Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Eacnamaíocht Bhaile agus Príomhscileanna

I dteannta a n-inneachair agus a n-eolais shonraigh, tugann ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna don scoláire chun réimse leathan príomhscileanna a fhorbairt. Tá deiseanna ann chun tacú leis na príomhscileanna uile sa chúrsa seo ach tá roinnt díobh a bhfuil tábhacht ar leith leo. Sainaithnítear sna samplaí thíos cuid de na gnéithe atá bainteach le gníomhaíochtaí foghlama in Eacnamaíocht Bhaile. Chomh maith leis sin, is féidir leis an múinteoir a lán de na gnéithe eile de phríomhscileanna ar leith a fhí isteach ina chuid pleanála don seomra ranga.  Leagtar amach na hocht bpríomhscil go mion i bPríomhscileanna na Sraithe Sóisearaí.

An phríomhscil 

Gné na príomhscile 

Samplaí de ghníomhaíochtaí foghlama an scoláire

A bheith cruthaitheach

Roghanna a fhiosrú
 

Smaointe a chur i bhfeidhm agus gníomhú 

Cuireann an scoláire próiseas na treorach le haghaidh dearadh i bhfeidhm agus mír teicstíle a dhéanamh don duine aonair nó don teach.

A bheith liteartha 

Smaointe a chur in iúl go soiléir agus le cruinneas  

Léiríonn an scoláire tábhacht na cumarsáide éifeachtaí trí ghearán a dhéanamh faoi fhadhb tomhaltóra trí mheán litreach/ríomhphoist

A bheith uimheartha 

Meon dearfach a fhorbairt i leith iniúchadh, réasúnaíochta agus réiteach fadhbanna

Meastachán, tuar agus ríomh 

 Cuireann an scoláire a chuid scileanna uimhriúla i bhfeidhm agus buiséad á dhéanamh; oidis a athrú i gcomhair líon difriúil daoine laistigh de bhuiséad; agus comhábhair a mheá agus a thomhas; seomraí a phleanáil; agus fabraicí a thomhas.

Cumarsáid 



 

Plé agus díospóireacht

Uimhreacha a úsáid

Déanann an scoláire plé ar chaidreamh teaghlaigh agus an ról ata ag cumarsáid chun caidrimh a neartú. 

Déanann an scoláire suirbhé ag am lóin faoi bheith ag ól deochanna atá milsithe ag siúcra i measc sampla de scoláirí na scoile.  Ceapann an scoláire feachtas póstaeir ina dtaispeántar na torthaí agus ina ndéantar teachtaireacht faoi bhia sláintiúil a chur chun cinn.

Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú 

Smaoineamh go cruthaitheach agus go criticiúil. TFC agus meáin dhigiteacha a úsáid chun ábhar a rochtain, a bhainistiú agus a chomhroinnt 

Oibríonn scoláirí as lámha a chéile chun biachlár sláintiúil cothrom a cheapadh le haghaidh aon lán amháin, agus úsáid á baint acu as teicneolaíocht. 

Mé féin a bhainistiú 

Cinntí ciallmhara a dhéanamh

Oibreoidh an scoláire ar chás-staidéar ar earra teicneolaíochta a cheannach dá úsáid féin agus úsáid á bhaint aige as scileanna i dtuiscint airgeadais chun na hacmhainní atá ar fáil aige, riachtanas agus mianta a mheas.

Fanacht folláin

A bheith folláin agus gníomhach go fisiciúil

A bheith muiníneach


 

A bheith dearfach faoin bhfoghlaim 

  Oibreoidh scoláirí as lámha a chéile chun riachtanais chothaitheacha céim áirithe den saolré a fhiosrú.

Glacfaidh an scoláire páirt i bpiarmheasúnú ar bhéilí do scoláire agus déanfar ar bhealach dearfach agus cuiditheach é.


Déanann an scoláire measúnú ar earraí teicstíle gach duine eile go dearfach.  

Obair le daoine eile  

Ag cuidiú le háit níos fearr a dhéanamh den domhan

Tabharfaidh an scoláire comhairle ar nósanna inbhuanaithe ó lá go lá is féidir a chur i bhfeidhm sa bhaile, m.sh. cén chaoi cur amú bia a sheachaint. 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.