Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Príomhscileanna

Gnéithe de phríomhscileanna a bhaineann leis an matamaitic

Aithnítear sna samplaí thíos roinnt de na gnéithe a bhaineann le gníomhaíochtaí foghlama sa mhatamaitic. Chomh maith leis sin, is féidir leis an múinteoir a lán de na gnéithe eile de phríomhscileanna a fhí isteach ina chuid pleanála don seomra ranga. Leagtar amach na hocht bpríomhscil go mion i bPríomhscileanna na Sraithe Sóisearaí.

Tábla 2: Naisc idir matamaitic na sraithe sóisearaí agus príomhscileanna

An phríomhscil Gné na príomhscile Samplaí de ghníomhaíochtaí foghlama a bhféadfadh an scoláire tabhairt fúthu
A bheith cruthaitheach Roghanna a fhiosrú De réir mar a théann an scoláire i mbun taisc nach bhfuil réiteach soiléir air a chéaduair, fiafraíonn sé ceisteanna, fiosraíonn sé smaointe agus roghanna eile, déanann sé measúnú ar smaointe agus gníomhartha agus glacann sé níos mó freagrachta as a chuid foghlama. 
A bheith liteartha Smaointe a chur in iúl go soiléir agus le cruinneas Míníonn an scoláire a chuid smaointeoireachta agus tugann sé údar lena réasúnaíocht, trí úsáid a bhaint as téarmaíocht mhatamaiticiúil go cuí agus go cruinn. 
A bheith uimheartha Teicneolaíocht dhigiteach a úsáid chun scileanna agus tuiscint uimhearthachta a fhorbairt Baineann an scoláire leas as teicneolaíocht dhigiteach chun sonraí a anailísiú agus a thaispeáint go huimhriúil agus go grafach; chun feidhmeanna ailgéabracha agus a gcuid graf a thaispeáint agus a fhiosrú; chun cruthanna agus solaid a fhiosrú; chun imscrúdú a dhéanamh ar thorthaí céimseatúla ar bhealach dinimiciúil; agus chun cumarsáid a dhéanamh agus obair i gcomhar le daoine eile.
Cumarsáid Uimhreacha a úsáid Úsáideann an scoláire uimhreacha chun cur síos nó achoimre a dhéanamh ar chás; chun tacú lena réasúnaíocht agus lena chonclúidí; agus chun patrúin agus coibhneasa a chur in iúl agus a mhíniú.
Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú Smaoineamh go cruthaitheach agus go criticiúil

Tugann an scoláire aghaidh ar thascanna saibhre inar gá dóibh an t-eolas matamaiticiúil agus na scileanna matamaiticiúla atá acu a úsáid ar bhealaí nuálacha.

Déanann sé machnamh ar a chineálacha cur chuige féin maidir leis na tascanna sin agus cuireann sé i gcomparáid le cineálacha cur chuige daoine eile iad, agus déanann sé measúnú ar láidreachtaí agus laigí na gcineálacha cur chuige éagsúla a d'fhéadfadh a bheith ann. 
Mé féin a bhainistiú A bheith in ann machnamh a dhéanamh ar mo chuid foghlama féin Déanann an scoláire machnamh ar na gníomhaíochtaí foghlama is éifeachtaí dar leo; baineann sé úsáid as an eolas seo chun cabhrú leis a chuid foghlama sa mhatamaitic a chur chun tosaigh.
Fanacht folláin A bheith muiníneach Bíonn deiseanna rialta ag an scoláire rath a bhaint amach sa mhatamaitic. Bíonn sé ag plé le cur chuige dearfach i leith na foghlama ina mbíonn meas ar chineálacha cur chuige éagsúla agus spreagtar é le foghlaim óna chuid botún. 
Obair le daoine eile Foghlaim le daoine eile Oibríonn na scoláirí lena chéile ar thascanna comhoibríocha ina bhforbraíonn siad a gcuid scileanna matamaiticiúla agus a gcuid scileanna idirphearsanta; tugann siad tacaíocht agus aiseolas dá chéile i rith an phróisis. 
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.