Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Ráitis foghlama

Tacaíonn Eacnamaíocht Bhaile le réimse leathan cuspóirí foghlama sa tsraith shóisearach. Léiríonn na táblaí seo a leanas an chaoi a bhfuil Eacnamaíocht Bhaile na sraithe sóisearaí nasctha le gnéithe lárnacha den fhoghlaim agus den teagasc sa tsraith shóisearach.

An ráiteas Samplaí d’fhoghlaim ábhartha
RF 13: Tuigeann an scoláire tábhacht an bhia agus an chothaithe i leith cinntí sláintiúla a dhéanamh. Déanfaidh an scoláire forbairt ar a chuid scileanna i dtuiscint ar bhia agus sláinte ionas gur féidir leis roghanna sláintiúla maireachtála a dhéanamh dó féin mar dhuine aonair agus ina theaghlach agus a shochaí chomh maith. 
RF 10: Tá an fheasacht, an t-eolas, na scileanna, na luachanna agus an t-inspreagadh ag an scoláire le maireachtáil go hinbhuanaithe.  Forbróidh an scoláire a chuid scileanna maidir le smaointeoireacht chriticiúil agus cinnteoireacht ionas go mbeidh stíl mhaireachtála inbhuanaithe agus fhreagrach aige. 
RF 14: Déanann an scoláire cinntí eolasacha airgeadais agus forbraíonn sé scileanna maithe tomhaltacha. Forbróidh an scoláire a chuid scileanna mar thomhaltóir géarchúiseach agus léireoidh sé inniúlacht mar thomhaltóir agus é ag láimhseáil acmhainní airgeadais sa teaghlach. 
RF 9: Tuigeann an scoláire bunús agus tionchar ghnéithe sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil an domhain mórthimpeall air/uirthi.   Déanfaidh an scoláire machnamh agus anailís ar thionchair táirgí agus próiseas sa teach ar dhaoine, ar an tsochaí agus ar thimpeallachtaí. 
RF 11: Déanann an scoláire gníomh lena f(h)olláine féin agus folláine daoine eile a chosaint agus a chur chun cinn. Déanfaidh an scoláire cinntí eolasacha a mbeidh tionchar acu ar a shláinte, a fholláine agus sábháilteacht daoine eile.  
RF 22: Léiríonn an scoláire tionscnaíocht, tá sé nuálach agus forbraíonn sé scileanna fiontraíochta. Forbróidh an scoláire a chuid scileanna fiontraíochta agus é ag iarraidh féachaint as an nua ar dhúshláin agus dheiseanna an tsaoil. 
RF 23: Tógann an scoláire smaoineamh ar aghaidh ó cheapadh go réadú.  Cuirfidh an scoláire próiseas na treorach le haghaidh dearadh i bhfeidhm i réimsí na dteicstílí agus an bhia chun smaoineamh a réadú.  
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.