Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Leanúnachas agus Dul Chun Cinn

Tugann na hAmharc-ealaíona i gCuraclam na Bunscoile taithí don scoláire trí dhá shnáithe chomhlántacha, is iad sin ealaín a dhéanamh agus breathnú ar ealaín agus freagairt di. Tá sé tábhachtach a aithint freisin go bhfuil an Amharc-ealaín mar chuid den oideachas ealaíon i gcoitinne i réimsí ceoil agus drámaíochta.

Nuair a bhogann an scoláire isteach sa tsraith shóisearach, forbrófar a thuilleadh an cur chuige déthaobhach sin i leith na foghlama, a úsáidtear i gCuraclam na Bunscoile agus a bhfaightear taithí air sna sé snáithe Líníocht, Péint agus dath, Priontáil, Cré, Tógáil, Fabraic agus snáithín. Spreagfar an scoláire sa tsraith shóisearach freagairt dá dhomhan agus cruth a chur air agus féadfaidh taithí Amharc-ealaíne ligean dó seo tarlú i dtimpeallacht shábháilte. Gheobhaidh an scoláire eolas agus tuiscint trí shaothair ealaíne/cheardaíochta/dhearaidh a cruthú agus a thuiscint. Feabhsóidh an scoláire a scileanna chomh maith agus foghlaimeoidh sé scileanna nua trí shaothar a dhéanamh thar na trí shnáithe, ealaín, ceardaíocht agus dearadh.

Breiseoidh an scoláire a thuiscint ar an gcultúr amhairc trí úsáid a bhaint as teanga amhairc a bhaineann go sonrach le hábhar na hAmharc-ealaíne. Trí fhoghlaim lena bhreith chriticiúil féin a úsáid, beidh sé de chumhacht aige cinntí a dhéanamh lena fhoghlaim féin a léireofar go leanúnach ina líníochtaí, ina thaighde, ina staidéar agus ina shaothar a chuirfear i gcrích. Scil is ea breith chriticiúil a mbeidh an scoláire in ann úsáid a bhaint aisti thar an réimse ábhar agus gearrchúrsaí a dtugann sé fúthu i rith na dtrí bliana den tsraith shóisearach.

Nascann an t-eolas agus na scileanna ar fad atá á bhfoghlaim ag an scoláire i rith na sraithe sóisearaí go láidir leis an siollabas don ealaín sa tsraith shinsearach. Ceadóidh an doimhneacht agus an leithead foghlama atá ar fáil in Amharc-ealaín na sraithe sóisearaí don scoláire a scileanna a fheabhsú ní amháin san ealaín, sa cheardaíocht agus sa dearadh ach ina thuiscint agus ina chur chuige maidir le saothair ealaíne, cheardaíochta agus dhearaidh stairiúla agus chomhaimseartha. Scileanna úsáideacha don scoláire agus é ag dul isteach sa tsraith shinsearach is ea tuiscint chriticiúil a fháil ar shaothair ealaíne, cheardaíochta agus dhearaidh, lena n-áirítear comhthéacs na saothar agus a bheith in ann é sin a chur in iúl trí theanga chriticiúil agus amhairc.

Léirítear scileanna in Amharc-ealaín na sraithe sóisearaí ar nós comhoibriú, cruthaitheachta, nuálaíochta agus cumarsáide i bhfoghlaim an scoláire i nGairmchlár na hArdteistiméireachta. I modúl Amharc-ealaín na hArdteistiméireachta Feidhmí cuirtear ar chumas an scoláire freagairt go pearsanta do shaincheisteanna atá bríoch dó. Mar aon le hAmharc-ealaín na sraithe sóisearaí, tugann scoláire na hArdteistiméireachta Feidhmí faoi staidéar ar a thimpeallachtaí tógtha agus nádúrtha áitiúla, áit ar féidir leis a scileanna a chur i bhfeidhm ar bhealach atá bríoch go pearsanta. Úsáideann an scoláire scileanna i ngach ceann de na modúil seo a fhorbróidh sé sa tsraith shóisearach, eadhon taighde, smaointe a fhorbairt, tagairtí comhthéacsúla a dhéanamh, agus machnamh agus measúnú.
 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.