Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Ionchais maidir le scoláirí

Is scáth-théarma é ionchais maidir le scoláirí a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte de shaothar scoláirí i sonraíocht an ábhair nó an ghearrchúrsa. Nuair a bheidh múinteoirí, scoláirí nó tuismitheoirí ag scrollú síos trí na torthaí foghlama, beidh nasc ar fáil uaireanta le samplaí oibre a bhaineann le toradh foghlama ar leith nó le grúpa de thorthaí foghlama. Roghnófar na samplaí de shaothar scoláirí chun ionchais a léiriú agus beidh tráchtanna múinteoirí leo. Cuimseoidh na samplaí seo obair   

  • atá thar barr ar fad
  • atá os cionn na n-ionchas
  • atá ag teacht leis na hionchais.

Is é an cuspóir atá leis na samplaí de shaothar scoláirí go dtaispeánfar iontu a oiread atá na torthaí foghlama á mbaint amach i bhfíorchásanna. Cuirfear samplaí anótáilte de shaothar scoláirí a d’anótáil múinteoirí leis an tsonraíocht.

Torthaí foghlama
Is ráitis iad na torthaí foghlama a chuireann síos ar an tuiscint, ar na scileanna agus ar na luachanna ba chóir do scoláirí a bheith ábalta a thaispeáint i ndiaidh tréimhse foghlama. Cuirtear Amharc-ealaín na sraithe sóisearaí ar fáil ag leibhéal comónta. Tabharfaidh na samplaí de shaothar scoláirí atá nasctha leis na torthaí foghlama idir thráchtanna agus léargais a thacaíonn le difreáil. Baineann na torthaí foghlama a leagtar amach sna táblaí seo a leanas le gach scoláire. Faoi mar atá siad leagtha amach anseo léiríonn siad torthaí don scoláire ag deireadh na dtrí bliana staidéir. Is le haghaidh trí bliana atá na torthaí foghlama agus dá bhrí sin, cé nach mbeidh torthaí foghlama a ndírítear orthu ag pointe ama ar leith ‘curtha i gcrích’ fós, leanfaidh siad orthu ag tacú le foghlaim an scoláire in Amharc-ealaín go dtí deireadh na sraithe sóisearaí.

Chun cabhrú le múinteoirí, le tuismitheoirí agus le scoláirí na torthaí foghlama a fhiosrú, tá gluais de na briathra gnímh a úsáidtear sa tsonraíocht le fáil in Aguisín D. Tá uimhir le gach toradh laistigh de gach snáithe. Tá sé i gceist go gcabhródh an t-uimhriú le pleanáil an mhúinteora agus ní sheasann sé d’ordlathas tábhachta ar bith trasna na dtorthaí iad féin, ná níltear ag moladh iontu ord inar chóir na torthaí foghlama a fhorbairt sa seomra ranga.

 

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Teanga chriticiúil agus amhairc
  1. 1.1

    anailís a dhéanamh ar a chuid oibre, nó ar obair duine eile, leis an bhfoclóir agus leis an eolas cuí

  2. 1.2

    freagairt do shaothar ealaíne le teanga chriticiúil agus amhairc

  3. 1.3

    critíc a dhéanamh ar shaothar ealaíne le teanga chriticiúil agus amhairc

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Líníocht
  1. 1.4

    taispeáint conas a úsáideann sé líníocht chun an fhíor dhaonna agus an domhan mórthimpeall air a bhreathnú, a thaifeadadh agus a anailísiú

  2. 1.5

    an domhan a léirmhíniú agus smaointe a chur in iúl trí mhodh amhairc

  3. 1.6

    líníochtaí a úsáid chun a dhearcadh nó a thuiscint phearsanta a chur in iúl

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Cultúr agus léirthuiscint amhairc
  1. 1.7

    modh roinnt ealaíontóirí agus an saothar ealaíne a chruthaigh siad a scrúdú

  2. 1.8

    samplaí den amharc-ealaín stairiúil agus chomhaimseartha a phlé

  3. 1.9

    díospóireacht a dhéanamh maidir leis an luach a chuireann sé féin agus an tsochaí ar shaothar ealaíne

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Gnéithe ealaíne agus prionsabail deartha
  1. 1.10

    úsáid gnéithe ealaíne agus prionsabail deartha i saothar ealaíne a shainaithint

  2. 1.11

    úsáid na ngnéithe ealaíne agus na bprionsabal deartha ina shaothar ealaíne féin a mheas

  3. 1.12

    a thuiscint ar na gnéithe ealaíne agus ar na prionsabail deartha a chur i bhfeidhm chun saothar ealaíne a dhéanamh

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
5 Meáin
  1. 1.13

    meáin a úsáidtear chun saothar ealaíne a chruthú, a shainaithint

  2. 1.14

    meáin a úsáid chun a shaothar ealaíne féin a chruthú

  3. 1.15

    léirmheas a dhéanamh ar an rogha meán ina shaothar féin nó i saothar daoine eile.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Teanga chriticiúil agus amhairc
  1. 2.1

    teanga chriticiúil agus amhairc a bhaineann le cineál ceardaíochta amháin nó níos mó a shainaithint agus a úsáid

  2. 2.2

    smaointe a dhiancheistiú agus a chur in iúl faoi cheardaíocht dhifriúil le teanga chriticiúil agus amhairc

  3. 2.3

    machnamh a dhéanamh ar a obair cheardaíochta féin nó ar obair cheardaíochta daoine eile le teanga chriticiúil agus amhairc

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Líníocht
  1. 2.4

    a thaispeáint gur féidir leis a líníochtaí a úsáid le breathnú, le taifeadadh agus le hanailísiú

  2. 2.5

    a smaointe i gcomhair obair cheardaíochta a fhorbairt trí líníocht

  3. 2.6

    iniúchadh a dhéanamh ar a chur chuige pearsanta féin i leith obair cheardaíochta ach líníocht agus déanamh mairc a chur i bhfeidhm go teicniúil agus go cruthaitheach

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Cultúr agus léirthuiscint amhairc
  1. 2.7

    na scileanna agus na hábhair stairiúla nó chomhaimseartha a úsáidtear i saothair cheardaíochta ó roinnt ceardaíocht dhifriúil a shainaithint

  2. 2.8

    scéal, siombailí agus feidhmeanna a úsáidtear in obair cheardaíochta óna chultúr féin agus ó chultúir eile ar fud an domhain a léirmhíniú

  3. 2.9

    measúnú a dhéanamh ar thagairtí an chultúir amhairc a chuimsítear in obair cheardaíochta

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Gnéithe ealaíne agus prionsabail deartha
  1. 2.10

    cur síos a dhéanamh ar ghnéithe ealaíne agus ar na prionsabail deartha de réir mar a úsáidtear iad i roinnt ceardaíocht dhifriúil

  2. 2.11

    taighde a dhéanamh ar úsáid gnéithe ealaíne agus prionsabail deartha in obair cheardaíochta stairiúil agus chomhaimseartha óna chultúr féin agus ó chultúir eile

  3. 2.12

    úsáid gnéithe ealaíne agus prionsabail deartha ina obair cheardaíochta féin nó in obair cheardaíochta daoine eile a chosaint

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
5 Meáin
  1. 2.13

    ról na meán i bhforbairt obair cheardaíochta a shainaithint

  2. 2.14

    meáin a úsáid chun obair cheardaíochta a chruthú

  3. 2.15

    an rogha meán ina obair cheardaíochta féin nó in obair cheardaíochta daoine eile a chosaint

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Teanga chriticiúil agus amhairc
  1. 3.1

    teanga chriticiúil agus amhairc a úsáid le cur síos a dhéanamh ar shaothar dearaidh éagsúil

  2. 3.2

    teanga chriticiúil agus amhairc a úsáid chun a dhearadh féin agus dearadh daoine eile a mhíniú

  3. 3.3

    teanga chriticiúil agus amhairc chuí a úsáid le freagairt do shaothar dearaidh agus critíc a dhéanamh air

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Líníocht
  1. 3.4

    coimre dearaidh a léirmhíniú agus é seo a léiriú trína líníochtaí

  2. 3.5

    triail a bhaint as rud le smaointe dearaidh trí thaighde agus trí líníocht anailíseach

  3. 3.6

    saothar deiridh a dhearadh bunaithe ar a líníochtaí

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Cultúr agus léirthuiscint amhairc
  1. 3.7

    cur síos a dhéanamh ar shamplaí den dearadh stairiúil agus comhaimseartha

  2. 3.8

    cleachtais dearaidh stairiúla agus chomhaimseartha a phlé

  3. 3.9

    na coincheapa dearaidh a rinne dearthóirí stairiúla agus comhaimseartha a chosaint

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Gnéithe ealaíne agus prionsabail deartha
  1. 3.10

    úsáid gnéithe ealaíne agus prionsabail deartha i samplaí de shaothar dearaidh a mhíniú

  2. 3.11

    a shaothar dearaidh féin agus saothar dearaidh daoine eile a scrúdú trí ghnéithe ealaíne agus trí phrionsabail deartha a úsáid

  3. 3.12

    a shaothar dearaidh féin agus saothar dearaidh daoine eile a mheasúnú trína eolas ar ghnéithe ealaíne agus ar phrionsabail deartha a úsáid

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
5 Meáin
  1. 3.13

    cur síos a dhéanamh ar úsáid na meán i samplaí de shaothar dearaidh

  2. 3.14

    na meáin a úsáid ina shaothar dearaidh féin bunaithe ar choimre dearaidh

  3. 3.15

    coincheapa dearaidh agus úsáid meán ina shaothar féin nó i saothar daoine eile a chosaint

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.