Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Dul chun cinn ón mbunscoil go dtí an tsraith shinsearach

Curaclam na bunscoile

Cé nach ábhar neamhspleách é Eacnamaíocht Bhaile laistigh de churaclam na bunscoile, trína cuid snáitheanna, gnéithe agus torthaí, is féidir le hEacnamaíocht Bhaile na Sraithe Sóisearaí forbairt a dhéanamh ar fhoghlaim ábhartha a tharla cheana ar leibhéal na bunscoile. Tá sé mar aidhm ag an gcuraclam Oideachais Shóisialta, Phearsanta agus Sláinte sa bhunscoil forbairt phearsanta, sláinte agus folláine an pháiste a chothú agus é a spreagadh chun bheith ina shaoránach gníomhach agus freagrach sa tsochaí. I réimse curaclaim an Oideachais Shóisialta, Comhshaoil agus Eolaíoch (OSCE), éascaítear an scoláire chun teacht ar thuiscint ar na gnéithe nádúrtha, daonna, sóisialta agus cultúrtha sa domhan timpeall air. Is é aidhm OSCE scoláire a fhorbairt atá ina bhall eolasach agus báúil den phobal. Pléitear leis an gcineál sin feasachta, dearcthaí, eolais agus scileanna i staidéar na hEacnamaíochta Baile sa tsraith shóisearach.

An tsraith shinsearach

In Eacnamaíocht Bhaile na Sraithe Sóisearaí, cuirfear naisc láidre ar fáil le hEacnamaíocht Bhaile na hArdteistiméireachta agus an scoláire ag tógáil ar a chuid eolais agus scileanna praiticiúla maidir le staidéar bia, bainistíocht acmhainní, staidéar tomhaltais agus staidéar sóisialta ón tsraith shóisearach. Má roghnaíonn an scoláire teicstílí, faisean agus dearadh, ar bealach roghnach é don Ardteistiméireacht, cuirfidh sé le scileanna praiticiúla teicstíle a forbraíodh le linn na sraithe sóisearaí. Feictear gnéithe den Eacnamaíocht Bhaile in go leor scoileanna mar chuid de chlár Idirbhliana. I measc na ngnéithe agus na ngníomhaíochtaí bainteacha sin tá modúil ar scileanna praiticiúla bia agus chothú; gnó bia; mionchuideachta; fiontair shóisialta; cúram leanaí; dearadh agus ceardaíocht; dearadh faisin; dearadh intí; agus comórtais chócaireachta agus teicstíle. Anuas air sin, ullmhaíonn Eacnamaíocht Bhaile sa tsraith shóisearach an scoláire a roghnóidh na hábhair Óstán, Lónadóireacht agus Turasóireacht agus Cúram Leanaí/Cúram Pobail don Ardteistiméireacht Fheidhmeach.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.