Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Ionchais maidir le scoláirí

Is scáth-théarma é ionchais maidir le scoláirí a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte de shaothar scoláirí i sonraíocht an ábhair nó an ghearrchúrsa. Nuair a bheidh múinteoirí, scoláirí nó tuismitheoirí ag scrollú síos trí na torthaí foghlama, beidh nasc ar fáil uaireanta le samplaí oibre a bhaineann le toradh foghlama ar leith nó le grúpa de thorthaí foghlama. Roghnófar na samplaí de shaothar scoláirí chun ionchais a léiriú agus beidh tráchtanna múinteoirí leo. Cuimseoidh na samplaí seo obair atá  thar barr ar fad,  os cionn na n-ionchas and ag teacht leis na hionchais.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Fiosrúchán, Fiosrú, Machnamh agus gníomh
  1. 1.1

    príomhchreidimh reiligiúnacha na dtrí mhór-reiligiún dhomhanda atá in Éirinn sa lá atá inniu ann a chur i láthair

  2. 1.2

    iniúchadh a dhéanamh ar dhá phobal creidimh a bhfuil láithreacht nach beag acu ina cheantar/réigiún féin (ní mór go mbeadh baint ag na pobail chreidimh a roghnaítear le dhá cheann de na cúig mhór-reiligiún domhanda a ndéantar staidéar orthu faoin tsonraíocht)

  3. 1.3

    dul i ngleic le baill de phobal creidimh a bhfuil baint aige le ceann amháin de na cúig mhórreiligiún dhomhanda a ndéantar staidéar orthu faoin tsonraíocht agus léirthuiscint a thaispeáint maidir leis an gcaoi ina n-imríonn creidimh reiligiúnacha an phobail tionchar ar shaol na mball ó lá go lá

  4. 1.4

    iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi inar chuir an Chríostaíocht le cultúr agus oidhreacht na hÉireann

  5. 1.6

    scrúdú a dhéanamh agus léirthuiscint a fháil ar an gcaoi ina gcuireann daoine creideamh reiligiúnach in iúl i ndeasghnátha, in ionaid adhartha foirmeálta agus in ionaid bheannaithe eile

  6. 1.7

    plé a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann le deasghnátha neamhreiligiúnacha agus ceiliúradh neamhreiligiúnach i saol daoine

  7. 1.8

    cur síos a dhéanamh ar ról na paidreoireachta i saol daoine a bhfuil creideamh acu

  8. 1.9

    míniú a dhéanamh ar céard a bhí i gceist le téacs beannaithe áirithe a fhorbairt laistigh de mhór-reiligiún domhanda agus machnamh a dhéanamh ar an tábhacht atá leis i gcónaí i saol na ndaoine a bhfuil an creideamh sin acu

  9. 1.10

     plé a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann le dialóg agus caidreamh idir mór-reiligiúin dhomhanda agus laistigh díobh chun síocháin agus athmhuintearas a chur chun cinn ar fud an domhain sa lá atá inniu ann

  10. 1.11

    taighde a dhéanamh faoi eagraíochtaí reiligiúnacha nó eagraíochtaí eile, a bhíonn ag obair ag an leibhéal náisiúnta nó idirnáisiúnta chun ceartas, síocháin agus athmhuintearas a chur chun cinn agus machnamh a dhéanamh ar an gcaoi ina bhfuil an obair atá ar bun acu ag cur a bhfís bhunaidh in iúl

  11. 1.12

    tarraingt le chéile a dhéanamh ar an léargas a fhaightear faoin gcaoi ina gcuireann daoine a gcreidimh, bíodh sin creidimh reiligiúnacha nó eile, in iúl agus ina bhfuil na creidimh sin le feiceáil ina saol, agus machnamh a dhéanamh maidir leis an léargas sin

  12. 1.5

    fiosrú a dhéanamh ar théamaí reiligiúnacha i gcultúr na linne seo san ealaín, i gceol, i litríocht nó i scannáin

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Fiosrúchán, Fiosrú, Machnamh agus gníomh
  1. 2.1

    taighde a dhéanamh ar fhianaise ealaíonta, ailtireachta nó sheandálaíochta a léiríonn bealaí ina ndearna daoine iarracht brí agus cuspóir a thabhairt dá saol

  2. 2.2

    machnamh a dhéanamh ar an gcaoi ina ndeachaigh mór-reiligiún domhanda amháin agus dearcadh neamhreiligiúnach ar an domhan i ngleic leis na ceisteanna móra faoin saol, amhail, cén fáth go bhfuilimid anseo? Conas ba cheart dúinn maireachtáil? Céard a tharlaíonn nuair a fhaighimid bás?

  3. 2.3

    fiosrú a dhéanamh ar an gcaoi ina gcuireann insintí/scéalta éagsúla, idir insintí/scéalta reiligiúnacha agus neamhreiligiúnacha, tuiscint ar an domhan/an dúlra in iúl, agus machnamh a dhéanamh ar an mbrí agus ar an ábharthacht a bhaineann leo sa lá atá inniu ann

  4. 2.4

    taighde a dhéanamh ar an Diagacht mar a chuirtear i láthair í in dhá mhór-reiligiún dhomhanda, agus an taighde sin a chur i láthair, ag tarraingt ó fhoinsí i dtéacsanna beannaithe agus/nó foinsí údarásacha eile

  5. 2.5

     beathaisnéis a chruthú faoi bhunaitheoir nó luathleantóirí de chuid mór-reiligiúin dhomhanda, ag baint úsáide as foinsí eolais reiligiúnacha agus stairiúla

  6. 2.6

    amlíne a chur le chéile maidir le mór-reiligiún domhanda amháin, ag déanamh tagairt do dhaoine tábhachtacha, tréimhsí a raibh borradh faoi agus tréimhsí dúshlánacha

  7. 2.7

    fiosrú a dhéanamh ar an gcaoi ina dtéann teagasc reiligiúnach de chuid mór-reiligiúin dhomhanda amháin i ngleic le ceist ar ábhar buartha í don domhan faoi láthair

  8. 2.8

    scéalta daoine aonaracha nó grúpaí daoine a chur i láthair ó stair dhá cheann de mhór reiligiúin an domhain a raibh tionchar dearfach acu ar shaol daoine mar gheall ar an tiomantas a bhí acu maireachtáil de réir a gcreideamh

  9. 2.9

    cur síos a dhéanamh ar an gcaoi ina bhféadfadh athrú teacht ar chreideamh duine ag pointí áirithe le linn a shaoil

  10. 2.10

    tarraingt le chéile a dhéanamh ar an léargas a fhaightear faoin gcaoi ina dtéann daoine ag a bhfuil creidimh reiligiúnacha agus tuiscintí difriúla ar an saol i ngleic le ceisteanna maidir le brí, cuspóir agus caidrimh, agus machnamh a dhéanamh ar an léargas sin

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Fiosrúchán, Fiosrú, Machnamh agus gníomh
  1. 3.1

    scrúdú a dhéanamh ar fhoinsí difriúla luachanna agus ar na bealaí difriúla ina n-imríonn luachanna duine tionchar ar roghanna laethúla, ar chaidrimh, agus ar fhreagracht an duine as daoine eile

  2. 3.2

    machnamh agus plé a dhéanamh faoi cad atá i gceist le moráltacht, faoin bhfáth go gcaithfidh daoine atá ina gcónaí sa tsochaí a bheith morálta agus faoi na tionchair agus na foinsí údaráis taobh thiar de chinnteoireacht mhorálta duine

  3. 3.3

    scrúdú a dhéanamh ar chód morálta dhá cheann de na cúig mhór-reiligiún dhomhanda agus plé a dhéanamh ar an gcaoi ina bhféadfadh gach cód tionchar a imirt ar chinnteoireacht mhorálta leantóirí

  4. 3.4

    iniúchadh a dhéanamh maidir le cad is brí le saol atá go maith ó thaobh na moráltachta de a leanúint ag déanamh tagairt do dhá mhór-reiligiún dhomhanda agus iad a chur i gcomparáid le dearcadh neamhreiligiúnach ar an domhan

  5. 3.5

    scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le próiseas cinnteoireachta mhorálta cabhrú le duine chun cinneadh idir ceart agus mícheart a dhéanamh i ngnáthchásanna laethúla 

  6. 3.6

    díospóireacht a dhéanamh faoi shaincheist mhorálta a thagann chun cinn ina shaol féin agus machnamh a dhéanamh faoi na cúiseanna taobh thiar de dhá dhearcadh éagsúla ar an gceist

  7. 3.7

    taighde a dhéanamh ar an tuiscint atá ag dhá mhór-reiligiún dhomhanda ar chomhbhá, ceartas, síocháin agus athmhuintearas agus ar na bealaí ina bhfuil an tuiscint sin le sonrú

  8. 3.8

    míniú a thabhairt faoin gcaoi ina gcuireann an tuiscint atá ag mór-reiligiún domhanda amháin ar chúram a thabhairt don domhan le folláine gach duine ar fud na cruinne agus plé a dhéanamh maidir le hábharthacht na tuisceana sin sa lá atá inniu ann 

  9. 3.9

    tarraingt le chéile a dhéanamh ar an léargas a fhaightear ar na gnásanna, luachanna agus prionsabail taobh thiar de chinnteoireacht agus gníomhartha i saol daoine, agus machnamh a dhéanamh maidir leis an léargas sin

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.