Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Cúrsa

Dírítear sa tsonraíocht do Cheol na Sraithe Sóisearaí ar an deis a thabhairt don scoláire a eolas ceoil, a scileanna agus a fheasacht chultúrtha a fhorbairt, trí rannpháirtíocht phraiticiúil agus chognaíoch leis an gceol. Is féidir é sin a bhaint amach trí na trí shnáithe idirnasctha: Eolas gnásúil, Nuáil agus samhlaigh agus Cultúr agus comhthéacs. Déanfaidh an scoláire foghlaim i ngach ceann de na trí shnáithe seo de réir mar a théann sé ar aghaidh trína shraith shóisearach.

Chun iniúchadh iomlán a dhéanamh ar a shamhlaíocht, a chruthaitheacht agus a acmhainneacht cheoil caithfidh an scoláire a litearthacht agus scileanna ceoil a fhorbairt ar raon bealaí. Foghlaimíonn an scoláire ceol trí dul i ngleic lena thaithí ceoil, trí mhachnamh a dhéanamh uirthi agus í a mheas. Dá bharr sin, forbraíonn an scoláire réimse leathan scileanna ceoil (teicniúil, éisteach, anailíseach, nodaireachta) agus éiríonn leis tuiscint cheolmhar a bhaint amach. Sa snáithe seo, forbróidh an scoláire an t-eolas gnásúil seo chun go mbeidh sé ábalta leanúint lena nádúr féideartha ceoil féin agus lena smaointe agus iad a bhaint amach le muinín.

Baineann forbairt eolais ghnásúil le foclaíocht sa cheol a fhorbairt trí fhoghlaim agus trí shiombail a úsáid chun fuaim a chur i láthair, cáilíochtaí léiritheacha sa cheol a iniúchadh agus freagairt orthu agus móitífeanna agus fuaimdhreacha gairide ceoil a shamhlú agus a chruthú. Baineann sé le triail a bhaint as gnéithe ceoil amhail buille, fad, luas, tuinairde, dinimic, struchtúr, tondath, stíl agus tonúlacht.

Sa snáithe seo, baineann an scoláire leas as a eispéiris agus a pheirspictíochtaí pearsanta féin chun a smaointe ceoil a fhorbairt, a bheachtú, a chur i láthair agus aiseolas a iarraidh orthu. Forbraíonn sé feasacht faoi fhuaimeanna éagsúla agus faoi acmhainneacht na fuaime chun smaointe a fhoinsiú agus a chruthú, agus chun mothúcháin a chur in iúl. 

Rachaidh an scoláire i mbun nuála agus samhlaithe trí cheol a chumadh/eagrú agus a léiriú chun críocha sonracha, ag baint triail as an gceol chun smaointe a baineadh as spreagthaí éagsúla a chur in iúl agus comhoibriú le daoine eile chun smaointe ceoil a fhorbairt agus a mhéadú. Déanfaidh an scoláire cinntí léirmhínitheacha ceoil trí thuiscint chomhtháite ar ghnéithe ceoil a léiriú trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht chun smaointe a nuáil agus a roinnt.

Cuidíonn sé tríd an gceol a thuiscint i gcomhthéacs agus ina shuíomh cultúrtha ár gcumas a mhúnlú maidir leis an gceol a dtéimid ina bhun a chruthú, páirt a ghlacadh ann agus a bhreithmheas. Sa snáithe seo, déanfaidh an scoláire iniúchadh ar na timpeallachtaí comhthéacsúla agus cultúrtha a théann i gcion ar chuspóir agus rún sa cheol.

Áirítear air sin tuiscint agus eolas ar an gceol san am a chuaigh thart agus sa lá inniu a fhorbairt; breathnú ar shaothair cheoil mar thráchtanna sóisialta ar chultúir agus ar dhaoine; iniúchadh a dhéanamh ar cheol a bhaineann le réanna, áiteanna, grúpaí sóisialta agus mothúcháin faoi leith agus samplaí de cheol a cloiseadh sa bhaile, ar scoil agus sa phobal i gcoitinne a roinnt agus a phlé.

Cé go leagtar amach na torthaí foghlama faoi cheannteidil snáithe, níor chóir go dtuigfí as sin go bhfuil staidéar le déanamh ar na snáitheanna ina n-aonar. Barrfheabhsaítear rannpháirtíocht agus foghlaim an scoláire trí thaithí iomlán chomhtháite ar fud na dtrí shnáithe. 

Chun níos mó béime arís a chur ar shaintréith chomhtháite na foghlama, cuirtear torthaí gach snáithe i ngrúpaí ach thagairt a dhéanamh do thrí ghné.

  • Cruthú agus iniúchadh
  • Rannpháirtíocht agus déanamh ceoil 
  • Breithmheas agus freagairt a thabhairt.

Trasna na snáitheanna, díríonn na torthaí foghlama sa ghné seo ar thuiscint an scoláire ar an dóigh a gcruthaítear ceol. Déanfaidh sé iniúchadh ar an dóigh a gcuirtear séis le chéile agus an dóigh a gcuirtear fuaimeanna i mullach a chéile chun uigeacht agus armóin a chruthú. Éistfidh, léifidh, agus léirmhíneoidh sé an ceol de réir mar a fhorbróidh sé tuiscint ar rúin agus ar phrótacail chultúrtha cumadóirí agus cóiritheoirí. Cuardóidh agus aimseoidh an scoláire téamaí agus smaointe chun ceol a chruthú trí thurgnamh, trí thobchumadóireacht agus trí iniúchadh a dhéanamh ar ghnéithe, coincheapa agus teicnící ceoil. Bainfidh sé leas as eispéireas daoine eile, ar bhonn áitiúil agus sa chomhthéacs níos leithne araon, chun bonn eolais a chur faoina gcinntí cruthaitheacha féin.

Sa ghné seo, glacfaidh an scoláire páirt i ngníomhaíochtaí lena gcuirtear a smaointe cruthaitheacha agus léirmhíniú smaointe daoine eile in iúl. Forbróidh an scoláire líofacht agus rialú teicniúil de réir mar a chleachtann sé agus de réir mar a dhéanann sé léiriú ina aonair agus le daoine eile. Bainfidh sé úsáid as taibhiú mar bhealach chun a thuiscint ar ghnéithe ceoil agus ar theicnící uirlise/guthacha a léiriú. De réir mar a chleachtann, mar a athbhreithníonn, agus mar a bheachtaíonn an scoláire an ceol chun é a thaibhiú do dhaoine eile agus le daoine eile, foghlaimíonn sé conas cinntí agus breithiúnais eolasacha ceoil a dhéanamh.

Dírítear sa ghné seo ar an scoláire agus forbairt á déanamh aige ar a scileanna anailíse, comparáide agus measúnaithe ar phíosaí ceoil. Faoin ngné seo is féidir scileanna éisteachta idirdhealaitheacha a fhorbairt, de réir mar a fhoghlaimíonn an scoláire conas foinn, rithimí, tionlacain agus armóiní a athchruthú agus de réir mar a fhorbraíonn sé eolas agus tuiscint ar ghnéithe, comhthéacsanna agus teanga an cheoil. Trí bhreithmheas is féidir leis an scoláire a mhothúcháin faoin gceol a chur in iúl, agus tríd an gcumarsáid seo, úsáid a bhaint as an téarmaíocht chuí chun údar a thabhairt le tuairimí agus chun bonn eolais a chur faoi chinntí ceoil amach anseo. Baintear úsáid as scileanna breithmheasa chomh maith nuair a dhéanann an scoláire a thaibhithe agus a chruthú féin a bheachtú agus a fheabhsú, nuair a oiriúnaíonn sé a smaointe féin agus nuair a fhreagraíonn sé ar shaothar scoláirí eile nó nuair a léirmheasann sé é.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.