Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Ionchais maidir le scoláirí

Is scáth-théarma é ionchais maidir le scoláirí a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte de shaothar scoláirí i sonraíocht an ábhair. 

Nuair a bheidh múinteoirí, scoláirí nó tuismitheoirí ag scrollú síos trí na torthaí foghlama, beidh nasc ar fáil uaireanta le samplaí oibre a bhaineann le toradh foghlama ar leith nó le grúpa de thorthaí foghlama. Roghnófar na samplaí de shaothar scoláirí chun ionchais a léiriú agus beidh tráchtanna múinteoirí leo. Cuimseoidh na samplaí seo obair:

  • Thar barr ar fad
  • Os cionn na n-ionchas
  • Atá ag teacht leis na hionchais.

Is é an cuspóir atá leis na samplaí de shaothar scoláirí go dtaispeánfar iontu a oiread atá na torthaí foghlama á mbaint amach i bhfíorchásanna.
Torthaí foghlama
Is ráitis iad na torthaí foghlama a chuireann síos ar an eolas, ar an tuiscint, ar na scileanna agus ar na luachanna ar chóir don scoláire a bheith ábalta a thaispeáint i ndiaidh dó staidéar a dhéanamh ar Eacnamaíocht Bhaile sa tsraith shóisearach. Baineann na torthaí foghlama a leagtar amach sna táblaí seo a leanas le gach scoláire. Faoi mar atá siad leagtha amach anseo léiríonn siad torthaí don scoláire ag deireadh na dtrí bliana staidéir. Leagann an tsonraíocht amach gur le haghaidh trí bliana atá na torthaí foghlama agus mar sin, cé nach mbeidh torthaí foghlama a ndírítear orthu ag pointe ama ar leith ‘curtha i gcrích’ fós, leanfaidh siad orthu ag tacú le foghlaim an scoláire san Eacnamaíocht Bhaile go dtí deireadh na sraithe sóisearaí.
Tá uimhir le gach toradh laistigh de gach snáithe. Tá sé i gceist go gcabhródh an t-uimhriú le pleanáil an mhúinteora agus ní sheasann sé d’ordlathas tábhachta ar bith trasna na dtorthaí iad féin. Cuirtear Eacnamaíocht Bhaile na Sraithe Sóisearaí ar fáil ag leibhéal comónta. Tabharfaidh na samplaí de shaothar scoláirí atá nasctha leis na torthaí foghlama idir thráchtanna agus léargais a thacaíonn le caighdeáin dhifriúla oibre i measc scoláirí.

Forbhreathnú gairid ar an snáithe
Díríonn an snáithe seo ar scileanna bia, sláinte agus cistineacha an scoláire a fhorbairt. Cuirtear ar chumas an scoláire dearcadh sláintiúil agus caidreamh dearfach a fhorbairt le bia trí fhoghlaim phraiticiúil ó thaithí. Cuireann sé a thuiscint ar phrionsabail chothaithe, aiste bia agus sláinte i bhfeidhm chun stíl mhaireachtála shláintiúil a ghlacadh agus cinntí eolasacha a dhéanamh a mbíonn tionchar acu ar a shláinte agus a fholláine féin agus ar shláinte agus ar fholláine a theaghlaigh chomh maith. Tá cur i bhfeidhm scileanna praiticiúla maidir le tuiscint ar bhia agus sláinte ag croílár an tsnáithe seo agus cuimsítear ann pleanáil biachláir; siopadóireacht; cócaireacht; scileanna sábháilteachta agus sláinte bia; srianadh sciar; lipéid bhia a léamh; anailís cothaithe; costáil; agus dramhaíl bhia etc.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Cumhachtú an Duine Aonair agus an Teaghlaigh
  1. 1.1

    na fachtóirí a sainaithin a mbíonn tionchar acu ar roghanna bia pearsanta

  2. 1.2

    béilí agus sneaiceanna sláintiúla agus cothaitheacha don duine aonair agus don teaghlach a phleanáil, a ullmhú, a chostáil agus a mheasúnú

  3. 1.3

    raon de phrionsabail agus teicnící cócaireachta a chur i bhfeidhm chun béilí sláintiúla a ullmhú don duine aonair agus don teaghlach agus cúrsaí buiséid á gcoimeád i gcuimhne chomh maith

  4. 1.4

    scileanna cistineacha agus cruthaitheacha a thaispeáint maidir le hullmhú, cócaireacht agus
    cur i láthair bia

  5. 1.5

    cleachtais shábháilte agus shláinteacha a chur i bhfeidhm maidir le láimhseáil, ullmhú, stóráil agus riar bia

  6. 1.6

    úsáid a bhaint as cur chuige foghlama bunaithe ar fhadhbanna, úsáid a bhaint as eolas i leith cothaithe chun bia a phleanáil agus a ullmhú don teaghlach 

  7. 1.7

    úsáid a bhaint as an teicneolaíocht atá ar fáil maidir le pleanáil agus ullmhú bia

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Sláinte agus Folláine
  1. 1.8

    na gnéithe de nós maireachtála sláintiúil a phlé

  2. 1.9

    an tábhacht a bhaineann le cothú agus aiste bia ó thaobh na sláinte agus na folláine a aithint 

  3. 1.10

    ról na gcothaitheach in aiste bia sláintiúil cothrom a mhíniú

  4. 1.11

    cur síos a dhéanamh ar struchtúr bunúsach agus ar fheidhmeanna bunúsacha an chóras díleá

  5. 1.12

    na riachtanais chothaitheacha ag gach céim den saolré a iniúchadh 

  6. 1.13

    béilí a phleanáil agus a ullmhú dóibh siúd a bhfuil galar a bhaineann le haiste bia orthu 

  7. 1.14

    riachtanais chothaitheacha daoine atá ar aiste bia speisialta a chur i bhfeidhm agus béilí á bpleanáil agus á n-ullmhú 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Maireachtáil Fhreagrach agus Inbhuanaithe
  1. 1.15

    tionchar a chuid roghanna bia ó thaobh na héiceolaíochta agus na heitice a iniúchadh  

  2. 1.16

    cleachtais inbhuanaithe a chur i bhfeidhm i dtreo acmhainní bia agus ábhair a roghnú agus a bhainistiú 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Inniúlacht Tomhaltóirí
  1. 1.17

    comparáid a dhéanamh idir bianna a úsáidtear go coitianta in ullmhú bia agus ar an éifeacht a bhíonn acu ar cháilíocht chothaitheach agus chéadfach an táirge 

  2. 1.18

    táirgí bia tráchtála agus baile a mheasúnú

  3. 1.19

    an t-eolas a fhaightear ar rogha leathan táirgí bia a léirmhíniú agus úsáid á baint as lipéid bhia ar aghaidh agus ar chúl an phacáiste

 Forbhreathnú gairid ar an snáithe

Sa snáithe seo éascaítear an scoláire chun saol teaghlaigh freagrach a fhiosrú, ó thaobh córas de. Tagann an scoláire ar thuiscint ar fhoirmeacha éagsúla teaghlaigh agus ar ról an teaghlaigh mar an príomhaonad sóisialta.  Tagann sé ar thuiscint ar ról an teaghlaigh i bhforbairt an pháiste i dtimpeallacht theaghlaigh shábháilte chothaitheach. Forbraíonn an scoláire scileanna saoil a chuireann ar a chumas acmhainní a bhainistiú go freagrach agus go hinbhuanaithe sa bhaile agus sa phobal. Éascaítear é chun bheith ina thomhaltóir géarchúiseach cumasach atá in ann scileanna éifeachtacha cinnteoireachta a chur i bhfeidhm sa saol laethúil sa bhaile agus sa phobal. Ag croílár an tsnáithe seo, cuirtear ar chumas an scoláire a bheith freagrach agus dearcadh báúil a ghlacadh i dtreo daoine eile, ball den teaghlach, i dtreo na sochaí agus an chomhshaoil.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Cumhachtú an Duine Aonair agus an Teaghlaigh
  1. 2.1

    cineálacha éagsúla teaghlach a phlé 

  2. 2.2

    róil agus freagrachtaí an teaghlaigh a fhiosrú

  3. 2.3

    caidrimh teaghlaigh a phlé chomh maith leis an tábhacht a bhaineann le caidrimh a neartú idir daoine aonair agus teaghlaigh

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Sláinte agus Folláine
  1. 2.4

    na riachtanais timpeallachta baile atá sábháilte agus cothaitheach a phlé 

  2. 2.5

    an tábhacht a bhaineann le cinntí eolasacha agus freagracha a dhéanamh sa saol laethúil a mheas

  3. 2.6

    na prionsabail agus treoirlínte dearaidh a chur i bhfeidhm chun seomra a phleanáil agus
    an taobh istigh de sheomra a dhearadh

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Maireachtáil Fhreagrach agus Inbhuanaithe
  1. 2.7

    na bealaí a aithint inar féidir le daoine aonair agus teaghlaigh cur le maireachtáil inbhuanaithe agus fhreagrach

  2. 2.8

    cur síos a dhéanamh ar chleachtais inbhuanaithe laethúla sa teach agus éifeachtúlacht fuinnimh, bainistíocht dramhaíola agus caomhnú uisce san áireamh

  3. 2.9

    tionchar na teicneolaíochta ar láimhseáil acmhainní pearsanta agus teaghlaigh a fhiosrú

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Inniúlacht Tomhaltóirí
  1. 2.10

    scileanna cinnteoireachta tomhaltóra a chur i bhfeidhm chun acmhainní pearsanta agus teaghlaigh a láimhseáil don saol laethúil

  2. 2.11

    díospóireacht a dhéanamh faoi chearta agus freagrachtaí 

  3. 2.12

    scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil tomhaltóirí in Éirinn cosanta ag reachtaíocht, gníomhaireachtaí reachtúla agus neamhreachtúla

  4. 2.13

    scileanna i dtuiscint airgeadais a chur i bhfeidhm chun buiséad a ullmhú agus a mheas don mhaireachtáil neamhspleách

Forbhreathnú gairid ar an snáithe
Díríonn an snáithe seo ar scileanna an scoláire maidir le teicstílí a fhorbairt, ar chruthaitheacht agus ar eolas an scoláire. Tá scileanna praiticiúla teicstíle agus ceardaíochta ag croílár an tsnáithe seo agus cuimsítear leo scileanna fuála innill agus láimhe agus teicnící maidir le huigeacht ábhair a úsáid agus a mhaisiú. Is féidir leis an scoláire cinntí inbhuanaithe a dhéanamh mar thomhaltóir maidir le rogha agus cothú éadaí agus teicstílí. Cuirfidh an scoláire próiseas na treorach le haghaidh dearadh i bhfeidhm trí mhír teicstíle a dhearadh agus a dhéanamh don duine aonair nó don teach. 
Chun críocha na dtorthaí foghlama agus an mheasúnaithe sa tsonraíocht seo, cuimsíonn an téarma ‘mír teicstíle’ ceardaíocht bunaithe ar theicstílí do dhuine aonair agus don teach freisin.

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
1 Cumhachtú an Duine Aonair agus an Teaghlaigh
  1. 3.1

    teicnící bunúsacha fuála láimhe agus innill a thaispeáint

  2. 3.2

    próiseas agus prionsabail na treorach le haghaidh dearadh a chur i bhfeidhm chun mír teicstíle chruthaitheach a dhéanamh do dhuine aonair nó don teach 

  3. 3.3

    teicnící bunúsacha fuála láimhe agus/nó innill a chur i bhfeidhm chun mír teicstíle a dhéanamh do dhuine aonair nó don teach ar bhealach sábháilte agus oiriúnach

  4. 3.4

    teicnící maisithe fabraice a thaispeáint

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
2 Sláinte agus Folláine
  1. 3.5

    léirthuiscint a fháil ar ról teiripeach agus fóillíochta na hoibre teicstíle

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
3 Maireachtáil Fhreagrach agus Inbhuanaithe
  1. 3.6

    bealaí inar féidir míreanna éadaí agus/nó teicstíle sa teach a dheisiú, a athúsáid, a úsáid ar bhealach nua, a athchúrsáil agus a uaschúrsáil a thaispeáint 

  2. 3.7

    nósanna imeachta cúraim teicstíle a úsáidtear sa teach a mheasúnú ó thaobh an chomhshaoil de 

  3. 3.8

    tionchair treochtaí agus roghanna ar theicstílí agus éadaí a phlé, agus cúrsaí eitice agus éiceolaíochta á gcur san áireamh 

Foghlaimíonn an scoláire faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
4 Inniúlacht Tomhaltóirí
  1. 3.9

    a chuid eolais faoi shiombail cúraim teicstílí a chur i bhfeidhm

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.