Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Sampla 01: Téama - Mo dhearcadhsa

Ba é príomhfhócas na scéime go n-aithneodh an scoláire na difríochtaí idir meáin phastail
cailce agus olaphastail agus na teicnící difriúla a úsáidtear chun iad a chur i bhfeidhm a
fhoghlaim.

Bhreathnaigh an scoláire ar thon ina ghrianghraf dubh agus bán den tírdhreach, agus scrúdaigh é, agus léirigh é i monaton le pastail chailce. Spreagadh an scoláire lena shamhlaíocht/chead mar ealaíontóir a úsáid don leagan amach agus chun gnéithe a chur leis.

Rinne an scoláire anailís ar an gcaoi a léirigh ealaíontóirí difriúla tírdhreacha an tírdhreach. Ag eascairt as an taighde sin, roghnaigh sé ealaíontóir amháin bunaithe ar an úsáid a bhain sé as teicníc nó dathanna mar spreagadh.

Ansin roghnaigh an scoláire grianghraf amháin ó thuras scoile a bhí aige ina thírdhreach áitiúil. Rinneadh an rogha sin bunaithe ar a chomhdhéanamh láidir. Úsáideadh an grianghraf sin mar spreagadh don scoláire chun tírdhreach olaphastail a chruthú. Rinne an scoláire níos mó trialacha arís le teicnící uigeachta agus cumaisc bunaithe ar an ngrianghraf roghnaithe. Ar deireadh, bunaithe ar a thaighde, ghrianghraif, sceitsí agus obair sna meáin, d’fhorbair an scoláire an saothar ab fhearr leis ina cholláis.

 

example01cover.JPG

 

PDF ardchaighdeáin (27MB)

PDF laghdaithe (0.8MB)

PDF téacs amháin (0.2MB)