Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht

De bharr na sonraíochta seo le haghaidh na matamaitice, is féidir leis an scoláire teacht ar smaointe matamaiticiúla tábhachtacha chun an t-eolas matamaiticiúil agus na scileanna matamaiticiúla a mbainfidh sé leas astu ina shaol pearsanta agus ina shaol oibre a fhorbairt. Ina theannta sin, cuirtear an bunús le haghaidh taighde agus staidéar breise sa mhatamaitic agus i mórán réimsí eile ar fáil don scoláire, mar fhoghlaimeoir ar feadh an tsaoil.

Tháinig smaointe matamaiticiúla chun cinn i sochaithe agus i gcultúir thar na mílte bliain, agus tá siad ag forbairt i rith an ama. Tá teicneolaíochtaí digiteacha ag éascú an bhorrtha seo ar smaointe agus soláthraíonn siad uirlisí nua i gcomhair nuálaíocht agus fiosrú matamaiticiúil. Cé gurb eol do chách a úsáidí atá an mhatamaitic chun fadhbanna a réiteach, tá ról bunúsach aici freisin i dtaca le forbairtí cultúrtha, sóisialta, eacnamaíochta agus teicneolaíochta a chumasú agus a chothú agus a chur ar chumas daoine a bheith ina saoránaigh chriticiúla.

Tá an tuiscint ar an matamaitic – corpas smaointe agus próisis réasúnaíochta idirnasctha a bpléann an scoláire leo i gcomhar le múinteoirí agus lena chomhscoláirí agus mar fhoghlaimeoir neamhspleách – mar bhonn agus taca ag an tsonraíocht. Ó thaobh eispéiris mhatamaiticiúla de, is gnách go bpléann formhór na ndaoine le huimhreas, tomhas agus céimseata, staitisticí agus dóchúlacht ina ngáthshaol pearsanta, staidéir agus oibre. Tá na róil ríthábhachtacha atá ag ailgéabar, feidhmeanna agus coibhneasa, loighic, struchtúr matamaiticiúil agus oibriú go matamaiticiúil chomh tábhachtach céanna maidir leis an tuiscint atá ag daoine ar an saol nádúrtha agus ar an saol sóisialta, agus ar an gcaidreamh eatarthu.

Cuireann an tsonraíocht le haghaidh na matamaitice le foghlaim an scoláire roimhe seo agus díríonn sí ar an bhforbairt ar thuiscint mhatamaiticiúil, líofacht, réasúnaíocht, smaointeoireacht ríomhaireachta agus réiteach fadhbanna, ar nithe iad atá ag éirí níos sofaisticiúla agus níos beaichte i rith an ama. Cuireann na hábaltachtaí seo ar chumas an scoláire déileáil le cásanna aithnidiúla agus le cásanna neamhaithnidiúla trí úsáid a bhaint as an matamaitic chun cinntí eolasacha a dhéanamh agus chun fadhbanna a réiteach go héifeachtúil.

Tacaíonn an tsonraíocht le foghlaim an scoláire sa chóras oideachais ar fad trína chinntiú go gcuirtear béim ar na naisc idir na codanna éagsúla den mhatamaitic, agus ar an gcaidreamh idir an mhatamaitic agus ábhair eile. Is éard atá sa mhatamaitic ná an iliomad coincheap agus struchtúr idirghaolmhar agus idirspleách ar féidir leis an scoláire úsáid a bhaint astu lasmuigh de sheomra ranga na matamaitice. Mar shampla, san eolaíocht, is fíorthábhachtach go bhfaightear tuiscint ar fhoinsí earráide agus a dtionchar ar mhuinín na gconclúidí; sa tíreolaíocht, tá léirmhíniú ar shonraí mar bhonn agus taca ag an staidéar ar phobail dhaonna agus a dtimpeallachtaí fisiciúla; sa stair, ní mór don scoláire a bheith in ann amlínte agus creataí ama a shamhlú chun imeachtaí gaolmhara a thabhairt chun réitigh; agus sa Bhéarla, is tábhachtach
faisnéis chainníochtúil, loighciúil agus spásúil a fháil ar mhaithe le brí a bhaint as téacsanna. Dá bhrí sin, is féidir leis an tuiscint ar an matamaitic a fhorbraítear tríd an staidéar sa tsraith shóisearach bonn eolais a chur faoi fhoghlaim an scoláire sa chóras oideachais ar fad. Féadfaidh an tuiscint sin tacú le foghlaim an scoláire sa chóras oideachais ar fad freisin.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.