Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Naisc

Tacaíonn an mhatamaitic le réimse leathan eispéiris foghlama sa tsraith shóisearach. Léirítear i dTábla 1 an chaoi a bhfuil matamaitic na sraithe sóisearaí nasctha le gnéithe lárnacha den fhoghlaim agus den teagasc sa tsraith shóisearach.

Tábla 1: Naisc idir matamaitic na sraithe sóisearaí agus na ráitis foghlama

RÁITIS FOGHLAMA

An ráiteas Samplaí d’fhoghlaim ábhartha a bhféadfaí tabhairt fúithi
RF 1: Déanann an scoláire
cumarsáid go héifeachtach
ar bhealaí éagsúla i réimse
comhthéacsanna sa T1.
Déanann an scoláire smaointeoireacht uimhriúil agus
smaointeoireacht mhatamaiticiúil a eagrú, a dhaingniú agus a chur in iúl go soiléir agus go stuama do chomhscoláirí, do mhúinteoirí agus do dhaoine eile ó bhéal, agus i bhfoirm
scríofa, trí úsáid a bhaint as léaráidí, graif, táblaí agus siombailí matamaiticiúla.L1. 
RF 14: Déanann an scoláire cinntí eolasacha airgeadais agus forbraíonn sé scileanna maithe tomhaltacha.   Forbraíonn an scoláire a chuid scileanna maidir le réasúnaíocht agus smaointeoireacht chriticiúil trí bhreithiúnais agus ríomhanna luach ar airgead a dhéanamh a chuirfidh ar a chumas cinntí airgeadais eolasacha a dhéanamh.
RF 15: Aithníonn an scoláire an úsáid is féidir a bhaint as eolas, scileanna agus tuiscint mhatamaiticiúil i réimsí uile na foghlama.   Baineann an scoláire leas as a eolas matamaiticiúil agus as a scileanna matamaiticiúla i réimse leathan fadhbanna in ábhair éagsúla, lena n-áirítear sonraí a bhailiú, a anailísiú, agus a chur i láthair, agus úsáid a bhaint as an matamaitic chun cásanna ón bhfíorshaol a shamhaltú.
RF 16: Déanann an scoláire cur síos ar phatrúin agus ar choibhneasa agus déanann sé/sí iad a léiriú, a léirmhíniú, a thuar agus a mhíniú. Forbraíonn an scoláire teicnící chun patrúin agus coibhneasa a fhiosrú agus a thuiscint i gcomhthéacsanna a bhaineann le cúrsaí matamaiticiúla agus i gcomhthéacsanna nach mbaineann le cúrsaí matamaiticiúla. 
RF 17: Déanann an scoláire straitéisí a cheapadh agus a mheas chun fadhbanna a fhiosrú agus a réiteach ag baint úsáide as eolas, réasúnaíocht agus scileanna matamaiticiúla. Forbraíonn an scoláire straitéisí um réiteach fadhbanna trí dhul i mbun tascanna nach mbíonn réiteach soiléir orthu a chéaduair. Déanann sé machnamh ar a chuid straitéisí réitigh féin maidir leis na tascanna sin agus cuireann sé i gcomparáid le straitéisí daoine eile iad mar chuid de thimthriall foghlama comhoibríche.
RF 18: Déanann an scoláire breathnú agus measúnú ar eachtraí agus ar phróisis eimpíreacha agus baineann tátail agus cinntí bailí astu.  Déanann an scoláire sonraí a chruthú agus a choimriú, roghnaíonn sé modhanna grafacha nó uimhriúla cuí chun cur síos a dhéanamh orthu, agus tagann sé ar chonclúidí ó achoimrí grafacha agus uimhriúla ar na sonraí. Mar chuid dá thuiscint ar chruthúnas matamaiticiúil, aithníonn sé an difear idir tátail theagmhasacha ó chásanna ar leith, agus tátail atá fíor go huilíoch (agus féadtar a chruthú go bhfuil siad fíor go huilíoch). 
RF 24: Úsáideann an scoláire an teicneolaíocht agus uirlisí na meán digiteacha chun foghlaim, chun cumarsáid a dhéanamh, chun obair agus chun smaoineamh go comhoibríoch agus go cruthaitheach ar bhealach freagrach agus eiticiúil. and creatively in a responsible and ethical manner.  Pléann an scoláire le teicneolaíocht dhigiteach chun sonraí a anailísiú agus a thaispeáint go huimhriúil agus go grafach; chun feidhmeanna ailgéabracha agus a gcuid graf a thaispeáint agus a fhiosrú; chun cruthanna agus solaid a fhiosrú; chun imscrúdú a dhéanamh ar thorthaí céimseatúla ar bhealach
dinimiciúil; agus chun cumarsáid a dhéanamh agus obair i gcomhar le daoine eile.
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.