Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Teagasc agus foghlaim

Cabhraíonn an tsonraíocht seo leis an múinteoir straitéisí éagsúla teagaisc a úsáid ag brath ar na spriocthorthaí foghlama, ar riachtanais a scoláirí, agus ar a roghanna pearsanta.

Léirítear tábhacht phróisis na heolaíochta chomh maith le heolas agus tuiscint ar choincheapa ar fud na dtorthaí foghlama, a dhéanann cur síos ar an tuiscint, ar na scileanna agus ar na luachanna ba chóir don scoláire a bheith ábalta a thaispeáint faoi dheireadh na sraithe sóisearaí. Meastar go mbeidh deiseanna le haghaidh fiosrúchán scoláire‑threoraithe, le leibhéil chuí scaflála, á soláthar le linn gach bliana. Sa chaoi sin is féidir leis an scoláire torthaí an tsnáithe, Nádúr na heolaíochta, a leanúint tríd an ábhar agus trí na scileanna a shainaithnítear sna snáitheanna comhthéacsúla. Aithnítear go nglacann sé am chun forbairt a dhéanamh ar scileanna, ar eolas agus ar thuiscint na gcoincheap eolaíochta mar a leagtar amach iad sna torthaí foghlama agus gur gá iad a athdhéanamh agus a atreisiú go minic. Is annamh a d’éileodh aon ghníomhaíocht amháin ar bith go bhforbródh an scoláire réimse iomlán na scileanna. 

Fiosrúchán eolaíochta

Cuireann an dearadh ar bhonn fiosrú béim ar thaithí phraiticiúil na heolaíochta do gach scoláire. Éascaíonn sé úsáid réimse leathan cuir chuige teagaisc, foghlama agus measúnaithe a chabhraíonn le leibhéil dhifriúla fiosraithe. Beidh cleachtadh rialta ag teastáil ó mhórchuid na scoláirí chun a dtuiscint ar phróisis eolaíochta a fhorbairt, chun fianaise a úsáid le tacú le míniúcháin agus chun a scileanna fiosraithe a fhorbairt go dtí gur féidir leo a n‑iniúchtaí féin a dhéanamh ó thús go deireadh. Beidh gá deiseanna a sholáthar don scoláire chun réimse de scileanna fiosraithe a fhorbairt sa chaoi go ndéanfaidh sé dul chun cinn ar feadh chontanaim an fhiosraithe. Is minic a rangaítear leibhéil ar an gcontanam mar fhiosrúchán teoranta, fiosrúchán struchtúrtha, fiosrúchán treoraithe agus fiosrúchán oscailte. 

Fíor 4: Contanam an fhiosraithe

contiuum of inquiry

Is fiosrúcháin ar leibhéal íseal iad an chéad dá leibhéal ach is féidir iad a úsáid chun scileanna fiosraithe an scoláire a fhorbairt ionas gur féidir leis tabhairt faoi fhiosrúchán eolaíochta a bhfuil níos lú treoir múinteora i gceist leis agus níos mó féinstiúradh scoláire. Is minc a bhíonn an scoláire ag plé leis an dá leibhéal fiosraithe seo sula n‑úsáidtear cineálacha níos oscailte fiosraithe; níl i gceist leis an gcleachtas sin, áfach, ach ord comónta ina dtugtar faoi chuir chuige fiosraithe, agus an réimse cuir chuige a shíneadh ata ar fáil chun ranganna a theagasc; ní thugtar chun cinn ná feabhsú ar feadh na slí le fios leis. Is féidir deiseanna a thabhairt isteach chun scileanna fiosraithe a chur i bhfeidhm i suíomhanna a bhíonn ag dul chun castachta de réir mar a fhorbraíonn an scoláire an mhuinín agus an cumas i bpróisis fiosraithe.

Saincheisteanna reatha san eolaíocht

Níos mó ná riamh, bíonn na hargóintí idir eolaithe á bplé san fhearann poiblí freisin. Cabhraíonn an tsonraíocht seo leis an múinteoir deiseanna a sholáthar don scoláire chun saincheisteanna reatha eolaíochta a iniúchadh, agus tacaítear leis an scoláire chun naisc a dhéanamh idir eolaíocht, ábhair eile agus gnáthchúrsaí an lae. Beidh an scoláire ag plé le saincheisteanna reatha san eolaíocht a théann i gcion ar an ngnáthshaol. Foghlaimeoidh sé sonraí, agus déanfaidh sé iad a léirmhíniú agus a anailísiú –scil ar mó go mór a luach ná san eolaíocht, toisc gur féidir í a úsáid am ar bith a n‑úsáidtear sonraí mar fhianaise chun tacú le hargóint. Trí fhianaise agus torthaí a chur i láthair, beidh sé páirteach i gconclúidí a chosaint agus a phlé go hoibiachtúil.

Forbraíonn an eolaíocht freisin trí dhaoine a bheith ag leanúint dá n‑ábhair spéise féin agus tugann an tsonraíocht seo go leor solúbthachta don mhúinteoir agus don scoláire lena gcuid roghanna féin a dhéanamh agus a n‑ábhair spéise a leanúint. Is féidir, mar shampla, gnéithe ó na snáitheanna difriúla comhthéacsúla a fhí le chéile agus is féidir píosaí móra den tsonraíocht a eagrú thart ar théamaí nó ar ‘smaointe móra’ a dhíríonn ar réimsí ar díol spéise iad ag leibhéal pearsanta, áitiúil, náisiúnta agus/nó domhanda. Tairgeann an tsonraíocht seo a lán bealaí féideartha le haghaidh cur chuige comhtháite eolaíochta; a bhfuil an chuid is léire díobh curtha ar fáil trí na gnéithe trasghearrtha, Fuinneamh agus Inbhuanaitheacht.

Fiosrú agus measúnú

Chomh maith le cuir chuige éagsúla teagaisc, is féidir cuir chuige éagsúla mheasúnaithe a dhearadh chun tacú le foghlaim agus le heolas a sholáthar atá inúsáidte mar aiseolas, sa chaoi gur féidir gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama a chur in oiriúint do riachtanais an duine aonair. Trí thascanna tarraingteacha a shannadh, ceisteanna ard‑oird a chur, agus aiseolas a thabhairt a chuireann uathúlacht an scoláire chun cinn, is féidir leis an measúnú tacú le foghlaim chomh maith le coimriú a thabhairt ar ghnóthachtáil.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.