Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Naisc

Léiríonn na táblaí ar na leathanaigh seo a leanas an chaoi a bhfuil an Stair nasctha le gnéithe lárnacha foghlama agus teagaisc mar a thugtar breac-chuntas orthu sa Chreat don tSraith Shóisearach 2015.

An ráiteas Samplaí d’fhoghlaim ábhartha
RF 3: Déanann an scoláire réimse leathan téacsanna a chruthú, a mheas agus a léirmhíniú go criticiúil. Déanfaidh an scoláire raon foinsí stairiúla príomha agus tánaisteacha a dhiancheistiú agus bainfidh sé leas as a eolas ar an stair agus a thuiscint choincheapúil chun a théacsanna féin a chruthú ag úsáid formáidí éagsúla.
RF 6: Tuigeann an scoláire an chaoi a gcuireann luachanna, creidiúintí agus traidisiúin éagsúla leis na pobail agus leis an gcultúr ina maireann sé/sí agus tá meas aige/aici orthu. Foghlaimeoidh an scoláire faoi bhunús a oidhreacht stairiúil trí iniúchadh a dhéanamh ar ghnéithe den stair a bhaineann lena áit féin, cosúil le daoine scothaosta a chur faoi agallamh maidir le cleachtais agus traidisiúin a bhain leis an gcreideamh.
RF 7: Tá meas ag an scoláire ar a bhfuil i gceist le bheith ina s(h)aoránach gníomhach, le cearta agus dualgais i gcomhthéacsanna áitiúla agus i gcomhthéacsanna níos leithne. Fiosróidh an scoláire an t-athrú a tháinig ar ról an duine sa tsochaí de réir a chéile, lena n-áirítear iniúchadh ar an gcoincheap maidir le cearta agus saoránacht, trí scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar mhair gnáthdhaoine faoi chórais rialtais difriúla, cosúil le Gearmáin na Naitsithe nó an tAontas Sóivéadach.
RF 8: Tá meas ag an scoláire ar an oidhreacht áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus tuigeann sé/sí an tábhacht atá ag an ngaol idir eachtraí atá thart agus eachtraí reatha, agus tábhacht na bhfórsaí is cúis le hathrú. Fiosróidh an scoláire an chúis go ndéantar comóradh ar eachtraí stairiúla, cosúil leis an Uileloscadh; déanfaidh sé iniúchadh ar bhunús stairiúil saincheist nó téama comhaimseartha agus déanfaidh sé fiosrú ar an tionchar a bhí ag na Crosáidí ar an domhan, cuir i gcás.
RF 9: Tuigeann an scoláire bunús agus tionchar ghnéithe sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil an domhain mórthimpeall air. Fiosróidh an scoláire an t-athrú sóisialta trí fhéachaint ar chúiseanna agus ar iarmhairtí na bpatrún imirce nó an athraithe dhaonra arbh í an Phlá Mhór ba shiocair leo; nó tríd an tionchar a bhí ag imirce agus ag lonnaíocht ar fhéiniúlacht ar oileán na hÉireann a fhiosrú.
RF 18: Déanann an scoláire breathnú agus measúnú ar eachtraí agus ar phróisis eimpíreacha agus baineann tátail agus cinntí bailí astu   Fiosróidh an scoláire disciplín na staire, lena n-áirítear a bheith ag obair le fianaise agus ag déanamh breithiúnas stairiúil bunaithe ar dhiancheistiú fianaise; mar shampla, an tionchar a bhí ag Éirí Amach 1916 ar na heachtraí as ar tharla an Conradh Angla-Éireannach i 1921 a fhiosrú.
RF 24: Úsáideann an scoláire an teicneolaíocht agus uirlisí na meán digiteacha chun foghlaim, chun cumarsáid a dhéanamh, chun obair agus chun smaoineamh go comhoibríoch agus go cruthaitheach ar bhealach freagrach agus eiticiúil. Gabhfaidh an scoláire do TFC agus tabharfaidh sé/sí léirmheas criticiúil air nuair a bheidh foinsí agus fianaise stairiúil á lorg aige/aici agus nuair a bheidh freagairtí ar cheisteanna maidir leis an saol atá caite á gcruthú.   
Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.