Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú agus tuairisciú

Baineann measúnú san oideachas le heolas faoi phróisis agus faoi thorthaí na foghlama a bhailiú, a léirmhíniú agus a úsáid. Tá cineálacha éagsúla ann agus is féidir é a úsáid ar bhealaí éagsúla, amhail gnóthachtáil a thaifead agus a thuairisciú, na bealaí cuí chun foghlaimeoirí a thabhairt trí churaclam difreálach a shocrú, nó chun réimsí deacrachta nó láidreachta ar leith d’fhoghlaimeoir áirithe a shainaithint. Cé gur féidir teicnící difriúla a úsáid chun measúnú foirmitheach, diagnóiseach agus suimitheach a dhéanamh, dírítear an measúnú agus an tuairisciú ar fhoghlaim an scoláire a fheabhsú. Chuige sin, ní mór go léireodh sé aidhm an churaclaim go hiomlán.

Leagann an tsraith shóisearach an‑bhéim ar mheasúnú mar chuid den phróiseas foghlama. Sa chur chuige sin, teastaíonn éagsúlacht sa mheasúnú chun a chinntiú go mbíonn an modh/na modhanna measúnaithe a roghnaítear oiriúnach don fheidhm, tráthúil agus ábhartha don scoláire. Sa mheasúnú in eolaíocht na sraithe sóisearaí, tapófar an deis don scoláire a bheith in rannpháirtí machnamhach agus gníomhach ina chuid foghlama féin agus an deis dá réir a bheidh ag múinteoirí tacú leis sin. Tá sé sin ag brath ar dheiseanna a bheith á soláthar don fhoghlaimeoir chun dul i ngleic leis na critéir ratha faoina ndéanfar caighdeán a chuid oibre a mheas trí phiarmheasúnú, trí fhéinmheasúnú agus trí mheasúnú múinteora; agus braitheann sé ar chaighdeán an aiseolais dhírithe a fhaigheann sé chun cabhrú leis ina chuid foghlama. 

Gné an‑tábhachtach den mheasúnú ardchaighdeáin is ea aiseolas dírithe a thabhairt don scoláire ar a chuid foghlama agus is toisc lárnach í maidir le cumas an scoláire a fhorbairt chun a chuid foghlama féin a bhainistiú agus leis an scoláire a ghríosú le cloí le tasc casta nó le fadhb chasta. Is éifeachtaí an measúnú nuair a théann sé níos faide ná marcanna agus gráid, agus díríonn an tuairisciú ní amháin ar mar a d’éirigh leis an scoláire roimhe sin ach freisin ar na chéad chéimeanna eile le haghaidh na foghlama amach anseo. Cinnteoidh an cur chuige sin go ndéanfar an measúnú chomh gar don phointe foghlama agus is féidir. Tá áit ann fós don mheasúnú deiridh, ach níl ann ach gné amháin de chur chuige níos leithne i leith an mheasúnaithe. 

Go bunúsach, is é cuspóir an mheasúnaithe agus an tuairiscithe ag an gcéim seo den oideachas tacú leis an bhfoghlaim. Ba chóir léargas cuimsitheach ar fhoghlaim an scoláire a thabhairt do thuismitheoirí/chaomhnóirí. Mar go nascfar an measúnú ranga agus measúnú eile le córas nua tuairiscithe, arb é bronnadh Phróifíl Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) a bhuaicphointe, tabharfaidh sé léargas leathan soiléir do thuismitheoirí/chaomhnóirí ar thuras foghlama a bpáiste thar thrí bliana na sraithe sóisearaí. Chun tacú leis sin, beidh teacht ag múinteoirí agus ag scoileanna ar Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú. I dteannta an treoirleabhair faoin bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMÁ), áireofar san Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú ábhar tacaíochta foghlama, teagaisc agus measúnaithe, lena n‑áirítear: 

  • measúnú foirmitheach
  • pleanáil le haghaidh measúnú agus é a dhearadh 
  • measúnuithe leanúnacha le húsáid sa seomra ranga  
  • breithiúnas a thabhairt ar obair an scoláire – ag breathnú ar ionchais maidir le scoláirí agus ar ghnéithe cáilíochta
  • tuairisciú do thuismitheoirí agus don scoláire
  • smaoineamh faoin measúnú : smaointe, taighde agus machnaimh
  • gluais.

Áireofar san Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú réimse tacaí measúnaithe, comhairle agus treoirlínte a chuirfidh ar chumas scoileanna agus múinteoirí tabhairt faoin gcóras nua measúnaithe agus faoi na socruithe tuairiscithe ar bhealach eolasach, le muinín agus le cinnteacht.

Is é a bheidh i measúnú na heolaíochta don PGSS dhá Mheasúnú Rangbhunaithe; agus Imscrúdú Turgnamhach Sínte agus Imscrúdú Eolaíochta sa tSochaí, agus Scrúdú Deiridh.  Ina theannta sin, beidh Tasc Measúnaithe ag dul leis an dara Measúnú Rangbhunaithe.  

 

Réasúnaíocht do na Measúnuithe Rangbhunaithe san Eolaíocht

Thar na trí bliana den tsraith shóisearach, beidh a lán deiseanna ag an scoláire chun sult a bhaint as an eolaíocht agus í a fhoghlaim. Oibreoidh sé ar nós eolaí agus é ag ceapadh ceisteanna agus hipitéisí eolaíochta, ag cur tús le taighde, ag pleanáil agus ag déanamh iniúchtaí, ag próiseáil agus ag anailísiú sonraí agus faisnéise, ag measúnú fianaise d’fhonn conclúidí bailí a bhaint aisti, agus ag tuairisciú agus ag machnamh ar an bpróiseas. Comhoibreoidh an scoláire le scoláirí eile agus é ag ullmhú cumarsáidí eolaíocha le haghaidh réimse cuspóirí agus pobail. Foghlaimeoidh sé faoina shláinte agus faoina fholláine, agus déanfaidh sé cinntí eolasacha ina leith, chomh maith le saincheisteanna a bhaineann le heolaíocht a bhfuil tábhacht shóisialta agus dhomhanda leo. Trí na gníomhaíochtaí sin forbróidh sé a chuid eolas, tuiscint, scileanna agus luachanna eolaíochta, agus is amhlaidh a ghnóthóidh sé na torthaí foghlama trasna na snáitheanna.

 

Nasctar na Measúnuithe Rangbhunaithe, a dtugtar breac‑chuntas orthu i dTábla 5 thíos, le gnéithe tábhachtacha den fhorbairt sin agus baineann siad le tosaíochtaí don fhoghlaim agus don teagasc amhail iniúchadh, agus cumarsáid san eolaíocht agus ag an am céanna forbraíonn sé an t‑eolas agus an tuiscint atá aige ar an eolaíocht, agus tá sé sin ríthábhachtach le bheith ag obair mar a bheadh eolaí ann. Ní mór don scoláire tuiscint a fhorbairt ar a bhfuil oiriúnach le haghaidh imscrúdú agus taighde eolaíochta, iniúchtaí agus topaicí taighde a phleanáil agus a dhéanamh, próiseáil agus anailís a dhéanamh ar shonraí agus ar eolas, conclúidí fianaise‑bhunaithe a bhaint astu, an próiseas a mheasúnú, agus cumarsáidí eolaíochta a ullmhú. Tugann an Measúnú Rangbhunaithe deis don scoláire a chuid gnóthachtálacha mar chruthaitheoir tuairiscí taighde eolaíochta a thaispeáint trí thopaic nó fadhb a roghnú chun iniúchadh a dhéanamh uirthi. 

 

Tábla 5: Measúnuithe Rangbhunaithe san Eolaíocht

MRB

Leagan amach

Ullmhúchán an scoláire

An measúnú a chur i gcrích

Cruinniú AMFÁ1

Iniúchadh turgnamhach sínte 

Tuairiscí is féidir a chur i láthair i réimse leathan formáidí.

Thar thréimhse trí seachtaine, ceapfaidh an scoláire hipitéis eolaíochta, tabharfaidh sé faoi iniúchadh eolaíochta a phleanáil agus a dhéanamh, chun a hipitéis a thástáil, déanfaidh sé sonraí príomhúla a cheapadh agus a anailísiú, agus déanfaidh sé machnamh ar an bpróiseas le tacaíocht/treoir an mhúinteora.

Deireadh an dara bliain.

 

Cruinniú athbhreithnithe amháin. 

Iniúchadh eolaíochta sa tsochaí 

Tuairiscí is féidir a chur i láthair i réimse leathan formáidí.

Thar thréimhse trí seachtaine, déanfaidh an scoláire taighde ar shaincheist shocheolaíoch, déanfaidh sé anailís ar an bhfaisnéis/ar na sonraí tánaisteacha a bhailítear, agus déanfaidh sé measúnú ar na héilimh agus ar na tuairimí a ndearna sé staidéar orthu agus bainfidh sé conclúidí fianaise‑bhunaithe as an méid a bhíonn i gceist, le tacaíocht/treoir an mhúinteora. 

Deireadh an chéad téarma nó go luath sa dara téarma sa tríú bliain.

Cruinniú athbhreithnithe amháin.

 
  • tuarisic lámhscríofa/clóscríofa
  • cur i láthair ilmhódach
  • leathanach gréasáin.
  • samhaltú
  • podchraoltaí

 

Ba chóir don scoláire cóip de na gnéithe cáilíochta a fháil a luaithe agus is féidir, ionas go mbeidh feasacht aige ar an méid a chaithfidh sé a dhéanamh chun obair den scoth a chur ar fáil. Tá sé inghlactha agus ar roinnt bealaí inmholta, go n‑úsáidfeadh an scoláire an fhianaise ar fhoghlaim a chuirtear i láthair don Mheasúnú Rangbhunaithe mar chuid d’iontráil ar aonach áitiúil nó náisiúnta eolaíochta.

Beidh sonraí níos mine ar fáil i sonraíocht agus i dtreoirlínte measúnaithe ar leith maidir leis an measúnú ar an tuairisciú in eolaíocht na Sraithe Sóisearaí, ina leagtar amach treoracha ar na socruithe praiticiúla a bhaineann le measúnú na Measúnuithe Rangbhunaithe. Cuimseoidh sé sin, mar shampla, an fad agus na leaganacha amach a mholtar le haghaidh píosaí oibre an scoláire, agus tacaíocht i dtaca le breithiúnas ‘ar an iomlán’ a úsáid i ndáil leis na gnéithe cáilíochta. Beidh ábhar cuimsitheach acmhainne i bhFoireann Uirlisí don Mheasúnú CNCM freisin le húsáid agus le tagairt dó i measúnú leanúnach ranga ar eolaíocht na sraithe sóisearaí, agus lena chois sin tabharfar mionchuntas ar an bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair.

Is tasc scríofa é an Tasc Measúnachta a dhéanann an scoláire le linn am ranga, nach marcálann an múinteoir ranga, ach a chuirtear chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit le haghaidh a mharcála. Is fiú 10% é de na marcanna a úsáidfear chun an grád a bhronnann Coimisiún na Scrúduithe Stáit a oibriú amach. Is í CNCM a shonraíonn an Tasc Measúnachta agus bainfidh sé leis na torthaí foghlama a mbeidh an dara Measúnú Rangbhunaithe bunaithe orthu. D’fhéadfadh ábhar agus leagan amach an Taisc Measúnachta athrú ó bhliain go bliain.

Sa chás go meastar i scoil go bhfuil sainriachtanas fisiciúil nó foghlama ag scoláire, is féidir oiriúntais réasúnta a chur i bhfeidhm chun tionchar an mhíchumais ar fheidhmiú an scoláire i Measúnuithe Rangbhunaithe a laghdú, a oiread agus is féidir Ba chóir go mbeadh na hoiriúntais, m.sh. an tacaíocht a thugann Cúntóir Riachtanas Speisialta nó tacaíocht teicneolaíochtaí cúntacha, ag teacht leis na socruithe a chuir an scoil i bhfeidhm chun tacú le foghlaim an scoláire i rith na scoilbhliana.

Beidh scrúdpháipéar amháin ann ag leibhéal comónta, a shocróidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Mairfidh an scrúdú dhá uair an chloig agus beidh sé ar siúl ag deireadh an tríú bliain. Le linn an mheasúnaithe sin, iarrfar ar an scoláire dul i ngleic le hábhar spreagtha, a thaispeáint go dtuigeann sé é, agus freagraí scríofa a thabhairt ina thaobh. D’fhéadfadh ábhar agus leagan amach an scrúdaithe deiridh athrú ó bhliain go bliain. I mbliain áirithe ar bith, is éard a bheidh sna torthaí foghlama atá le measúnú sampla de na torthaí ó tháblaí na dtorthaí foghlama. 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.