Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Cúrsa

Snáithe

Tá an tsonraíocht do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí dírithe ar 200 uair ar a laghad de rannpháirtíocht an scoláire ar an gclár ama agus tá sí eagraithe de réir trí shnáithe chomhtháite:

  1. Cumas Cumarsáide
  2. Feasacht Teanga 
  3. Eolas Soch-chultúrtha agus Feasacht Idirchultúrtha.

Tugtar tacaíocht ghníomhach d’fhoghlaim teanga an scoláire nuair a dhéantar a Chumas Cumarsáide, Fheasacht Teanga agus Eolas Soch-chultúrtha agus Fheasacht Idirchultúrtha a fhorbairt ar bhealach comhtháite.

Teagasc agus foghlaim chomhtháite

Cé go leagtar amach na torthaí foghlama a bhaineann le gach snáithe astu féin sa tsonraíocht seo, níor chóir go dtuigfí as sin go bhfuil staidéar le déanamh ar na snáitheanna ina n-aonar. Déantar rannpháirtíocht agus foghlaim an scoláire a bharrfheabhsú trína thaithí iomlán comhtháite ar Cumas Cumarsáide, ar Fheasacht Teanga, ar Eolas Soch-chultúrtha agus ar Fheasacht Idirchultúrtha. Mar an gcéanna, leabaíodh an ghramadach, an chomhréir agus an fuaimniú le go dteagascfaí na gnéithe sin den fhoghlaim teanga i gcomhthéacs cumarsáideach.

Gnéithe

Tá na snáitheanna sin miondealaithe tuilleadh agus gnéithe déanta díobh agus sonraítear freisin na torthaí foghlama a bhaineann le gach gné.

Baineann an snáithe, Cumas Cumarsáide, le cumas an scoláire chun cumarsáid fhollasach a dhéanamh sa sprioctheanga a fhorbairt. Cuirtear san áireamh sa snáithe sin cúig ghné lena léirítear na cúig scil teanga: éisteacht, léitheoireacht, labhairt, idirghníomhú cainte agus scríbhneoireacht.

Sa dara snáithe, Feasacht Teanga, feabhsaítear feasacht ghinearálta an scoláire ar theangacha. Cuirtear na trí ghné seo san áireamh ann: machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibríonn an sprioctheanga, comparáid a dhéanamh idir an sprioctheanga agus teangacha eile atá ag an scoláire agus machnamh a dhéanamh ar a straitéisí foghlama teanga féin.

Sa tríú snáithe, Eolas Soch-chultúrtha agus Feasacht Idirchultúrtha, tugtar rochtain don scoláire ar ghnéithe nua cultúrtha agus spreagtar é le machnamh a dhéanamh ar a chultúr féin. Déantar forbairt leis na trí ghné den snáithe sin ar eolas an scoláire ar na tíortha agus ar na cultúir a bhaineann leis na sprioctheangacha agus cuirtear ar a chumas comparáidí a dhéanamh idir a thír agus a chultúr féin agus tíortha agus cultúir eile.

Dul chun cinn

Is curaclam comhtháite é Curaclam Teanga na Bunscoile (2015), agus is ionann struchtúr agus comhpháirteanna an churaclaim do Ghaeilge agus do Bhéarla. Aithnítear ann go gcabhrófar leis an bpáiste scileanna a fhorbairt i dteanga eile má fhorbraíonn sé scileanna i dteanga amháin. Ní hé amháin go bhfuiltear ag iarraidh leis cumas cumarsáide i nGaeilge agus i mBéarla a fhorbairt, táthar ag iarraidh leis freisin forbairt a dhéanamh ar spéis ar feadh an tsaoil san fhoghlaim teanga agus ar ghrá don fhoghlaim teanga ar mhaithe le taitneamh agus le saibhriú pearsanta. Tá sé mar aidhm aige feasacht ar theanga agus léirthuiscint d’ábhar agus do struchtúr na teanga a chothú i measc páistí.  Cé go ndírítear go príomha ar chumarsáid fhollasach agus go dteagasctar an páiste tríd an sprioctheanga, is ann do sholáthar le haghaidh teagasc follasach foirme freisin, lena n-áirítear gnéithe áirithe den ghramadach. Tá sé mar aidhm ag an gcuraclam cabhrú leis an bpáiste a bheith ina fhoghlaimeoir spreagtha neamhspleách teanga. Tagann gach ceann de na gnéithe sin de Churaclam Teanga na Bunscoile leis an réasúnaíocht taobh thiar den tsonraíocht do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí agus le haidhmeanna na sonraíochta. Ina theannta sin, réitíonn siad an bealach don scoláire le teangacha breise a fhoghlaim sa tsraith shóisearach agus ina diaidh. Mar an gcéanna, beidh scileanna ag an scoláire nach bhfuil Gaeilge ná Béarla mar mháthairtheanga aige ar féidir leis tógáil orthu agus beidh feasacht aige ar theanga agus ar a struchtúr a bheidh sé ábalta a úsáid agus é ag tabhairt faoi Nuatheanga Iasachta sa tsraith shóisearach.

De réir mar a théann an scoláire ar aghaidh ón tsraith shóisearach go dtí an tsraith shinsearach, tugtar go leor deiseanna dó tógáil ar a thaithí foghlama teanga roimhe sin. I gcás roinnt mhaith scoláirí, is san Idirbhliain a thosaíonn na deiseanna sin. Is bliain í ina bhféadfadh an scoláire an teanga agus na cultúir ghaolmhara ar a ndearna sé staidéar sa tsraith shóisearach a fhiosrú níos mó agus/nó is bliain í ina bhféadfadh sé teanga nua a fhoghlaim. Bainfidh an scoláire a roghnaíonn staidéar a dhéanamh ar nuatheanga iasachta don Ardteistiméireacht leas as an leanúnachas agus as an ailíniú dlúth idir na trí shnáithe sa tsraith shóisearach agus cuspóirí iompraíochta na hArdteistiméireachta um Inniúlacht Chumarsáideach Bhunúsach, um Fheasacht Teanga agus um Fheasacht Chultúrtha. Ag tógáil dóibh ar thorthaí foghlama Nuatheangacha Iasachta na sraithe sóisearaí, is é aidhm na siollabas Ardteistiméireachta tuilleadh forbairt a dhéanamh ar neamhspleáchas an fhoghlaimeora agus cabhrú leis an scoláire straitéisí a fhorbairt le haghaidh foghlaim éifeachtach teanga. Anuas air sin, is cuid dhílis de Ghairmchlár na hArdteistiméireachta agus den Ardteistiméireacht Fheidhmeach í nuatheanga iasachta a fhoghlaim.An tsraith shinsearach

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.