Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Cúrsa

Sa tsonraíocht do chúrsa Eacnamaíocht Bhaile na Sraithe Sóisearaí, dírítear ar thuiscint agus scileanna an scoláire a fhorbairt chun saol barr feabhais, folláin agus inbhuanaithe a bhaint amach trí mheán trí shnáithe comhthéacsúla nasctha: Bia, Sláinte agus Scileanna Cistineacha; Saol Teaghlaigh Freagrach; agus Teicstílí agus Ceardaíocht. Baineann Eacnamaíocht Bhaile úsáid as cur chuige trasdisciplíneach a chuireann nascadh na dtrí snáithe chun cinn i dteagasc agus i bhfoghlaim an ábhair. Dearadh í d’íosmhéid 200 uair an chloig de rannpháirtíocht an scoláire ar an gclár ama thar thrí bliana na sraithe sóisearaí.

overview of course diagram

 

Díríonn an snáithe seo ar scileanna bia, sláinte agus cistineacha an scoláire a fhorbairt. Cuirtear
ar chumas an scoláire dearcadh sláintiúil agus caidreamh dearfach a fhorbairt le bia trí fhoghlaim
phraiticiúil a thagann óna thaithí. Cuireann sé a thuiscint ar phrionsabail chothaithe, aiste bia
agus sláinte i bhfeidhm chun stíl mhaireachtála shláintiúil a ghlacadh agus cinntí eolasacha a
dhéanamh a mbíonn tionchar acu ar a shláinte agus a fholláine féin agus ar shláinte agus ar
fholláine a theaghlaigh chomh maith. Tá cur i bhfeidhm scileanna praiticiúla maidir le tuiscint ar
bhia agus sláinte ag croílár an tsnáithe seo agus cuimsítear ann pleanáil biachláir; siopadóireacht;
cócaireacht; scileanna sábháilteachta agus sláinte bia; srianadh sciar; lipéid bhia a léamh; anailís
cothaithe; costáil; anailís céadfach agus dramhaíl bhia.

Sa snáithe seo éascaítear an scoláire chun saol teaghlaigh freagrach a fhiosrú, ó thaobh córas de. Tagann an scoláire ar thuiscint ar fhoirmeacha éagsúla teaghlaigh agus ar ról an teaghlaigh mar an príomhaonad sóisialta.  Tagann sé ar thuiscint ar ról an teaghlaigh i bhforbairt an pháiste i dtimpeallacht shábháilte chothaitheach. Forbraíonn an scoláire scileanna saoil a chuireann ar a chumas acmhainní a bhainistiú go freagrach agus go hinbhuanaithe sa bhaile agus sa phobal. Éascaítear é chun bheith ina thomhaltóir géarchúiseach cumasach atá in ann scileanna éifeachtacha cinnteoireachta a chur i bhfeidhm sa saol laethúil sa bhaile agus sa phobal. Ag croílár an tsnáithe seo, cuirtear ar chumas an scoláire a bheith freagrach agus dearcadh báúil a ghlacadh i dtreo daoine eile, ball den teaghlach, i dtreo na sochaí agus an chomhshaoil.

Díríonn an snáithe seo ar scileanna an scoláire maidir le teicstílí a fhorbairt, ar chruthaitheacht agus ar eolas an scoláire. Tá scileanna praiticiúla teicstíle agus ceardaíochta ag croílár an tsnáithe seo agus cuimsítear leo scileanna fuála innill agus láimhe agus teicnící maidir le huigeacht ábhair a úsáid agus a mhaisiú. Is féidir leis an scoláire cinntí inbhuanaithe a dhéanamh mar thomhaltóir maidir le rogha agus cothú éadaí agus teicstílí. Cuirfidh an scoláire próiseas na treorach le haghaidh dearadh i bhfeidhm trí mhír teicstíle a dhearadh agus a dhéanamh don duine aonair nó don teach.

Gnéithe

Cé go leagtar amach na torthaí foghlama a bhaineann le gach snáithe astu féin anseo, níor chóir go dtuigfí as sin go bhfuil staidéar le déanamh ar na snáitheanna ina n-aonar. Barrfheabhsaítear rannpháirtíocht agus foghlaim an scoláire trí thaithí iomlán chomhtháite san Eacnamaíocht Bhaile.  Chun tuilleadh béime a chur ar nádúr comhtháite fhoghlaim na hEacnamaíochta Baile, cuirtear torthaí gach ceann de na snáitheanna i ngrúpaí de réir ceithre ghné:

Trasna na snáitheanna, díríonn na torthaí foghlama ar chur chuige bunaithe ar chórais i dtreo chumhachtú an duine aonair agus an teaghlaigh. Forbraíonn an scoláire scileanna praiticiúla ar féidir iad a chur in oiriúint chun déileáil le fadhbanna nó ábhair imní phraiticiúla, fíorshaoil, rialta sa saol laethúil sa bhaile nó sa tsochaí. Éascaítear é chun bheith ina smaointeoir criticiúil, cruthaitheach agus bheith go maith ag réiteach fadhbanna agus cinntí eolasacha á ndéanamh aige chun saol barr feabhais, sláintiúil agus inbhuanaithe a bhaint amach do dhaoine aonair, do theaghlaigh agus don tsochaí.

Sa ghné seo dírítear ar eolas, scileanna agus tuiscint an scoláire a fhorbairt ionas go ndéanfaidh sé cinntí eolasacha a mbeidh tionchar dearfach acu ar a shláinte agus a fholláine féin mar dhuine aonair agus ar shláinte agus fholláine a theaghlaigh. Thar na trí shnáithe go léir éascaítear an scoláire, agus úsáid á baint as cur chuige bunaithe ar chórais, chun déileáil le hábhair imní nua a thagann chun cinn agus a fhéadann dul i bhfeidhm ar fholláine daoine aonair, teaghlach agus na sochaí.

Thar na trí shnáithe, éascaíonn na torthaí foghlama sa ghné seo an scoláire chun bheith ina smaointeoir a dhíríonn ar an todhchaí agus ina saoránach atá báúil don chomhshaol, agus iad geallta chun maireachtáil inbhuanaithe agus fhreagrach. Mar bhonn taca ag na torthaí foghlama sa ghné seo thar na trí shnáithe, déantar forbairt ar éifeachtúlacht an scoláire féin, ar a mhachnamh criticiúil, agus ar a thuiscint maidir le roghnú agus úsáid acmhainní sa bhaile; athrú teicneolaíoch; saincheisteanna comhshaoil agus an tionchar a bhíonn acu sin ar bhainistíocht acmhainní sa bhaile agus ar thomhaltas pearsanta sa saol ó lá go lá.

Sa ghné seo dírítear ar scoláire a fhorbairt a bhfuil an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint aige chun roghanna eolasacha agus géarchúiseacha a dhéanamh a mbíonn tionchar acu ar dhaoine aonair agus ar theaghlaigh i sochaí an lae inniu. Déanann an scoláire forbairt ar scileanna ríthábhachtacha chun a bheith ina thomhaltóir gníomhach, solúbtha, inniúil atá in ann scileanna éifeachtacha cinnteoireachta a chur i bhfeidhm sa saol laethúil.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.