Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Sampla 02: Péintéireacht theibí

Ba thionscadal “trialach” a bhí anseo do scoláirí cumais mheasctha ag tús na céad bhliana. Iarradh orthu líníochtaí de bhunfhoinse a shainaithint, a roghnú agus a dhéanamh ina leabhair sceitseála Amharc-ealaíne. Bhain siad úsáid as na líníochtaí sin mar bhunús do staidéir bheaga ar dhathanna, agus bhí fráma le cur ar cheann acu. Roinneadh na cuspóirí foghlama leis na scoláirí agus cheap siad na critéir rathúlachta.

Roghnaigh na scoláirí bunfhoinse agus rinne siad caoch-líníochtaí, caoch-líníochtaí modhnaithe agus línelíníochtaí. Phléigh siad péintéireacht ag úsáid na modheolaíochta sna Straitéisí Smaointeoireachta Amhairc agus bhain siad leas as a gcuid foghlama chun na codanna tábhachtacha de phéintéireacht a shainaithint. Tharraing siad cruthanna A5 ar rianpháipéar agus d’úsáid siad iad chun píosaí suimiúla a shainaithint. Rinne siad staidéar ar dhathanna fionnuara le pionsail dhaite, d’úsáid siad dathanna teolaí le huiscedhathanna ar pháipéar uiscedhatha agus d’úsáid siad péint aicrileach ar pháipéar canbháis (i scéim dathanna dá rogha féin). Rinne siad machnamh freisin ar a gcuid foghlama i rith an tionscadail.

 

 

PDF ardchaighdeáin (25MB)

PDF meánchaighdeáin (11.8MB)

PDF laghdaithe (8MB)

PDF téacs amháin (0.2MB)