Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú agus tuairisciú

Baineann measúnú san oideachas le heolas faoi phróisis agus faoi thorthaí na foghlama a bhailiú, a léirmhíniú agus a úsáid. Tá cineálacha éagsúla ann agus is féidir é a úsáid ar bhealaí éagsúla, amhail gnóthachtáil a thaifead agus a thuairisciú, na bealaí cuí chun foghlaimeoirí a thabhairt trí churaclam difreálach a shocrú, nó chun réimsí deacrachta nó láidreachta ar leith d’fhoghlaimeoir áirithe a shainaithint. Cé gur féidir teicnící difriúla a úsáid chun measúnú foirmitheach, diagnóiseach agus suimitheach a dhéanamh, dírítear an measúnú agus an tuairisciú ar fhoghlaim an scoláire a fheabhsú. Chuige sin, ní mór go léireodh sé aidhm an churaclaim go hiomlán.

Leagann an tsraith shóisearach an-bhéim ar mheasúnú mar chuid den phróiseas foghlama. Sa chur chuige sin, teastaíonn éagsúlacht sa mheasúnú chun a chinntiú go mbíonn an modh/na modhanna measúnaithe a roghnaítear oiriúnach don fheidhm, tráthúil agus ábhartha don scoláire. Sa mheasúnú in Amharc-ealaín na sraithe sóisearaí, tapófar an deis don scoláire a bheith ina rannpháirtí machnamhach agus gníomhach ina chuid foghlama féin agus an deis dá réir a bheidh ag an múinteoir tacú leis sin. Tá sé sin ag brath ar dheiseanna a bheith á soláthar don fhoghlaimeoir chun dul i ngleic leis na critéir ratha faoina ndéanfar caighdeán a chuid oibre a mheas trí phiarmheasúnú, trí fhéinmheasúnú agus trí mheasúnú múinteora; agus braitheann sé ar chaighdeán an aiseolais dhírithe a fhaigheann sé chun cabhrú leis ina chuid foghlama.

Gné an-tábhachtach den mheasúnú ardchaighdeáin is ea aiseolas dírithe a thabhairt don scoláire ar a chuid foghlama agus is toisc lárnach í maidir le cumas an scoláire a fhorbairt chun a chuid foghlama féin a bhainistiú agus leis an scoláire a ghríosú le cloí le tasc casta nó le fadhb chasta. Is éifeachtaí an measúnú nuair a théann sé níos faide ná marcanna agus gráid, agus díríonn an tuairisciú ní amháin ar mar a d’éirigh leis an scoláire roimhe sin ach freisin ar na chéad chéimeanna eile le haghaidh na foghlama amach anseo. Cinnteoidh an cur chuige sin go ndéanfar an measúnú chomh gar don phointe foghlama agus is féidir. Tá áit ann fós don mheasúnú deiridh, ach níl ann ach gné amháin de chur chuige níos leithne i leith an mheasúnaithe.

Go bunúsach, is é cuspóir an mheasúnaithe agus an tuairiscithe ag an gcéim seo den oideachas tacú leis an bhfoghlaim. Ba chóir léargas cuimsitheach ar fhoghlaim an scoláire a thabhairt do thuismitheoirí/chaomhnóirí. Mar go nascfar an measúnú ranga agus measúnú eile le córas nua tuairiscithe, arb é bronnadh Phróifíl Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) a bhuaicphointe, tabharfaidh sé léargas leathan soiléir do thuismitheoirí/chaomhnóirí ar thuras foghlama a bpáiste thar thrí bliana na sraithe sóisearaí. Chun tacú leis sin, beidh teacht ag múinteoirí agus ag scoileanna ar Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú. I dteannta an treoirleabhair faoin bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMÁ), áireofar san fhoireann uirlisí ábhar tacaíochta foghlama, teagaisc agus measúnaithe lena n-áirítear:

  • measúnú foirmitheach
  • pleanáil le haghaidh measúnú agus é a dhearadh
  • measúnuithe leanúnacha le húsáid sa seomra ranga
  • breithiúnas a thabhairt ar obair an scoláire – ag breathnú ar ionchais maidir le scoláirí agus ar ghnéithe cáilíochta
  • tuairisciú do thuismitheoirí agus don scoláire
  • smaoineamh faoin measúnú: smaointe, taighde agus machnamh
  • gluais measúnaithe.

Áireofar san fhoireann uirlisí an réimse tacaí measúnaithe, comhairle agus treoirlínte a chuirfidh ar chumas scoileanna agus múinteoirí tabhairt faoin gcóras nua measúnaithe agus faoi na socruithe tuairiscithe ar bhealach eolasach, le muinín agus le cinnteacht.

Ábhar praiticiúil is ea Amharc-ealaín. Cuimseoidh an measúnú ar Amharc-ealaín le haghaidh Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) dhá Mheasúnú Rangbhunaithe: Ó phróiseas go cur i gcrích agus Cuir in iúl agus déan machnamh. Marcálfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) an obair forbartha agus an obair a chuirtear i gcrích a chruthaítear ón taighde, pleanáil agus triail thosaigh sa dara Measúnú Rangbhunaithe. Ní mór píosa amháin de shaothar críochnaithe a rinneadh i gceachtar Measúnú Rangbhunaithe a chur i gcrích i dtrí thoise. Níl aon scrúdú deiridh san ábhar praiticiúil seo.

Bliain Measúnú Rangbhunaithe Leagan amach Ullmhúchán an scoláire An measúnú a chur i gcrích Cruinniú AFMÁ
An dara bliain Measúnú Rangbhunaithe 1
Ó phróiseas go cur i gcrích
Bloc sceitseála Amharc-ealaíne
+
Saothar amháin a chuirtear i gcrích
Roghnaíonn an scoláire, as féin nó mar chuid de ghrúpa, cás amháin ó liosta a réitigh CNCM. Cruthaíonn sé smaointe ansin, agus baineann sé triail as na smaointe sin agus forbraíonn sé iad ina bhloc sceitseála Amharc-ealaíne, agus cuireann sé saothar ealaíne i gcrích trí cheann de na trí snáithe. Deireadh mhí Aibreáin Cruinniú athbhreithnithe amháin
An tríú bliain Measúnú Rangbhunaithe 2
Cuir in iúl agus déan machnamh
Cur i láthair Roghnaíonn an scoláire, go haonair, cás amháin ó liosta a réitigh CSS agus CNCM chun smaointe a chothú, triail a bhaint as smaointe agus obair ullmhúcháin eile a dhéanamh ina bhloc sceitseála Amharc-ealaíne. Cuireann an scoláire an taighde agus an obair thosaigh sin i láthair tríd an dá shnáithe atá fágtha agus nach ndearnadh mar chuid den chéad Mheasúnú Rangbhunaithe. Déantar measúnú ar an gcur i láthair smaointe agus ar an obair ullmhúcháin seo agus déanann an scoláire machnamh ar an aiseolas a fhaigheann sé. Idir lár mhí na Nollag agus lár mhí Eanáir don chur i láthair Cruinniú athbhreithnithe amháin

Dírítear an dá Mheasúnú Rangbhunaithe ar chásanna. Is féidir na cásanna sin a oiriúnú le feiliúint do shaothar reatha nó leanúnach nó do thaithí foghlama sa rang ealaíne nó féadfar iad a úsáid mar phointe tosaigh do shaothar nua. Dearfar na cásanna ar bhealach oscailte agus inrochtana ionas go mbeidh siad solúbtha agus gur féidir iad a ailíniú le comhthéacs curaclaim na scoile mar aon le riachtanais foghlama an scoláire. Tá sé tábhachtach go bpléann an múinteoir agus an scoláire na cásanna agus go mbeidh plé idir na scoláirí féin freisin. Is féidir an cur chuige le freagra a thógáil le cás(anna) roghnaithe a phleanáil trí chomhoibriú idir an múinteoir agus an scoláire nó idir scoláire agus scoláire. Ceadaítear obair ghrúpa nó obair aonair i Measúnú Rangbhunaithe 1: Ó phróiseas go cur i gcrích.

Faoin am a dtéann an scoláire i ngleic leis an gcéad Mheasúnú Rangbhunaithe beidh eolas agus tuiscint aige agus beidh scileanna forbartha aige sna próisis a bhaineann le trí shnáithe na hAmharc-ealaíne. De réir mar a théann an scoláire i ngleic le foghlaim sna snáitheanna, forbróidh sé a mheon pearsanta féin i leith réimse agus dhoimhneacht an ábhair agus forbróidh sé ómós aitheantais maidir lena stíl áirithe féin.

Trína thaithí ar an bhfoghlaim in Amharc-ealaín, forbróidh an scoláire scileanna a chuideoidh leis tabhairt faoi fhadhbanna ar bhealaí cruthaitheacha. Tá sainaithint fadhbanna mar chuid den phróiseas cruthaitheach a cheadaíonn don scoláire creat a chur ar a fhiosrúchán. Ar an mbealach sin, faigheann sé taithí ar phróisis amharc-ealaíne agus oibríonn sé ar leibhéal níos pearsanta. Tá sé tábhachtach go mbíonn úinéireacht ag an scoláire agus go nglacann sé páirt i gcinneadh a dhéanamh ar an bpointe tosaigh dá shaothar féin. Cé go bhféadfadh na fadhbanna a dhéanann sé iarracht a réiteach a bheith bunaithe ar thaithí phearsanta, beidh an scoláire in ann, ina chur chuige, freagairt le heolas, le tuiscint agus le scileanna atá forbartha aige i rith na sraithe sóisearaí chun iad a chur i gcrích ina n-iomláine trína shaothar.

Dhá mharcóir shoiléire atá sna Measúnuithe Rangbhunaithe d’Amharc-ealaín na sraithe sóisearaí i dturas foghlama an scoláire, agus iad ina gcuid lárnach freisin de mheasúnú leanúnach agus de ghnáthchleachtas seomra ranga. Tacóidh siad leis an scoláire trí dheis a thabhairt dó oibriú go barántúil mar ealaíontóir, mar cheardaí nó mar dhearthóir agus ceadú dó díriú ar a fhoghlaim agus ar a fhorbairt eolais, scileanna, tuisceana agus luachanna in Amharc-ealaín. I Measúnú Rangbhunaithe 1, féadfaidh an scoláire a shaothar a chur i láthair mar dhuine aonair nó mar chuid de ghrúpa dá mhúinteoir agus dá phiaraí agus do lucht féachana níos leithne b’fhéidir. Mar sin féin, sa dá Mheasúnú Rangbhunaithe, spreagfar an scoláire lena chur chuige pearsanta féin i leith na hoibre seo a fhorbairt agus le húinéireacht a ghlacadh ar a fhoghlaim mar aon leis na próisis a chuir sé i bhfeidhm agus an saothar a chuir sé i gcrích.

Tá an chaoi a ndeachaigh an scoláire i ngleic lena shaothar tábhachtach in Amharc-ealaín: beidh tionchar aige sin ar fhoirmliú a smaointe tosaigh agus oibriú amach na smaointe sin ina dhiaidh sin ina rogha teicníochtaí agus meán, agus beidh tionchar aige sin ar ndóigh ar na saothair a chuirtear i gcrích.  

Tá an chaoi a gcuireann an scoláire a lucht féachana san áireamh tábhachtach chomh maith in Amharc-ealaín. Cibé an bhfuil a shaothar pearsanta ina fhreagra nó gur cruthaíodh é chun ráiteas a dhéanamh, ní mór don scoláire cumarsáid a dhéanamh tríd le lucht féachana. Ní gá níos mó gurb iad a phiaraí nó a mhúinteoirí amháin a bheadh sa lucht féachana. D’fhéadfadh grúpa níos leithne daoine a bheith ann má roghnaíonn sé a bheith páirteach in obair lena phobal nó má chumasaítear an obair trí theicneolaíochtaí digiteacha a úsáid, mar shampla.

Aithnítear sa tsonraíocht seo go bhfuil glór an scoláire an-tábhachtach in aon mhíniú ar a shaothar. Cé gur féidir leis an nglór seo teacht amach trí na saothair iad féin, caithfidh gur glór machnamhach atá ann. De réir mar a théann an scoláire ar aghaidh ceisteoidh sé go nádúrtha a roghanna agus a chinntí. Caithfear fáilte a chur roimh an machnamh sin mar go dtugann sé imní faoin saothar féin le fios mar aon lena fhorbairt ealaíonta phearsanta féin. Tabharfar deis don scoláire chomh maith féinmheasúnú agus machnamh a dhéanamh ag deireadh gach Measúnaithe Rangbhunaithe.

Cothófar agus taifeadfar cuid mhór den obair a chruthóidh an scoláire do na Measúnuithe Rangbhunaithe sa bhloc sceitseála Amharc-ealaíne, a dtugtar breac-chuntas air agus a mhínítear go hiomlán in Aguisín A. Bailiúchán fisiciúil de smaointe, de phróisis agus d’obair, i bhfoirm fhisiciúil nó dhigiteach (nó meascán den dá cheann), atá sa bhloc sceitseála Amharc-ealaíne. Tá bloc sceitseála Amharc-ealaíne an scoláire an-tábhachtach maidir leis na Measúnuithe Rangbhunaithe toisc go dtarlaíonn go leor den obair chun píosa ealaíne, ceardaíochta nó dearaidh a chur i gcrích sna céimeanna tosaigh, forbartha agus trialach. Úsáidtear an bloc sceitseála Amharc-ealaíne chun na céimeanna sin ar fad a ghabháil, lena n-áirítear na smaointe tosaigh, sceitsí, líníochtaí, staidéar datha agus meán, grianghraif, obair dhigiteach agus taighde ar chultúr amhairc agus ar obair ealaíontóirí/ceardaithe/dearthóirí eile freisin.

diagram

Is iad seo a leanas na céimeanna le haghaidh Mheasúnú Rangbhunaithe 1: Ó phróiseas go cur i gcrích:

  1. Cuireann an scoláire Measúnú Rangbhunaithe 1 i gcrích go haonarach nó i ngrúpa.
  2. Roghnaíonn an scoláire cás amháin ón liosta.
  3. Is gá don scoláire píosa saothair a chur i gcrích go príomha trí cheann de shnáitheanna na hAmharc-ealaíne. Mar sin féin, féadfaidh an scoláire gnéithe de shnáitheanna eile a chuimsiú de réir mar is cuí dá chuid oibre.
  4. Úsáideann an scoláire a bhloc sceitseála Amharc-ealaíne chun taighde a dhéanamh ar smaointe tosaigh agus chun a obair a fhorbairt agus machnamh a dhéanamh ar a dhul chun cinn fad is a chuimsítear na cúig ghné d’Amharc-ealaín na sraithe sóisearaí.
  5. Cuireann an scoláire a obair chríochnaithe i gcrích agus cuireann sé i láthair é agus an bloc sceitseála Amharc-ealaíne a bheidh ag gabháil leis.


Is féidir leis an múinteoir nó leis an scoláire an obair a threorú nó is féidir í a bhunú ar chomhoibriú idir an múinteoir agus an scoláire nó idir scoláire agus scoláire.

diagram

Is iad seo a leanas na céimeanna le haghaidh Mheasúnú Rangbhunaithe 2: Cuir in iúl agus déan machnamh:

  1. Déanann an scoláire Measúnú Rangbhunaithe 2 ina aonair.
  2. Roghnaíonn an scoláire cás amháin ón liosta.
  3. Ní mór don scoláire dhá shaothar ealaíne a chur i gcrích tríd an dá shnáithe eile nár roghnaíodh don chéad Mheasúnú Rangbhunaithe a chríochnaigh sé sa dara bliain. Mar sin féin, féadfaidh an scoláire gnéithe de shnáitheanna eile a chuimsiú de réir mar is cuí dá chuid oibre.
  4. Úsáideann an scoláire a bhloc sceitseála Amharc-ealaíne chun taighde a dhéanamh ar smaointe tosaigh agus iad a fhorbairt fad is a chuimsítear na cúig ghné d’Amharc-ealaín na Sraithe Sóisearaí.
  5. Úsáidfidh an scoláire ábhar óna bhloc sceitseála Amharc-ealaíne chun a bharúlacha tosaigh, a smaointe agus a thrialacha agus an chaoi a gcuirfidh siad cruth ar a obair don dara Measúnú Rangbhunaithe seo a roinnt, trí chur i láthair nó trí phlé.


Bunaithe ar aiseolas óna mhúinteoir agus óna phiaraí, déanann an scoláire machnamh ar a chuid oibre agus ar an treo a thabharfaidh sé í le haghaidh an scrúdaithe stáit.
Ba cheart don scoláire a thabhairt faoi deara mura píosa tríthoiseach a bhí sa phíosa saothair a chuir sé i gcrích le haghaidh Mheasúnú Rangbhunaithe 1, ansin ní mór go mbeadh ceann den dá phíosa saothair a chuirfidh sé i gcrích le haghaidh Mheasúnú Rangbhunaithe 2 tríthoiseach.
Is féidir leis an múinteoir nó leis an scoláire an obair a threorú nó is féidir í a bhunú ar chomhoibriú idir an múinteoir agus an scoláire nó idir scoláire agus scoláire.

Tacaíonn na gnéithe cáilíochta le breithiúnas an scoláire agus an mhúinteora ar na Measúnuithe Rangbhunaithe agus is iad na critéir iad a úsáidfidh an múinteoir chun obair an scoláire a mheas. Beidh na Gnéithe Cáilíochta ar fáil sna Treoirlínte Measúnuithe don Amharc-ealaín. Cuirfidh gach scoláire an dá Mheasúnú Rangbhunaithe i gcrích.

Beidh sonraí níos mine ar fáil i dtreoirlínte measúnaithe ar leith maidir leis an measúnú ar an tuairisciú in Amharc-Ealaín na sraithe sóisearaí, ina leagtar amach treoracha ar na socruithe praiticiúla a bhaineann le measúnú na Measúnuithe Rangbhunaithe. Cuimseoidh sé sin, mar shampla, an méid agus na leaganacha amach a mholtar le haghaidh obair an scoláire, agus tacaíocht i dtaca le breithiúnas ‘ar an iomlán’ a úsáid i ndáil leis na gnéithe cáilíochta. Beidh ábhar cuimsitheach acmhainne i bhFoireann Uirlisí don Mheasúnú CNCM freisin le húsáid i measúnú leanúnach ranga ar Amharc-ealaín na sraithe sóisearaí, agus lena chois sin tabharfar mionchuntas ar an bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair.

Tá lamháil sa tsonraíocht seo le haghaidh cleachtais mheasúnaithe chuimsitheacha, mar chuid de mheasúnú leanúnach nó mar Mheasúnuithe Rangbhunaithe. Sa chás go meastar i scoil go bhfuil sainriachtanas fisiciúil nó foghlama ag scoláire, is féidir oiriúntais réasúnta a chur i bhfeidhm chun tionchar an mhíchumais ar fheidhmiú an scoláire i Measúnuithe Rangbhunaithe a laghdú, a oiread agus is féidir. Ba chóir go mbeadh na hoiriúntais, m.sh. an tacaíocht a thugann cúntóir riachtanas speisialta nó tacaíocht teicneolaíochtaí cúntacha, ag teacht leis na socruithe a chuir an scoil i bhfeidhm chun tacú le foghlaim an scoláire i rith na scoilbhliana.

Tar éis an dara Measúnú Rangbhunaithe a chur i gcrích, déanfaidh an scoláire a mhachnamh ar an aiseolas óna mhúinteoir agus óna phiaraí agus úsáidfidh sé é, mar bhunús chun obair mhór forbartha eile a chruthú ina bhloc sceitseála Amharc-ealaíne chomh maith leis an dá phíosa a chuirfidh sé i gcrích le haghaidh an scrúdaithe stáit. Ní mór roinnt taighde tosaigh agus obair thrialach ón dara Measúnú Rangbhunaithe a bheith san obair a chuirfear isteach freisin de réir mar is cuí, d’fhonn forbairt smaointe an scoláire a shoiléiriú lena n-áirítear aon aiseolas a fuair sé a bhí áisiúil ó thaobh a chuid smaointe agus a shaothar a chur chun cinn níos déanaí a ionchorprú. Marcálfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit an obair seo.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.