Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Cúrsa

Tá sé de chuspóir ag an tsonraíocht le haghaidh mhatamaitic na sraithe sóisearaí cumas an scoláire smaoineamh go loighciúil, go straitéiseach, go criticiúil agus go cruthaitheach a fhorbairt tríd an Snáithe aontach agus na ceithre shnáithe chomhthéacsúla: Uimhreas; Céimseata agus triantánacht; Ailgéabar agus feidhmeanna; agus Staitisticí agus dóchúlacht

Dearadh an tsonraíocht d'íosmhéid 240 uair an chloig de rannpháirtíocht an scoláire ar an gclár ama thar thrí bliana na sraithe sóisearaí. Is íosmhéid é seo agus ba cheart go dtabharfadh scoileanna faoi deara go bhfuil scoláirí ann a bhainfeadh tairbhe as níos mó ná 240 uair an chloig de rannpháirtíocht le go mbainfí amach na spriocanna náisiúnta feabhsúcháin a shonraítear sa straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta (an Roinn Oideachais agus Scileanna, 2011).

Fíor 2: Struchtúr na sonraíochta le haghaidh mhatamaitic na sraithe sóisearaí

overview of course diagram

Sníonn an snáithe seo trí na snáitheanna comhthéacsúla go léir agus tá na sé ghné den tsonraíocht, a léirítear thíos, i gceist leis.
Níl aon ábhar sonrach nasctha leis an snáithe seo; seachas sin, tá a thorthaí foghlama mar bhonn agus taca ag an gcuid eile den tsonraíocht. Tá gach toradh foghlama sa snáithe seo infheidhme maidir leis na gníomhaíochtaí agus an t-ábhar uile sna ceithre shnáithe eile – mar shampla, ba chóir go mbeadh an scoláire in ann leas a bhaint as a eolas matamaiticiúil uile agus as a scileanna matamaiticiúla uile chun fadhb a réiteach nó chun matamaitic a chur in iúl.
Ina theannta sin, tá na gnéithe den snáithe seo idirspleách. Mar gheall air sin, ba cheart go ndéanfadh na scoláirí na scileanna difriúla a bhaineann le gach gné a fhorbairt in éineacht seachas astu féin – mar shampla, féadfaidh réiteach fadhbanna cuidiú le scoláirí a gcuid tuisceana ar bhloic thógála, agus a gcumas naisc a dhéanamh laistigh den mhatamaitic, a chur chun feabhais.

Gnéithe  

Bloic thógála
Ba cheart don scoláire na coincheapa atá mar bhonn agus taca ag gach snáithe a thuiscint agus a thabhairt chun cuimhne, agus ba chóir go mbeadh sé in ann na gnásanna a eascraíonn as sin a chur i gcrích go cruinn, go héifeachtach, agus go cuí.
Léiriú Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire cás matamaiticiúil a léiriú ar
bhealaí éagsúla agus aistriú eatarthu go solúbtha.
Naisc Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire naisc a dhéanamh laistigh de shnáitheanna agus idir snáitheanna, chomh maith le naisc a dhéanamh idir an mhatamaitic agus an fíorshaol.
Réiteach fadhbanna  Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire imscrúdú a dhéanamh ar phatrúin, tuairimí a chumadh, agus dul i mbun tascanna nach mbíonn réiteach soiléir orthu a chéaduair, i gcomhthéacsanna aithnidiúla agus i gcomhthéacsanna neamhaithnidiúla araon.
Ginearálú agus
cruthúnas
Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire aistriú ó chásanna sonracha go ráitis mhatamaiticiúla ghinearálta, agus argóintí agus cruthúnais mhatamaiticiúla a chur i láthair agus a mheas.
Cumarsáid  Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire an mhatamaitic a chur in iúl go héifeachtach i bhfocail agus i scríbhinn.

Dírítear sa snáithe seo ar ghnéithe difriúla d’uimhreas; réitítear an bealach le haghaidh an aistrithe ó uimhríocht go hailgéabar. Fiosraíonn an foghlaimeoir léirithe éagsúla ar uimhreacha agus na naisc atá eatarthu, chomh maith leis na hairíonna agus na coibhneasa a ghabhann le hoibríochtaí dénártha. Déanann sé imscrúdú ar phatrúin uimhreacha, agus úsáideann sé cóimheas agus comhréireacht chun fadhbanna éagsúla a réiteach san iliomad comhthéacsanna.
Táthar ag súil go mbeidh sé ar chumas an fhoghlaimeora áireamháin a úsáid go cuí agus go cruinn, agus ríomhanna a dhéanamh de láimh agus ina intinn. Aithníonn sé nuair is cuí meastachán agus neastachán a úsáid, lena n-áirítear réasúntacht na dtorthaí a sheiceáil.

Tá sé ina sprioc sa snáithe seo anailís a dhéanamh ar na saintréithe agus na hairíonna a ghabhann le cruthanna céimseatúla déthoiseacha agus tríthoiseacha. Úsáideann an foghlaimeoir céimseata agus triantánacht chun fadhbanna lena mbaineann achar, fad, toirt, agus tomhas uillinne a shamhaltú agus a réiteach. Forbraíonn sé argóintí matamaiticiúla maidir le coibhneasa céimseatúla, fiosraíonn sé coincheap an chruthúnais fhoirmiúil, baineann sé leas as déaduchtú chun bailíocht tuairimí céimseatúla áirithe a dheimhniú agus déanann sé léirmheas ar argóintí daoine eile.

Tá sé ina sprioc sa snáithe seo patrúin agus coibhneasa a fhaightear in uimhreacha a léiriú agus a anailísiú. Cuireann an foghlaimeoir lena chuid oibre sa snáithe 'Uimhreas'; déanann sé ginearálú ar a chuid breathnuithe; déanann sé ráitis mhatamaiticiúla ghinearálta a chur in iúl, a léirmhíniú agus a chosaint i bhfocail agus i nodaireacht shiombalach. Baineann sé úsáid as smaoineamh na cothroime chun cothromóidí a chruthú agus a léirmhíniú, agus as rialacha comhréireacha an ailgéabair chun sloinn a thrasfhoirmiú agus cothromóidí a réiteach. Déanann an foghlaimeoir fiosrú agus anailís ar na coibhneasa idir táblaí, léaráidí, graif, focail agus sloinn ailgéabracha mar léirithe ar fheidhmeanna.

Tá sé ina sprioc sa snáithe seo an dóchúlacht maidir le teagmhais randamacha a dhéanamh amach agus sonraí a ghiniúint agus a imscrúdú. Déanann an scoláire fiosrú ar an gcoibhneas atá idir dóchúlacht thurgnamhach agus dóchúlacht theoiriciúil agus cuireann sé imscrúdú sonraí i gcrích; ó chumadh na ceiste agus dearadh an imscrúdaithe go dtí léirmhíniú na dtorthaí i gcomhthéacs agus cur in iúl na dtorthaí. Baineann an foghlaimeoir leas as uirlisí grafacha agus uimhriúla, lena n-áirítear staitisticí achoimre agus coincheapa agus próisis na dóchúlachta, chun patrúin i sonraí a fhiosrú agus a anailísiú. A bhuíochas leis na gníomhaíochtaí seo, faigheann an foghlaimeoir tuiscint ar anailísiú sonraí mar uirlis chun foghlaim faoin domhan.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.