Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht

Is é fócas lárnach na hEacnamaíochta Baile mar réimse staidéir ná maireachtáil barr feabhais,
fholláin agus inbhuanaithe a bhaint amach do dhaoine aonair, do theaghlaigh agus don tsochaí.
Bíonn ar dhaoine aonair agus theaghlaigh sa tsochaí aghaidh a thabhairt i gcónaí ar ábhair
imní nua a thagann chun cinn a fhéadann dul i gcion ar a bhfolláine. I measc na n-ábhar imní
sin, tá bia, cothú, aiste bia agus sláinte; ábhair imní maidir le cúrsaí teaghlaigh agus sóisialta;
saincheisteanna tomhaltóra; inbhuanaitheacht sa bhaile; bainistíocht inbhuanaithe agus
fhreagrach acmhainní teaghlaigh; agus teicstílí agus éadaí.

Cuirtear béim lárnach in Eacnamaíocht Bhaile ar dhul i ngleic leis na fadhbanna praiticiúla,
fadhbanna an ghnáthshaoil, agus dáiríre a bhíonn ag teaghlaigh agus ag an sochaí agus é sin a
dhéanamh ar bhealaí atá freagrach ar bhonn sóisialta. Is ábhair imní iad na fadhbanna praiticiúla
rialta a théann ó ghlúin go glúin i dteaghlaigh agus teastaíonn scileanna cinnteoireachta criticiúla
chun iad a réiteach. Baintear leas as cur chuige córasach san oideachas Eacnamaíocht Bhaile
ionas go mbeidh daoine aonair agus teaghlaigh ábalta aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna nó
ar an imní sin ina saol féin ó lá go lá. Tarraingíonn Eacnamaíocht Bhaile ar dhisciplíní éagsúla a
chomhtháthaíonn na heolaíochtaí sóisialta, fisiciúla agus daonna. Déantar iarracht fadhbanna an
tsaoil laethúil a réiteach le meascán d’fhaisnéis agus de scileanna a fhaightear ó réimse disciplíní.
San oideachas in Eacnamaíocht Bhaile, déantar forbairt ar scileanna saoil ríthábhachtacha agus
ar neamhspleáchas pearsanta an scoláire. Cabhraíonn sé le forbairt scoláirí atá ina smaointeoirí
criticiúla, cruthaitheacha agus spreagann sé an scoláire le bheith go maith ag réiteach fadhbanna
agus cinntí a dhéanamh atá freagrach go heiticiúil agus go sóisialta.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.