Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Aidhm

Is é an aidhm atá leis an eolaíocht sa tsraith shóisearach tuiscint fhianaise‑bhunaithe an scoláire ar an domhan nádúrtha a fhorbairt maille lena chumas chun fianaise a bhailiú agus a mheasúnú; a scileanna chun obair eolaíoch a dhéanamh a dhaingniú agus a dhoimhniú; go mbeadh sé níos féinfheasaí mar fhoghlaimeoir agus go n‑éireodh sé níos inniúla agus níos muiníne ina chumas féin chun an eolaíocht a úsáid agus a chur i bhfeidhm ina shaol laethúil.

 

Le bheith níos sonraíche spreagann sí gach scoláire

  • chun níos mó taitnimh a bhaint as foghlaim an heolaíochta, as a dtiocfaidh spéis ar feadh an tsaoil san eolaíocht
  • chun litearthacht eolaíochta a fhorbairt agus í sin a chur i bhfeidhm i dtoisí cogneolaíochta, mothaitheacha agus sícealuaile i leith anailíse ar shaincheisteanna eolaíochta a bhaineann leis an tsochaí, leis an gcomhshaol agus leis an inbhuanaitheacht
  • chun nós intinne eolaíochta agus treoshuíomh fiosrúcháin a fhorbairt trí ghníomhaíochtaí ranga, saotharlainne agus/nó lasmuigh de láthair na scoile a chothaíonn iniúchadh, samhlaíocht, fiosracht agus cruthaitheacht i leith fadhbanna mealltacha ábhartha a réiteach, agus chun feabhas a chur ar a chumas réasúnaíochta agus cinnteoireachta
  • chun príomhscileanna na sraithe sóisearaí a fhorbairt chun sonraí a aimsiú, a úsáid, a bhainistiú, a shintéisiú agus a mheasúnú; chun tuiscint agus torthaí eolaíochta a chur in iúl trí mheáin éagsúla a úsáid; agus chun smaointe a chosaint ar bhunús fianaise
  • chun corpas eolas eolaíochta a shealbhú; chun tuiscint a fhorbairt ar an Domhan agus ar spás agus ar a áit sa domhan fisiceach, bitheolaíoch agus ceimiceach agus chun cabhrú le bunús a bhunú le haghaidh níos mó ardfhoghlama. 
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.