Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú agus tuairisciú

Baineann measúnú san oideachas le heolas faoi phróisis agus faoi thorthaí na foghlama a bhailiú, a léirmhíniú agus a úsáid. Tá cineálacha éagsúla ann agus is féidir é a úsáid ar bhealaí éagsúla, amhail gnóthachtáil a thaifeadadh agus a thuairisciú, na bealaí cuí chun foghlaimeoirí a thabhairt trí churaclam difreálach a shocrú, nó chun réimsí deacrachta nó láidreachta ar leith d’fhoghlaimeoir áirithe a shainaithint. Cé gur féidir teicnící difriúla a úsáid chun measúnú foirmitheach, diagnóiseach agus suimitheach a dhéanamh, dírítear an measúnú agus an tuairisciú ar fhoghlaim an scoláire a fheabhsú. Chuige sin, ní mór go léireodh sé aidhm an churaclaim go hiomlán.

Leagann an tsraith shóisearach an-bhéim ar mheasúnú mar chuid den phróiseas foghlama. Sa chur chuige sin, teastaíonn éagsúlacht sa mheasúnú chun a chinntiú go mbíonn an modh/na modhanna measúnaithe a roghnaítear oiriúnach don fheidhm, tráthúil agus ábhartha don scoláire. Sa mheasúnú in Eacnamaíocht Bhaile na Sraithe Sóisearaí, tapófar an deis don scoláire a bheith ina rannpháirtí machnamhach agus gníomhach ina chuid foghlama féin agus an deis dá réir a bheidh ag múinteoirí tacú leis sin. Tá sé sin ag brath ar dheiseanna a bheith á soláthar don fhoghlaimeoir chun dul i ngleic leis na critéir ratha faoina ndéanfar caighdeán a chuid oibre a mheas trí phiarmheasúnú, trí fhéinmheasúnú agus trí mheasúnú múinteora; agus braitheann sé ar chaighdeán an aiseolais dhírithe a fhaigheann sé chun cabhrú leis ina chuid foghlama.

Gné an-tábhachtach den mheasúnú ardchaighdeáin is ea aiseolas dírithe a thabhairt don scoláire ar a chuid foghlama agus is toisc lárnach í maidir le cumas an scoláire a fhorbairt chun a chuid foghlama féin a bhainistiú agus leis an scoláire a ghríosú le cloí le tasc casta nó le fadhb chasta. Is éifeachtaí an measúnú nuair a théann sé níos faide ná marcanna agus gráid, agus díríonn an tuairisciú ní amháin ar mar a d’éirigh leis an scoláire roimhe sin ach freisin ar na chéad chéimeanna eile le haghaidh na foghlama amach anseo. Cinnteoidh an cur chuige sin go ndéanfar an measúnú chomh gar don phointe foghlama agus is féidir. Tá áit ann fós don mheasúnú deiridh, ach níl ann ach gné amháin de chur chuige níos leithne i leith an mheasúnaithe.

Go bunúsach, is é cuspóir an mheasúnaithe agus an tuairiscithe ag an gcéim seo den oideachas tacú leis an bhfoghlaim. Ba chóir léargas cuimsitheach ar fhoghlaim an scoláire a thabhairt do thuismitheoirí/chaomhnóirí. Mar go nascfar an measúnú ranga agus measúnú eile le córas nua tuairiscithe, arb é bronnadh Phróifíl Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) a bhuaicphointe, tabharfaidh sé léargas leathan soiléir do thuismitheoirí/chaomhnóirí ar thuras foghlama a bpáiste thar thrí bliana na sraithe sóisearaí.
Chun tacú leis sin, beidh teacht ag múinteoirí agus ag scoileanna ar Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú. I dteannta an treoirleabhair faoin bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMÁ), cuireann an Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú ábhar tacaíochta ar fáil ar nós:
ábhair foghlama, teagaisc agus tacaíochta measúnaithe lena n-áirítear:

  • measúnú foirmitheach
  • pleanáil le haghaidh measúnú agus é a dhearadh
  • measúnuithe leanúnacha le húsáid sa seomra ranga
  • breithiúnas a thabhairt ar obair an scoláire – ag breathnú ar ionchais maidir le scoláirí agus ar ghnéithe cáilíochta
  • tuairisciú do thuismitheoirí agus don scoláire
  • smaoineamh faoin measúnú: smaointe, taighde agus machnamh
  • gluais.

Áireofar san Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú réimse tacaí measúnaithe, comhairle agus treoirlínte a chuirfidh ar chumas scoileanna agus múinteoirí tabhairt faoin gcóras nua measúnaithe agus faoi na socruithe tuairiscithe ar bhealach eolasach, le muinín agus le cinnteacht.

Cuimseoidh an measúnú ar an Eacnamaíocht Bhaile le haghaidh Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) dhá Mheasúnú Rangbhunaithe: Teicstílí Cruthaitheacha agus Treoir maidir le Scileanna Litearthachta Bia; scrúdú ar scileanna praiticiúla bia; agus scrúdú scríofa. Cuirfear na measúnuithe ar fad ar fáil ag leibhéal comónta. Cuimseoidh an dara Measúnú Rangbhunaithe ullmhú don scrúdú scileanna praiticiúla bia.
Marcálfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit an scrúdú scileanna praiticiúla bia agus an scrúdú scríofa.

Trí mheán Measúnú Rangbhunaithe ar Theicstílí Cruthaitheacha, beidh an deis ag an scoláire ról praiticiúil agus cruthaitheach a ghlacadh i bpróiseas na treorach le haghaidh dearadh.  Iarrtar orthu próiseas na treorach le haghaidh dearadh a chur i bhfeidhm chun mír teicstíle a dhéanamh/a athchúrsáil don duine aonair nó don teach agus aird chuí á tabhairt ar riachtanais bhunúsacha an duine, treochtaí tomhaltóra, cúrsaí éiceolaíochta agus an teicneolaíocht. Tríd an Measúnú Rangbhunaithe sin, forbróidh an scoláire a chuid eolais, tuisceana, scileanna agus luachanna, agus mar sin de bainfidh sé amach na torthaí foghlama ar fud Shnáithe 2 agus 3.
Chun críocha na dtorthaí foghlama agus an mheasúnaithe sa tsonraíocht seo, cuimsíonn an téarma ‘mír teicstíle’ ceardaíocht bunaithe ar theicstílí do dhuine aonair agus don teach freisin.

Measúnú Rangbhunaithe 1: Teicstílí Cruthaitheacha

Tugtar dhá rogha don scoláire as a roghnóidh sé tionscadal amháin ar Theicstílí Cruthaitheacha:
1. Déan mír teicstíle do dhuine aonair nó don teach

2. Athchúrsáil nó uaschúrsáil mír teicstíle do dhuine aonair nó don teach
Rogha 1: Déan mír teicstíle do dhuine aonair nó don teach
Cuireann an scoláire próiseas na treorach le haghaidh dearadh agus prionsabail an dearaidh agus na hinbhuanaitheachta i bhfeidhm chun mír teicstíle a dhéanamh do dhuine aonair nó don teach 
Mar chuid den tionscadal seo, taispeánfaidh an scoláire fianaise orthu seo a leanas:

  • próiseas na treorach le haghaidh dearadh a chur i bhfeidhm
  • prionsabail an dearaidh agus na hinbhuanaitheachta a chur i bhfeidhm
  • úsáid a bhaint as teicnící bunúsacha fuála láimhe/agus nó fuála innill chun an táirge a dhéanamh
  • teicnící maisithe ábhair (más infheidhme) 
  • cúram agus cothabháil chuí teicstílí

Rogha 2: Athchúrsáil nó uaschúrsáil mír teicstíle do dhuine aonair nó don teach
Cuireann an scoláire próiseas na treorach le haghaidh dearadh agus prionsabail an dearaidh agus na hinbhuanaitheachta i bhfeidhm chun mír teicstíle a athchúrsáil nó a uaschúrsáil do dhuine aonair nó don teach.
Mar chuid den tionscadal seo, taispeánfaidh an scoláire fianaise orthu seo a leanas:

  • próiseas na treorach le haghaidh dearadh a chur i bhfeidhm
  • prionsabail an dearaidh agus na hinbhuanaitheachta a chur i bhfeidhm
  • úsáid a bhaint as teicnící bunúsacha fuála láimhe/agus nó fuála innill chun an táirge a dhéanamh
  • teicnící maisithe ábhair (más infheidhme) 
  • cúram agus cothabháil chuí teicstílí
Fianaise ar fhoghlaim

Chun an Measúnú Rangbhunaithe a chur i gcrích go sásúil, cuirfidh an scoláire isteach mír teicstíle agus fianaise ar chur i bhfeidhm phróiseas na treorach le haghaidh dearadh. Tionscadal aonair atá sa Mheasúnú Rangbhunaithe seo agus cuirfear i gcrích faoi dheireadh bhliain a dó é.
Ansin déanfaidh an múinteoir measúnú air agus úsáid á baint aige as na gnéithe cáilíochta a chuirfear ar fáil i dTreoirlínte Measúnaithe ar leith.

Sa Mheasúnú Rangbhunaithe ar Scileanna Litearthachta Bia, tabharfar an deis don scoláire a chuid scileanna i dtuiscint ar bhia, idir scileanna cistineacha agus cruthaitheacha chomh maith lena chuid eolais faoi chothú a thaispeáint agus é ag déanamh taighde, anailíse agus pleanála i gcomhair treorach maidir le scileanna i dtuiscint ar bhia don saol laethúil.
Nascfar Measúnú Rangbhunaithe 2 go díreach leis an scrúdú Scileanna Praiticiúla Bia Mar sin, beidh sé bunaithe ar threoir maidir le scileanna i dtuiscint ar bhia a roghnófar ó liosta roghanna a chuireann Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar fáil gach bliain Bainfidh an scoláire úsáid as próiseas na treorach le haghaidh dearadh chun a chuid scileanna i dtuiscint ar bhia, idir scileanna cistineacha agus cruthaitheacha chomh maith lena chuid eolais faoi chothú a thaispeáint trí thaighde, anailís agus pleanáil a dhéanamh i gcomhair riachtanais na treorach.  D’fhéadadh cuid acu siúd a leanas ó réimsí leathan a bheith sna treoracha a eisíonn Coimisiún na Scrúduithe Stáit: béilí teaghlaigh sláintiúla a léiríonn na treoirlínte reatha maidir le bia sláintiúil; riachtanas speisialta cothaithe nó galar a bhaineann le haiste bia; céim áirithe den saolré; lóin scoile sláintiúla; béile sláintiúil a dhéantar sa bhaile seachas béile mearbhia a fhaightear i siopaí; cócaireacht stuama; fiontar bia/táirgí ó mhargadh feirmeoirí; cócaireacht eitneach. 
Roghnaíonn an scoláire ceann amháin ón liosta roghanna a chuireann Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar fáil mar an bunús dá MRB, trí úsáid a bhaint as próiseas na treorach le haghaidh dearadh, tagann sé ar smaointe agus réitigh fhéideartha don treoir roghnaithe. Úsáideann an scoláire an t-ábhar ullmhaithe chun plé a dhéanamh ar bhealach oiriúnach ar a chuid smaointe maidir le conas tabhairt faoin scrúdú scileanna praiticiúla bia a bhaineann leis an treoir trí mheán plé lena chuid piaraí.
Mar chuid den MRB, bainfidh an scoláire úsáid as an teicneolaíocht, áit is cuí, sa taighde, san anailís, sa phleanáil agus i gcur i láthair a gcuid torthaí.

Fianaise ar fhoghlaim

Chun an Measúnú Rangbhunaithe seo a chur i gcrích go sásúil, cuirfidh an scoláire breac-chuntas i láthair ar a réiteach beartaithe don treoir don scrúdú scileanna praiticiúla bia. Déanfaidh an múinteoir measúnú ar an MRB agus úsáid á baint aige as na gnéithe cáilíochta a chuirfear ar fáil i dTreoirlínte Measúnaithe ar leith.

Beidh sonraí níos mine ar fáil i dTreoirlínte Measúnaithe ar leith maidir leis an measúnú ar na Measúnuithe Rangbhunaithe. Cuimseoidh sé sin, mar shampla, an fad agus na leaganacha amach a mholtar le haghaidh phíosaí oibre an scoláire, na gnéithe cáilíochta le cur i bhfeidhm i dtaca leis an measúnú, agus tacaíocht maidir le breithiúnas ‘ar an iomlán’ a dhéanamh i ndáil leis na gnéithe cáilíochta. Beidh ábhar cuimsitheach acmhainne i bhFoireann Uirlisí don Mheasúnú CNCM freisin le húsáid agus le tagairt dó i measúnú leanúnach ranga ar Eacnamaíocht Bhaile na Sraithe Sóisearaí, agus lena chois sin tabharfar mionchuntas ar an bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair agus samplaí d’obair scoláirí.

Na gnéithe cáilíochta

Tacaíonn na gnéithe cáilíochta le breithiúnas an scoláire agus an mhúinteora ar na Measúnuithe Rangbhunaithe agus is iad na critéir iad a úsáidfidh an múinteoir chun píosaí oibre an scoláire a mheas. Cuirfear na gnéithe cáilíochta ar fáil sna Treoirlínte Measúnaithe le haghaidh an dá MRB.

Scrúdú scríofa

Tabharfaidh an scoláire faoi pháipéar scrúdaithe scríofa a mhairfidh suas le huair an chloig amháin. Mairfidh an scrúdú dhá uair an chloig agus beidh sé ar siúl ag deireadh an tríú bliain. I mbliain áirithe ar bith, is éard a bheidh sna torthaí foghlama atá le measúnú sampla de na torthaí ábhartha ó tháblaí na dtorthaí foghlama. Is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit a dhéanfaidh an scrúdú deiridh a leagan amach agus a mharcáil.

Tá lamháil sa tsonraíocht seo le haghaidh cleachtais mheasúnaithe chuimsithigh, mar chuid de mheasúnú leanúnach nó mar Mheasúnuithe Rangbhunaithe. Sa chás go meastar i scoil go bhfuil sainriachtanas fisiciúil nó foghlama ag scoláire, is féidir oiriúntais réasúnta a chur i bhfeidhm chun tionchar an mhíchumais ar fheidhmiú an scoláire i Measúnuithe Rangbhunaithe a laghdú, a oiread agus is féidir. Ba chóir go mbeadh na hoiriúntais, m.sh. an tacaíocht a thugann Cúntóir Riachtanas Speisialta nó tacaíocht teicneolaíochtaí cúntacha, ag teacht leis na socruithe a chuir an scoil i bhfeidhm chun tacú le foghlaim an scoláire i rith na scoilbhliana.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.