Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Naisc

An ráiteas  Samplaí d'fhoghlaim ábartha 
RF 3: Déanann an scoláire réimse leathan téacsanna a chruthú, a mheas agus a léirmhíniú go criticiúil. Déanfaidh an scoláire iniúchadh ar chruthú, léirthuiscint agus léirmhíniú téacsanna ceoil i bhformáid éagsúla nótáilte, lena n-áirítear nodaireacht na foirne, nodaireacht ghrafach, ag baint úsáid as modhanna teicneolaíocha agus formáidí cuí eile.
RF 4: Cruthaíonn agus cuireann an scoláire i láthair saothair ealaíonta agus tuigeann sé/sí an próiseas agus na scileanna atá i gceist. Cruthóidh an scoláire raon saothar cumtha; gabhfaidh sé agus cuirfidh sé i láthair na próisis agus na gcinntí a rinneadh trí phunanna, lámhscríbhinní agus meáin chuí eile. 
RF 8: Tá meas ag an scoláire ar an oidhreacht áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus tuigeann sé/sí an tábhacht atá ag an ngaol idir eachtraí atá thart agus eachtraí reatha, agus tábhacht na bhfórsaí is cúis le hathrú.  Úsáideann an scoláire a smaointe agus a aschuir ceoil chun an saol ina phobal féin agus mar a mhairtear ann chomh maith leis an gcomhthéacs i gcoitinne a léiriú; cuireann sé ról agus tionchar an ama a chuaigh thart san áireamh ina roghanna ceoil.
RF 16: Déanann an scoláire cur síos ar phatrúin agus ar choibhneasa agus déanann sé/sí iad a léiriú, a léirmhíniú, a thuar agus a mhíniú.  Tuigeann an scoláire patrúin agus caidrimh sa cheol trí iniúchadh a dhéanamh ar thonúlacht, cordaí, eochracha agus amchomharthaí in eispéiris éagsúla cheoil. 
RF 23: Tógann an scoláire smaoineamh ar aghaidh ó cheapadh go réadú. Oibríonn scoláirí amach coincheap cruthaitheach agus a shocrú conas é a thabhairt chun críche. Baineann an próiseas seo le dul trí thobsmaointeoireacht, taighde, cleachtadh, cur i láthair, gabháil, measúnú agus machnamh.
RF 24: Úsáideann an scoláire an teicneolaíocht agus uirlisí na meán digiteacha chun foghlaim, chun cumarsáid a dhéanamh, chun obair agus chun smaoineamh go comhoibríoch agus go cruthaitheach ar bhealach freagrach agus eiticiúil.  Is féidir leis an scoláire úsáid a bhaint as na meáin theicneolaíocha agus dhigiteacha chun saothair chomhoibríocha chumtha a chruthú; léirithe a thaifeadadh agus a léirmheas agus iniúchadh a dhéanamh ar shaothair cumadóirí, agus a bheith feasach ag an am céanna faoi cheisteanna a bhaineann le cóipcheart agus bradaíl.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.