Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Ionchais maidir le scoláirí

Is scáth-théarma é ionchais maidir le scoláirí a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte de shaothar scoláirí. Nuair a bheidh múinteoirí, scoláirí nó tuismitheoirí ag scrollú síos trí na torthaí foghlama, beidh nasc ar fáil uaireanta le samplaí oibre a bhaineann le toradh foghlama ar leith nó le grúpa de thorthaí foghlama. Roghnófar na samplaí de shaothar scoláirí chun ionchais a léiriú agus beidh tráchtanna múinteoirí leo. Cuimseoidh na samplaí seo obair atá:

  • ag teacht leis na hionchais
  • os cionn na n-ionchas
  • thar barr ar fad

Is é an cuspóir atá leis na samplaí de shaothar scoláirí go dtaispeánfar iontu a oiread atá na torthaí foghlama á mbaint amach. Forbrófar de réir a chéile samplaí de shaothar scoláirí a d’anótáil múinteoirí. Tabharfaidh na samplaí de shaothar scoláirí atá nasctha leis na torthaí foghlama idir thráchtanna agus léargais a thacaíonn le difreáil freisin.

I gCumas Cumarsáide, cuirtear ar chumas an scoláire cumarsáid a dhéanamh sa sprioctheanga chun críocha fiúntacha. Sa snáithe seo glacann an scoláire páirt i ngníomhaíochtaí agus i dtascanna teanga lena mbaineann na scileanna comhtháite teanga seo: éisteacht, léitheoireacht, labhairt, idirghníomhú cainte agus scríbhneoireacht.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Éisteacht
  1. 1.1

    topaic ghinearálta an chomhrá a shainaithint i dtopaicí coitianta nuair a chuirtear in iúl í go soiléir  

  2. 1.2

    focail agus frásaí atá bainteach le réimsí tábhachtacha agus taithí láithrí agus a úsáidtear go minic a aithint, lena n-áirítear an teanga a úsáidtear i ngnáth-idirghníomhaíocht sa seomra ranga

  3. 1.3

    faisnéis shonrach a shainaithint i dtéacsanna a bhaineann le topaicí coitianta amhail fógraí, comhráite, míreanna simplí nuachta

  4. 1.4

    spreagthaí fuaime ar nós amhrán, comhráite agus fógrán a fhoinsiú, a roghnú agus a chomhroinnt trí theicneolaíochtaí digiteacha cuí

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Léitheoireacht
  1. 1.5

    an bhrí atá le focail choitianta agus le frásaí coitianta a aithint, lena n-áirítear comharthaí agus fógraí laethúla in áiteanna poiblí

  2. 1.6

    an bhrí ghinearálta atá le téacs ar thopaicí coitianta a thuiscint

  3. 1.7

    faisnéis shonrach a shainaithint i raon téacsanna ina ndéileáiltear le topaicí coitianta

  4. 1.8

    téacsanna dílse a fhoinsiú agus a úsáid chun topaicí ábhartha a fhiosrú trí raon meán

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Labhairt[1]

[1] Déantar idirdhealú sa Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach idir na scileanna labhartha a bhaineann le labhairt agus idirghníomhú cainte

 

  1. 1.9

    focail a fhuaimniú le dóthain cruinnis agus le tuin chainte chuí ionas go dtuigfear é

  2. 1.10

    tuairiscí, cuir i láthair nó fógraí simplí ar thopaicí coitianta a chur in iúl

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Idirghníomhú cainte
  1. 1.11

    idirghníomhú i ngnáth-chomhráite le fuaimniú agus le tuin chainte atá soiléir go leor ionas go dtuigfear é agus le teanga neamhbhriathartha chuí 

  2. 1.12

    leaganacha múinte simplí, amhail beannachtaí, buíochas agus cur in aithne, a úsáid i gcásanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla, agus freagairt go cuí dóibh

  3. 1.13

    ceisteanna a chur agus a fhreagairt, agus smaointe, mothúcháin agus faisnéis a mhalartú ar thopaicí coitianta i gcúrsaí laethúla

  4. 1.14

    uimhreacha a thuiscint agus iad a úsáid de réir mar is cuí i gcúrsaí laethúla, amhail siopadóireacht, uimhreacha a mhalartú, eachtraí a chur in ord

  5. 1.15

    páirt a ghlacadh i ngnáth-idirghníomhaíocht sa seomra ranga amhail obair i mbeirteanna agus obair ghrúpa, ceisteanna a chur, páirt a ghlacadh i gcluichí agus i ngníomhaíochtaí teanga, cabhair agus athrá a iarraidh nuair is gá

  6. 1.16

    cumarsáid a dhéanamh le daoine eile ó bhéal ach teicneolaíochtaí digiteacha ar nós na meán sóisialta a úsáid

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
5 Scríbhneoireacht
  1. 1.17

    focail a scríobh agus abairtí gearra a chruthú go cruinn ar thopaicí laethúla ach meáin éagsúla (ríomhphoist, litreacha, blaganna, cártaí poist…) a úsáid

  2. 1.18

    sraith frásaí agus abairtí atá ceangailte le nascóirí simplí amhail ach, agus, , mar a scríobh

  3. 1.19

    téacsanna a chruthú[1] faoi ghnéithe dá shaol agus faoi thopaicí a bhfuil spéis aige iontu, amhail teaghlach agus cairde, an scoil, laethanta saoire, gníomhaíochtaí fóillíochta, faisean, spórt, daoine mór le rá


    [1] Is ionann ‘téacs’ agus gach táirge úsáide teanga, lena n-áirítear téacs labhartha, scríofa agus digiteach  

  4. 1.20

    tuairiscí gearra a scríobh faoi imeachtaí, faoi ghníomhaíochtaí agus faoi thaithí phearsanta a tharla san am atá thart, atá ag tarlú faoi láthair nó a tharlóidh amach anseo, mar aon le téacsanna samhlaíocha a scríobh

  5. 1.21

    foirmeacha atá ábhartha dá aoisghrúpa agus dá thaithí a chomhlánú 

  6. 1.22

    téacsanna a tháirgeadh agus a chur in eagar agus idirghníomhú le daoine eile ach teicneolaíochtaí digiteacha cuí a úsáid

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibríonn an sprioctheanga
  1. 2.1

    patrúin teanga amhail ord na bhfocal, an córas briathra, ainmfhocail, aidiachtaí agus gnásanna litrithe agus poncaíochta a aithint agus cur síos a dhéanamh orthu agus iad a úsáid

  2. 2.2

    an fhoghlaim teanga ar fad a chur i bhfeidhm ar ghníomhaíochtaí cruthaitheacha, amhail dánta simplí, póstaeir, cur i láthair, cluichí agus drámaíocht a tháirgeadh 

  3. 2.3

    an chaoi a dtéann gnásanna inscne agus sóisialta i bhfeidhm ar úsáid na sprioctheanga a aithint

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 An sprioctheanga a chur i gcomparáid le teangacha eile atá ar eolas aige
  1. 2.4

    cosúlachtaí agus difríochtaí a shainaithint idir fuaimniú, tuin chainte agus rithim na sprioctheanga agus fuaimniú, tuin chainte agus rithim teangacha eile atá aige

  2. 2.5

    comparáid a dhéanamh idir gramadach agus stór focal na sprioctheanga agus iad sin i dteangacha eile atá aige, agus naisc agus idirdhealuithe á ndéanamh de réir mar is cuí

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhfoghlaimíonn sé teangacha
  1. 2.6

    a straitéisí roghnaithe foghlama teanga a shainaithint, a chomhroinnt agus a mhíniú 

  2. 2.7

    monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar a fhoghlaim féin ach úsáid a bhaint as aiseolas a fhaigheann sé chun machnamh a dhéanamh ar ar gá dó a dhéanamh chun feabhas a chur air agus spriocanna a leagan síos le haghaidh feabhais

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Foghlaim faoi fhíricí ábhartha, faoi dhaoine, faoi áiteanna agus faoi stair na tíre/na dtíortha a bhaineann leis an sprioctheanga
  1. 3.1

    roinnt gnéithe de thír/thíortha na sprioctheanga, amhail gnéithe geografacha, an aimsir, áiteanna agus sainchomharthaí agus bia, a ainmniú agus cur síos a dhéanamh orthu

  2. 3.2

    fíricí agus figiúirí a bhaineann le tír/tíortha na sprioctheanga a aimsiú agus a úsáid, mar shampla, sonraí staitistiúla, féilte, aireagáin, daoine cáiliúla 

  3. 3.3

    machnamh a dhéanamh ar cad atá foghlamtha acu faoin tír/tíortha a bhaineann leis an sprioctheanga

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Foghlaim faoi thraidisiúin, faoi ghnásanna agus faoi iompraíochtaí
  1. 3.4

    roinnt gnéithe de thír/thíortha na sprioctheanga a shainaithint agus a mhíniú i réimsí amhail an saol laethúil, caidreamh idirphearsanta, gnásanna agus iompraíochtaí, gnásanna sóisialta

  2. 3.5

    steiréitíopaí coitianta faoin sprioc-chultúr/faoi na sprioc-chultúir, a chuid féin san áireamh, a shainaithint agus machnamh a dhéanamh orthu, agus a mhíniú an bhfuil a dhearcadh i leith na spriocthíre/na spriocthíortha ag forbairt nó nach bhfuil agus, má tá, conas atá an dearcadh sin ag forbairt

  3. 3.6

    faisnéis a roghnú, a phróiseáil agus a chur i láthair ach teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid go cuí agus fírinne agus iontaofacht na faisnéise sin a mheasúnú

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Cultúr a thíre dúchais féin a chur i gcomparáid le cultúr na tíre/dtíortha a bhaineann leis an sprioctheanga
  1. 3.7

    cosúlachtaí agus difríochtaí a anailísiú i dtaca le saol a phiaraí i dtír/dtíortha na sprioctheanga i réimsí den saol laethúil amhail an scoil, an saol sóisialta, spórt, nósanna bia

  2. 3.8

    comparáid a dhéanamh idir gnéithe lena mbaineann spéis phearsanta i dtír/dtíortha na sprioctheanga agus na gnéithe sin ina thír féin, iad a chur i gcodarsnacht le chéile, agus iad a chur i láthair ach meáin éagsúla a úsáid

  3. 3.9

    léirthuiscint a ghnóthú ar an gcaoi a dtéann difríochtaí cultúrtha i bhfeidhm ar chaidreamh sóisialta, ar nós beannachtaí agus béilí a ithe le chéile 

  4. 3.10

    comparáid a dhéanamh idir úsáid uimhreacha i dtír/dtíortha na sprioctheanga agus úsáid uimhreacha ina thír féin, agus iad a chur i gcodarsnacht lena chéile maidir le topaicí coitianta amhail praghsanna, aois, dátaí, séasúir

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.