Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht

Is dícheall comhoibríoch cruthaitheach daonna í an eolaíocht a eascraíonn as ár mian an domhan thart orainn agus an chruinne níos fairsinge a thuiscint. Go bunúsach is fiosracht í i ngníomh smaointeach agus réamhbheartaithe. Cabhraíonn foghlaim na heolaíochta tríd an bhfiosrú leis an scoláire níos mó ceisteanna a chur, agus míniúcháin ar imeachtaí agus ar fheiniméin a dtagann sé trasna orthu a fhorbairt agus a mheasúnú.

Cabhraíonn staidéar na heolaíochta leis an scoláire tógáil ar an bhfoghlaim a rinne sé sa bhunscoil agus le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a chuid eolais ar chúrsaí eolaíochta agus fúthu. Cuireann an scoláire lena litearthacht eolaíochta ach forbairt a dhéanamh ar a chumas chun feiniméin a mhíniú go heolaíoch, ar a thuiscint ar fhiosrúchán eolaíochta, agus ar a chumas fianaise eolaíoch agus sonraí a léirmhíniú agus a anailísiú chun conclúidí cuí a bhaint astu.

Tá forbairt na litearthachta eolaíche tábhachtach don fhorbairt shóisialta. Mar chuid den phróiseas sin forbraíonn an scoláire an inniúlacht agus an mhuinín a theastaíonn uaidh chun aghaidh a thabhairt ar na deiseanna agus ar na dúshláin a bhainfidh le heolaíochtaí sa tsraith shinsearach, leis an bhfostaíocht, leis an mbreisoideachas agus leis an saol. Is maith is eol na tairbhí níos leithne a bhaineann le litearthacht eolaíochta, lena n‑áirítear an cumas a thabhairt don scoláire cur leis an saol polaitiúil, sóisialta agus cultúrtha mar shaoránach meabhrach agus gníomhach ag a bhfuil léirthuiscint do luachanna cultúrtha agus eiticiúla na heolaíochta. Cabhraíonn sé sin leis an scoláire cinntí eolasacha a dhéanamh faoina lán de na dúshláin agus de na deiseanna áitiúla, náisiúnta agus domhanda a bheidh roimhe agus é ag maireachtáil agus ag obair i ndomhan atá á mhúnlú níos mó agus níos mó ag eolaithe agus ag a gcuid oibre.

Ní pacáiste deas néata eolais í an eolaíocht, ná ní cur chuige céim ar chéim chun fionnachtana í. Mar sin féin, tá ar chumas na heolaíochta forbairt scileanna smaointeoireachta anailísí a chur chun cinn, amhail réiteach fadhbanna, réasúnú, agus cinnteoireacht. Tugann foghlaim na heolaíochta sa tsraith shóisearach deiseanna don scoláire tógáil ar an méid a d’fhoghlaim sé in eolaíocht na bunscoile agus eolas iomasach a ghníomhachtú chun réitigh a cheapadh, a fhiosrú agus a bheachtú chun fadhbanna a réiteach. Ní i dtólamh a thiocfaidh an toradh a rabhthas ag súil leis de bharr na hiarrachta seo, ach is féidir leis sin, ar a sheal, bheith ina fhócas le haghaidh foghlaim níos doimhne agus cabhrú leis an scoláire tuiscint ar riosca a fhorbairt agus a aithint gur féidir triail a bhaint as cuir chuige dhifriúla. Agus an scoláire ag forbairt a chuid scileanna iniúchta, spreagfar é le fianaise eolaíoch a scrúdú óna chuid turgnamh féin agus conclúidí inchosanta a bhaint astu bunaithe ar an bhfianaise iarbhír. Trína chuid fianaise agus sonraí eolaíochta féin agus fianaise agus sonraí eolaíochta daoine eile a athbhreithniú agus a mheasúnú, foghlaimeoidh sé chun srianta agus feabhsuithe a shainaithint ina chuid iniúchtaí. Cuirfidh an cur chuige comhoibríoch sin le hinspreagadh an scoláire, cruthóidh sé deiseanna chun obair a dhéanamh i ngrúpaí agus chun príomhscileanna na sraithe sóisearaí a fhorbairt.

I dteannta na bhfeidhmeanna praiticiúla a bhaineann léi, is rud í foghlaim na heolaíochta is fiú a dhéanamh ar a son féin ar mhaithe leis an sásamh atá le baint aisti. Is féidir fiosracht agus ionadh nádúrtha an scoláire faoin domhan thart timpeall air a chothú agus a fhorbairt trí bhlaiseadh den lúcháir a théann le fionnachtain eolaíochta.

Bhí na hocht bprionsabal don tsraith shóisearach ar a bhfuil an Creat don tSraith Shóisearach bunaithe, mar bhonn eolais faoi fhorbairt na sonraíochta seo, agus tá tábhacht leo uile i dtaca le foghlaim na heolaíochta faoi mar a chuirtear chun cinn í sa tsonraíocht seo. 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.