téacsbhunaithe. Uaireanta, leis an méid íomhánna atá mórthimpeall air, ní mór don scoláire na teachtaireachtaí amhairc sin a thuiscint agus a dhíchódú, mar aon le cultúr amhairc sochaithe eile. Caithfear an t-eolas agus an tuiscint sin a chur in iúl trí ghnáth-theanga an scoláire a úsáid mar aon leis an teanga chriticiúil agus amhairc a bhaineann leis na trí snáithe, ealaín, ceardaíocht agus dearadh.

Is iad Gnéithe ealaíne agus prionsabail deartha na bloic thógála ar a dtógtar aon saothar ealaíne a chruthóidh an scoláire. Is féidir a gcur i bhfeidhm i saothar 2T, 3T nó digiteach a anailísiú trína n-úsáid a mheas go cnuasaitheach nó astu féin. Áirítear leis na gnéithe ealaíne, an ponc, dath, líne, cruth, ton, uigeacht agus patrún. Áirítear leis na prionsabail deartha cothromaíocht, teannas, siméadracht, armóin, solas, spás, scála agus codarsnacht.

Is gné thábhachtach iad úsáid agus rogha meán a thrasnaíonn na trí shnáithe, ealaín, ceardaíocht agus dearadh. Úsáidtear meáin chun idirghníomhú, cruthú, nascadh agus cumarsáid a dhéanamh le daoine eile. Sa saothar, a chruthóidh an scoláire, is féidir leis uirlisí agus modhanna traidisiúnta a úsáid nó bealaí nua, comhaimseartha nó digiteacha. Féadfar eolas ar theicneolaíochtaí nó ar phróisis a chuimsiú i meáin chomh maith.

Dearadh sonraíocht na hAmharc-ealaíne le cuidiú leis an múinteoir taithí foghlama a phleanáil don scoláire agus le cur ar chumas an scoláire eolas, scileanna, tuiscint, luachanna aeistéitiúla agus meon a fhorbairt chomh maith le cuidiú leis úinéireacht a ghlacadh ar a fhoghlaim. Is próiseas í an Amharc-ealaín go príomha agus dá réir sin baineann sí leis an scoláire ar fad ag cuimsiú a léargais, a aestéitidil agus a fháis phearsanta. De réir mar a fhaigheann an scoláire taithí trína fhoghlaim agus trí shaothar a chruthú i dtrí shnáithe ar leith na healaíne, na ceardaíochta agus an dearaidh, beidh a scileanna criticiúla agus aeistéitiúla á bhforbairt aige. Tríd na scileanna sin, agus trí dheiseanna eile a pleanálfaidh an múinteoir, neartófar tuilleadh naisc idirnasctha na gcúig ghné thrasghearrtha.

Baineann cuid de thaithí foghlama an scoláire in Amharc-ealaín thar thrí bliana na sraithe sóisearaí le tuiscint a fhorbairt ar chúrsaí aeistéitice agus ar úsáid na ngnéithe ealaíne agus na bprionsabal deartha ina shaothar féin mar aon le bheith in ann iad sin a anailísiú i saothar daoine eile. De réir mar a fhorbraíonn an scoláire a scil trí leas a bhaint as próisis agus as meáin dhifriúla agus ina chur chuige i leith saothar curtha i gcrích a chruthú i ngach ceann de na trí shnáithe, foghlaimeoidh sé chomh maith le triail a bhaint as meáin oiriúnacha agus déanfaidh sé cinneadh maidir leo, cibé comhaimseartha nó traidisiúnta. Trína fheiceáil nach seasann an domhan gan bogadh, beidh ar chumas an scoláire chomh maith a fheiceáil nach seasann na modhanna a úsáideann ealaíontóirí/ceardaithe/dearthóirí/ailtirí lena cheistiú agus le freagairt dó. Beidh ar chumas an scoláire chomh maith taithí a fháil ar na trí shnáithe, ealaín, ceardaíocht agus dearadh, trí na meáin dhigiteacha agus nua a úsáid.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.