Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú agus tuairisciú

Measúnú i Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí

Baineann measúnú san oideachas le heolas faoi phróisis agus faoi thorthaí na foghlama a bhailiú, a léirmhíniú agus a úsáid. Tá cineálacha éagsúla ann agus is féidir é a úsáid ar bhealaí éagsúla, amhail gnóthachtáil a thástáil agus a dheimhniú, an bealach cuí chun foghlaimeoirí a thabhairt trí churaclam difreálach a shocrú, nó chun réimsí deacrachta (nó láidreachta) ar leith d’fhoghlaimeoir áirithe a shainaithint. Cé gur féidir teicnící difriúla a úsáid chun measúnú foirmitheach, diagnóiseach agus suimitheach a dhéanamh, dírítear an measúnú agus an tuairisciú ar fhoghlaim an scoláire a fheabhsú. Chuige sin, ní mór go léireodh sé aidhm an churaclaim go hiomlán.

Leagann an tsraith shóisearach an-bhéim ar mheasúnú mar chuid den phróiseas foghlama. Sa chur chuige sin, teastaíonn éagsúlacht sa mheasúnú chun a chinntiú go mbíonn an modh/na modhanna measúnaithe a roghnaítear oiriúnach don fheidhm, tráthúil agus ábhartha don scoláire. Sa mheasúnú i Nuatheangacha Iasachta na sraithe sóisearaí, tapófar an deis don scoláire a bheith in rannpháirtí machnamhach agus gníomhach ina chuid foghlama féin agus an deis dá réir a bheidh ag múinteoirí tacú leis sin. Tá sé sin ag brath ar dheiseanna a bheith á soláthar don fhoghlaimeoir chun dul i ngleic leis na critéir ratha faoina ndéanfar caighdeán a chuid oibre a mheas trí phiarmheasúnú, trí fhéinmheasúnú agus trí mheasúnú múinteora; agus braitheann sé ar chaighdeán an aiseolais dhírithe a fhaigheann sé chun cabhrú leis ina chuid foghlama.

Gné an-tábhachtach den mheasúnú ardchaighdeáin is ea aiseolas dírithe a thabhairt don scoláire ar a chuid foghlama agus is toisc lárnach í maidir le cumas an scoláire a fhorbairt chun a chuid foghlama féin a bhainistiú agus leis an scoláire a ghríosú le cloí le tasc casta nó le fadhb chasta. Is éifeachtaí an measúnú nuair a théann sé níos faide ná marcanna agus gráid, agus díríonn an tuairisciú ní amháin ar mar a d’éirigh leis an scoláire roimhe sin ach freisin ar na chéad chéimeanna eile le haghaidh na foghlama amach anseo. Cinnteoidh an cur chuige sin go ndéanfar an measúnú chomh gar don phointe foghlama agus is féidir. Tá áit ann fós don mheasúnú deiridh, ach níl ann ach gné amháin de chur chuige níos leithne i leith an mheasúnaithe.

Go bunúsach, is é cuspóir an mheasúnaithe agus an tuairiscithe ag an gcéim seo den oideachas tacú leis an bhfoghlaim. Ba chóir léargas cuimsitheach ar fhoghlaim an scoláire a thabhairt do thuismitheoirí/chaomhnóirí. Mar go nascfar an measúnú ranga agus measúnú eile le córas nua tuairiscithe, arb é bronnadh Phróifíl Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) a bhuaicphointe, tabharfaidh sé léargas leathan soiléir do thuismitheoirí/chaomhnóirí ar thuras foghlama a bpáiste thar thrí bliana na sraithe sóisearaí. Chun tacú leis sin, beidh teacht ag múinteoirí agus ag scoileanna ar Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú. I dteannta an treoirleabhair faoin bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMÁ), áireofar san Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú ábhar tacaíochta foghlama, teagaisc agus measúnaithe lena n-áirítear:

  • measúnú foirmitheach
  • pleanáil le haghaidh measúnú agus é a dhearadh
  • gníomhaíochtaí measúnaithe le húsáid sa seomra ranga
  • breithiúnas a thabhairt ar obair an scoláire – ag breathnú ar ionchais maidir le scoláirí agus ar ghnéithe cáilíochta
  • tuairisciú
  • smaoineamh faoin measúnú: smaointe, taighde agus machnamh
  • gluais téarmaí measúnaithe.

Áireofar san Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú réimse tacaí measúnaithe, comhairle agus treoirlínte a chuirfidh ar chumas scoileanna agus múinteoirí tabhairt faoin gcóras nua measúnaithe agus faoi na socruithe tuairiscithe ar bhealach eolasach, le muinín agus le cinnteacht.

Cuimseoidh an measúnú ar Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí chun críche Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) dhá Mheasúnú Rangbhunaithe (Cumarsáid ó bhéal agus Punann Teanga an Scoláire), Tasc Measúnaithe atá nasctha le Punann Teanga an Scoláire agus Scrúdú Deiridh. Déanfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit measúnú ar an Tasc Measúnaithe agus ar an Scrúdú Deiridh.

Thar na trí bliana den tsraith shóisearach, beidh a lán deiseanna ag an scoláire chun sult a bhaint as an sprioctheanga agus í a fhoghlaim ar fud na snáitheanna. Gabhfaidh sé do ghníomhaíochtaí agus tascanna teanga amhail:

  • cumarsáid a dhéanamh sa sprioctheanga
  • éisteacht, léitheoireacht, labhairt agus scríobh chun críocha fiúntacha
  • léargas a fháil ar chultúr/túir na sprioctheanga
  • foghlaim faoin gcaoi a n-oibríonn an sprioctheanga.

Trí na gníomhaíochtaí sin forbróidh sé a chuid eolais, tuisceana agus scileanna i dteanga. cultúr agus i litearthacht, agus is amhlaidh a ghnóthóidh sé na torthaí foghlama trasna na snáitheanna.
Beidh dhá Mheasúnú Rangbhunaithe i Nuatheangacha Iasachta na sraithe sóisearaí. Bainfidh Measúnuithe Rangbhunaithe le hobair an scoláire le linn an dara agus an tríú bliain d’oideachas na sraithe sóisearaí. Tá na Measúnuithe Rangbhunaithe cosúil leis an measúnú foirmitheach a tharlaíonn gach lá i ngach ceacht. Mar sin féin, i gcás na Measúnuithe Rangbhunaithe, breactar síos breithiúnas an mhúinteora ar mhaithe le hathbhreithniú ar fhoghlaim agus ar mheasúnú ábhair, agus ar mhaithe le tuairisciú na scoile do thuismitheoirí agus don scoláire.

Is é cuspóir an Mheasúnaithe Rangbhunaithe ná go dtaispeánfaidh an scoláire na scileanna labhartha agus idirghníomhaithe cainte. Mar sin féin, féadfar scileanna eile a fhorbairt, e.g. léitheoireacht, scríbhneoireacht, éisteacht, taighde bunúsach. Agus é ag cur na gníomhaíochta ó bhéal i gcrích féadfaidh an scoláire aon cheann de na formáidí seo a leanas a úsáid: agallamh, rólimirt, cur i láthair (agus seisiún ceisteanna agus freagraí ag gabháil leis), nó comhrá mar fhreagairt ar ábhar spreagthach.
Don chumarsáid sin ó bhéal, díreoidh an scoláire ar ghné de thír(thíortha) nó chultúr na sprioctheanga; nó ar spreagthach d’eiseamláir i dtír sprioctheanga; nó ar topaic nó spreagthach spéise.
Is féidir leis an scoláire obair a dhéanamh ina aonar, i mbeirteanna nó i ngrúpaí. Mar sin féin, i gcás ina raibh comhoibriú ar siúl ag an scoláire chun an ghníomhaíocht a chur i gcrích ba cheart don mhúinteoir a chinntiú go gcuireann gach scoláire leis an ngníomhaíocht go stuama as féin.

Fianaise ar fhoghlaim

Agus an chéad Mheasúnú Rangbhunaithe á chur i gcrích aige, léiríonn an scoláire a leibhéal líofachta, cruinnis agus raon a stór focal, ag teacht lena aois agus an chéim ag a bhfuil sé i bhfoghlaim na teanga. Léireoidh a labhairt agus a idirghníomhú cainte an méid tuisceana agus rannpháirtíochta atá ar bun aige.

Forbróidh gach scoláire punann teanga thar thrí bliana na sraithe sóisearaí. Dírítear i bpunann teanga an scoláire ar an bpróiseas foghlama teanga agus cuirtear an foghlaimeoir i gcroílár an teagaisc, an mheasúnaithe agus na foghlama. Tugann sé deis don scoláire Nuatheangacha Iasachta spriocanna pearsanta a leagan síos thar na gcúig scil i Snáithe a haon, d’fhonn tabhairt faoi fhoghlaim teanga agus machnamh a dhéanamh air mar a bhfuil breac-chuntas air i Snáithe a dó agus a fheasacht soch-chultúrtha a fhorbairt agus a bhreacadh síos, rud a thacaíonn dá bhrí sin leis na torthaí foghlama i Snáithe a trí. Nuair a úsáidtear punann teanga an scoláire tacaítear le measúnú foirmitheach sa seomra ranga Nuatheangacha Iasachta agus éascaítear an scoláire chun léiriú a thabhairt ar an méid atá déanta aige ag foghlaim na teanga.
Áireofar i bpunann teanga an scoláire raon leathan míreanna, amhail téacsanna scríofa, tionscadail, ábhair fuaime/físe, taifid foghlama, machnamh an scoláire agus spriocanna foghlama. Aithnítear gur féidir, sa chomhthéacs seo, téacsanna cruthaithe an scoláire[1]  a chur i láthair i bhformáidí difriúla – scríofa de láimh, digiteach, ilmhódach agus mar sin de. Gnóthóidh an scoláire a lán eolais as próiseas an tsealbhaithe teanga nuair a thugtar treoir dó faoin gcaoi le punann a úsáid chun a chuid foghlama a bhreacadh síos agus chun machnamh a dhéanamh uirthi. Caithfidh sé éirí muiníneach ag idirghníomhú agus ní mór dó feasacht a fhorbairt ar an bpróiseas sealbhaithe teanga.

Tugtar deis don scoláire sa dara Measúnú Rangbhunaithe ceiliúradh a dhéanamh ar a éachtaí mar fhoghlaimeoir teanga trí mheáin éagsúla ach trí phíosa a roghnú astu sin a cuireadh le chéile thar thréimhse ama agus iad a chur i láthair le haghaidh measúnú.

Fianaise ar fhoghlaim

Agus an dara Measúnú Rangbhunaithe á chur i gcrích aige, roghnaíonn gach scoláire trí théacs i gcomhair measúnú óna phunann. Léireofar sna trí phíosa a roghnóidh an scoláire forbairt chomhtháite na dtrí shnáithe, agus beidh ceann de na píosaí a roghnófar i bhformáid fuaime. Ba cheart go léireofaí modhanna cur i láthair éagsúla sna píosaí freisin.


[1] Is ionann ‘téacs’ agus gach táirge úsáide teanga, lena n-áirítear téacs labhartha, scríofa agus digiteach

Tacaíonn gnéithe cáilíochta le breithiúnas an scoláire agus an mhúinteora ar na Measúnuithe Rangbhunaithe agus is iad na critéir iad a úsáidfidh an múinteoir chun píosaí oibre an scoláire a mheas. Cuirfear na gnéithe cáilíochta ar fáil sna Treoirlínte Measúnuithe le haghaidh Nuatheangacha Iasachta na sraithe sóisearaí.
Cuirfidh gach scoláire an dá Mheasúnú Rangbhunaithe (MRB) i gcrích.

MEASÚNÚ RANGBHUNAITHE An measúnú a chur i gcrích Cruinniú AFMÁ 
Cumarsáid ó bhéal I dtreo dheireadh an dara bliain Cruinniú athbhreithnithe amháin
Punann Teanga an Scoláire  Deireadh an chéad téarma sa tríú bliain Cruinniú athbhreithnithe amháin

Beidh sonraí níos mine ar fáil i dtreoirlínte measúnaithe ar leith maidir leis an measúnú ar an tuairisciú i Nuatheangacha Iasachta na sraithe sóisearaí, ina leagtar amach treoracha ar na socruithe praiticiúla a bhaineann le measúnú na Measúnuithe Rangbhunaithe. Áireofar leo sin, mar shampla, fad agus formáidí a mholfar le haghaidh Measúnú Rangbhunaithe na cumarsáide ó bhéal, na treoirlínte maidir le punann teanga an scoláire a úsáid agus a chur i láthair le haghaidh an dara Measúnú Rangbhunaithe. Cuirfidh sé gnéithe cáilíochta ar fáil freisin le haghaidh Measúnaithe Rangbhunaithe agus tacaíocht i dtaca le breithiúnas ‘ar an iomlán’ a úsáid i ndáil leis na gnéithe cáilíochta. Beidh ábhar cuimsitheach acmhainne i bhFoireann Uirlisí don Mheasúnú CNCM freisin le húsáid agus le tagairt dó i measúnú leanúnach ranga ar Nuatheangacha Iasachta na sraithe sóisearaí, agus lena chois sin tabharfar mionchuntas ar an bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair.

Éascaítear cleachtais mheasúnaithe chuimsitheacha sa tsonraíocht seo, mar chuid de mheasúnú leanúnach nó mar Mheasúnuithe Rangbhunaithe. Sa chás go meastar i scoil go bhfuil sainriachtanas fisiciúil nó foghlama ag scoláire, is féidir oiriúntais réasúnta a chur i bhfeidhm chun tionchar an mhíchumais ar fheidhmiú an scoláire i Measúnuithe Rangbhunaithe a laghdú, a oiread agus is féidir. Ba chóir go mbeadh na hoiriúntais, m.sh. an tacaíocht a thugann Cúntóir Riachtanas Speisialta nó tacaíocht teicneolaíochtaí cúntacha, ag teacht leis na socruithe a chuir an scoil i bhfeidhm chun tacú le foghlaim an scoláire i rith na scoilbhliana.

Cuireann an scoláire Tasc Measúnaithe foirmiúil scríofa i gcrích atá le cur faoi bhráid Choimisiún na Scrúduithe Stáit lena mharcáil i dteannta an Scrúdaithe Deiridh do Nuatheangacha Iasachta. Is fiú 10% é de na marcanna a úsáidfear chun an grád a bhronnann Coimisiún na Scrúduithe Stáit a oibriú amach. Is í CNCM a shonraíonn an Tasc Measúnaithe agus bainfidh sé leis na torthaí foghlama a mbeidh an dara Measúnú Rangbhunaithe bunaithe orthu. Cuimsítear sa Tasc Measúnaithe roinnt de na gnéithe seo a leanas nó de gach ceann díobh:

  • Spreagthach gairid i bhformáid scríofa, fuaime, closamhairc nó ilmhódach, mar ullmhú don tasc scríofa
  • Tasc scríofa ina dtástálfar an scoláire maidir leo seo a leanas:
    • an cumas atá aige/aici breac-chuntas a thabhairt agus/nó plé a dhéanamh ar an taithí atá aige/aici punann foghlama teanga a chur le chéile
    • a thuiscint ar an taithí sin agus a mheastóireacht uirthi
    • a chumas chun machnamh a dhéanamh ar na scileanna a d’fhorbair sé
    • a thuiscint ar ghné chultúrtha de thír na sprioctheanga, a mbeidh fianaise ar an bhfoghlaim sin i bpunann an scoláire

Toisc gurb é príomhaidhm an Tasc Measúnaithe an scoláire a spreagadh chun machnamh a dhéanamh ar an bpróiseas foghlama teanga, beidh na ceisteanna agus na freagraí sa teanga scolaíochta[1].

[1] Is ionann an teanga scolaíochta agus an phríomhtheanga teagaisc agus foghlama sa scoil.

Beidh scrúdpháipéar amháin ann ag leibhéal comónta, a shocróidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Tabharfaidh an scoláire faoin bpáipéar scrúdaithe scríofa seo a mhairfidh suas le dhá uair an chloig ag deireadh na tríú bliana. Iarrfar air dul i ngleic le hábhar spreagtha, a thaispeáint go dtuigeann sé é, agus freagairt dó, agus áireofar leis clos-spreagthach. I mbliain áirithe ar bith, is éard a bheidh sna torthaí foghlama atá le measúnú sampla de na torthaí ó tháblaí na dtorthaí foghlama. Is fiú 35% é de na marcanna comhpháirt na cluastrialach a úsáidfear chun an grád a bhronnann Coimisiún na Scrúduithe Stáit a oibriú amach.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.