Réasúnaíocht

Cuireann staidéar na nuatheangacha iasachta ar chumas an scoláire tógáil ar an bhfoghlaim teanga a rinne sé i mBéarla agus i nGaeilge sa bhunscoil agus tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a scileanna i dteangacha a úsáid agus i dtaitneamh a bhaint as teangacha a úsáid. Tá fáil ag gach scoláire ar fhoghlaim teanga, rud a chuireann lena fhás cognaíoch, pearsanta agus sóisialta ach feabhas a chur ar a scileanna cumarsáideacha agus smaointeoireachta agus ar a rannpháirtíocht i sochaí dhomhanda. Chomh maith leis sin, tá an cumas chun cumarsáid a dhéanamh sa mháthairtheanga agus i dteangacha iasachta i measc na n-ocht bPríomhinniúlacht d’Fhoghlaim ar feadh an tSaoil a shainaithin an tAontas Eorpach agus Comhairle na hEorpa sa bhliain 2006[1].

Forbraítear feasacht ghinearálta an scoláire ar theangacha de bharr foghlaim teanga. Feabhsaíonn sí an cumas atá aige chun anailís a dhéanamh ar an dóigh a n-oibríonn teanga, chun comparáid a dhéanamh idir teangacha agus chun machnamh a dhéanamh ar an dóigh a bhfoghlaimíonn sé teangacha. Bíonn tionchar dearfach aige sin ar a scileanna céad teanga agus ar a fhoghlaim teanga amach anseo.

Agus teangacha iasachta á bhfoghlaim aige, tá páirt ghníomhach á ghlacadh ag an scoláire i ngníomhaíochtaí agus i dtascanna ina gcomhtháthaítear na cúig scil teanga: éisteacht, léitheoireacht, labhairt, idirghníomhú cainte agus scríbhneoireacht. Mar thoradh air sin, is le neamhspleáchas, le muinín agus le cruthaitheacht níos mó a dhéanann sé cumarsáid.  Ós rud é gur gníomhaíocht shóisialta agus gníomhaíocht phearsanta atá san fhoghlaim agus mar gur cuid lárnach de theanga í cumarsáid, is iomaí deis atá ag an scoláire agus é ag foghlaim teangacha oibriú le daoine eile ar mhaithe lena scileanna teanga a fhorbairt agus spriocanna cuí a bhaint amach.

Gné bhunúsach de theangacha is ea go dtugtar deis don scoláire teacht ar shaolta nua agus ar bhealaí difriúla smaointeoireachta leo. Feabhsaítear forbairt chognaíoch an scoláire freisin leis an eolas soch-chultúrtha agus leis an bhfeasacht idirchultúrtha a fhorbraítear dá bharr sin.  Forbraíonn an scoláire tuiscint níos cuimsithí ar a chultúr féin agus léirthuiscint aige don éagsúlacht ach machnamh a dhéanamh ar chultúir eile agus comparáidí a dhéanamh.

Ina theannta sin, tugtar léargas níos fearr ar an saol don scoláire agus cuirtear ar a chumas scil foghlama ar feadh an tsaoil a fhorbairt le haghaidh oideachais, fóillíochta agus oibre, agus dearcadh dearfach a fhorbairt i leith teangacha agus cultúir eile. Bíonn ról tábhachtach ag teicneolaíochtaí nua-aimseartha i bhfoghlaim teanidirghníomhú caintega agus in úsáid teanga a dhéanamh níos éasca agus níos taitneamhaí d’fhoghlaimeoirí ach teacht ar fhaisnéis agus ar chumarsáid le daoine a éascú ar fud an domhain.

Sochaí ilteangach atá sa tsochaí ina mairimid anois. Ní mór do mhuintir na hÉireann a gcumas teanga a mhéadú agus ilteangachas (cumas an duine chun cumarsáid a dhéanamh i níos mó ná teanga amháin) a chothú. Cé gur teanga idirnáisiúnta é an Béarla, beidh buntáistí cultúrtha agus iomaíocha againn má tá eolas againn ar theangacha eile.

 

I roinnt mhaith staidéar a rinneadh go dtí seo, deimhnítear na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas agus leis an ilteangachas. Is fearr feidhmíocht an scoláire a fuair blaiseadh d’fhoghlaim teanga sna luathbhlianta ná feidhmíocht an scoláire sin nach bhfuair an blaiseadh sin. Ní hé amháin go mbaineann an fheidhmíocht sin le scileanna ó bhéal, baineann sí leis an matamaitic freisin. Taispeánann sé cineálacha feabhsaithe cumais i réimsí amhail réiteach fadhbanna, iltascáil, cruthaitheacht agus aitheantas patrún[2].

Tabhair faoi deara gur forbraíodh an tsonraíocht seo mar chreat a úsáidfear le Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis agus Spáinnis na sraithe sóisearaí a theagasc mar Nuatheangacha Iasachta.

Soláthraítear sna heiseamláirí teanga sampla mionsonraithe den chaoi a n-úsáidfidh múinteoir an tsonraíocht chun pleanáil le haghaidh teagaisc agus foghlama.



[1] Moladh 2006/962/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir leis na príomhinniúlachtaí d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil [Irisleabhar Oifigiúil L 394 de 30.12.2006]

[2] Feic García, Ofelia (2009). Bilingual Education in the 21st Century: A Global Perspective. Malden, MA agus Oxford, an Ríocht Aontaithe: Wiley-Blackwell. lgh 93-108.