Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Dul chun cinn ón luath-óige go dtí an tsraith shinsearach​

Leis an gcreatchuraclam luath-óige, Aistear, déantar ceiliúradh ar an luath-óige mar thréimhse ina mbíonn an sult agus an fholláine i réim agus ina mbíonn an páiste ag foghlaim ó eispéiris de réir mar a thiteann siad amach. Ba chóir go mbeadh súgradh agus ábhair spéise an pháiste i gcroílár a chéad eispéireas ar an matamaitic. Féadfaidh an mhatamaitic teacht isteach sna heispéiris sin de réir mar a dhéantar léiriú agus fiosrú orthu. Léiríonn páistí óga a gcuid smaointe trí chaint, trí shamhlacha agus trí ghrafaicí. Pléann siad le rainn rithimeacha, tógann siad patrúin chéimseatúla le bloic aonaid agus, de réir a chéile, déanann siad ginearálú agus teibiú ar phatrúin a fheiceann siad i rith an lae.

Tá sé mar aidhm ag curaclam matamaitice na bunscoile teanga agus córas a chur ar fáil don pháiste trínar féidir leis raon leathan eispéireas a anailísiú, a thuairisciú, a léiriú agus a mhíniú, réamh-mheastacháin a dhéanamh, agus fadhbanna a réiteach. Tá sé de chuspóir ag an matoideachas a chur ar chumas an fhoghlaimeora smaoineamh agus cumarsáid a dhéanamh go cainníochtúil agus go spásúil, fadhbanna a réiteach, cásanna a aithint inar féidir matamaitic a úsáid, agus leas a bhaint as teicneolaíocht atá oiriúnach chuige sin. Déanann an tsonraíocht le haghaidh mhatamaitic na sraithe sóisearaí foghlaim an scoláire ón mbunscoil a dhaingniú agus a fhorbairt agus, dá réir sin, glactar leis go bhfuil taithí ag an scoláire ar na torthaí foghlama i gCuraclam Matamaitice na Bunscoile.

Dearadh an tsonraíocht le haghaidh mhatamaitic na sraithe sóisearaí ar bhealach le go dtagann sí le Matamaitic na hArdteistiméireachta. Mar thoradh air sin, féadfaidh an scoláire an t-eolas, an tuiscint agus na scileanna a foghlaimíodh sa tsraith shóisearach a úsáid arís sa tsraith shinsearach. Cé gur cuireadh gnéithe áirithe de na snáitheanna in oiriúint don tsraith shóisearach go sonrach – mar shampla, ceithre shnáithe seachas cúig shnáithe, is léir ó leagan amach na sonraíochta seo conas ba cheart foghlaim an scoláire i matamaitic na sraithe sóisearaí a fhorbairt sa tsraith shinsearach. Beidh an scoláire ullmhaithe le dul i ngleic le matamaitic na sraithe sinsearaí má bhíonn tuiscint mhaith aige ar an eolas agus ar na scileanna a leagtar amach sa tsonraíocht seo.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.