Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Eolaíocht agus Príomhscileanna

I dteannta a sain‑inneachair agus eolais, tugann ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna do scoláirí chun réimse leathan príomhscileanna a fhorbairt. Tá deiseanna ann chun tacú leis na príomhscileanna uile sa chúrsa seo ach tá roinnt díobh a bhfuil tábhacht ar leith leo. Sainítear sna samplaí thíos roinnt de na gnéithe a bhaineann le gníomhaíochtaí foghlama san eolaíocht. Chomh maith leis sin, is féidir le múinteoirí a lán de na gnéithe eile de phríomhscileanna ar leith a fhí isteach ina gcuid pleanála don seomra ranga. Leagtar amach na hocht bpríomhscil go mion i bPríomhscileanna na Sraithe Sóisearaí.

An phríomhscil

Gné na príomhscile

Gníomhaíocht foghlama an scoláire

A bheith cruthaitheach

Roghanna a fhiosrú

Agus an scoláire ag tabhairt faoi fhiosrúchán eolaíochta, gineann sé a chuid ceisteanna féin agus féachann sé lena bhfreagairt. Triaileann sé cuir chuige dhifriúla agus é ag obair ar thasc agus déanann sé measúnú chun an cur chuige is fearr a aimsiú. 

A bheith liteartha

Smaointe a chur in iúl go soiléir agus le cruinneas

Déanfaidh an scoláire argóintí eolaíochta a phleanáil, a dhréachtú agus a chur i láthair, cuirfidh sé tuairimí in iúl le tacaíocht fianaise, agus míneoidh sé feiniméin agus coibhneasa eolaíochta agus cuirfidh sé síos orthu.

A bheith uimheartha

Meon dearfach a fhorbairt i leith iniúchadh, réasúnaíochta agus réiteach fadhbanna

Agus an scoláire ag tabhairt faoin eolaíocht, fásfaidh a léirthuiscint don spraoi a bhaineann le fadhbanna matamaiticiúla a fhiosrú i gcomhthéacs smaoineamh eolaíoch agus an sásamh a bhaineann le teacht ar réiteach.

Cumarsáid

Uimhreacha a úsáid

Déanfaidh an scoláire eolas agus sonraí a léirmhíniú, a chur i gcomparáid agus a chur i láthair ag úsáid réimse cairteacha/léaráidí atá oiriúnach don fheidhm agus don lucht féachana, ag úsáid téarmaíocht ábhartha eolaíochta.

Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú

A bheith fiosrach

Agus é ag déanamh taighde ar shaincheisteanna socheolaíochta, cuirfidh an scoláire ceisteanna chun an fhadhb a scrúdú níos doimhne agus chun an chaoi a smaoiníonn sé féin faoin ábhar a cheistiú. 

Mé féin a bhainistiú

Cinntí ciallmhara a dhéanamh

Bíonn deis ag an scoláire páirt a ghlacadh i réimse leathan díospóireachtaí comhoibríocha, a thugann seans dó éisteacht le tuairimí difriúla nuair atá a chuid roghanna á meas.   

Fanacht folláin

A bheith slán

Tabharfaidh an scoláire faoi ghníomhaíochtaí praiticiúla a phleanáil agus a chur i gcrích go minic: foghlaimeoidh sé conas a aithint nuair a bhíonn a shábháilteacht phearsanta faoi bhagairt agus freagairt mar is cuí dó sin

Obair le daoine eile

Ag cuidiú le háit níos fearr a dhéanamh den domhan

Bíonn deis ag an scoláire go minic bheith ag cur is ag cúiteamh le linn plé agus díospóireachta faoi shaincheisteanna a bhaineann leis an inbhuanaitheacht. Foghlaimeoidh sé conas smaoineamh go criticiúil faoin domhan agus a chuid fadhbanna agus réitigh a mholadh. 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.