Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht

Is ionann staidéar ar an Stair agus iniúchadh a dhéanamh ar thaithí an duine le himeacht ama agus an chaoi ar mhúnlaigh an taithí sin an domhan ina mairimid inniu. Nuair a chuirtear ceisteanna maidir leis an bhfianaise atá ar fáil, is féidir leis an scoláire Staire breithiúnais réasúnta, eolacha a dhéanamh faoi rudaí a rinne daoine san am atá thart agus scrúdú a dhéanamh ar cén fáth a raibh daoine spreagtha chun na rudaí a rinne siad a dhéanamh agus tionchar na rudaí sin. Forbraítear ár gcomhfhiosacht faoin stair nuair a dhéanaimid staidéar ar an Stair, rud a chuireann ar ár gcumas muid féin a shuí in am agus ár dtaithí a chur i gcreat níos leithne de thaithí an duine. Nuair a bhímid comhfhiosach faoin stair athraítear an bealach a bhféachaimid ar an domhan agus ár n-áit sa domhan agus cuireann sé ar an eolas muid faoi gcaoi ar féidir linn na forbairtí domhanda atá amach romhainn a fheiceáil. Cuidítear lenár gcomhfhiosacht staire a fhorbairt nuair a bhíonn ‘mórphictiúr’ againn den saol atá thart. Cuidíonn sé linn mórphatrúin athraithe a fheiceáil agus tugtar creat dúinn chun an t-eolas a fhaighimid faoi ghníomhartha daoine ar thángamar trasna orthu a thuiscint agus iad a chur i gcomhthéacs. Cleachtas lárnach de chuid staraí is ea scrúdú a dhéanamh ar fhianaise chun pointí nó patrúin athraithe a shainaithint i dtaithí an duine, agus chun breithiúnais a dhéanamh ar thábhacht athrú den sórt sin. Baineann an staidéar sin ar athrú le hiomláine thaithí an duine le himeacht ama, ó tháinig an duine ar an saol an chéad lá riamh go dtí le déanaí anuas. Tugann an staidéar ar an saol atá thart deis dúinn scrúdú a dhéanamh ar an tionchar a bhí ag gníomh an duine i réimse leathan cásanna, lena n-áirítear sa pholaitíocht, rialtas, dlí, an tsochaí, an eacnamaíocht, cultúr, creideamh agus smaointe. Nuair a fhaighimid amach faoin saol atá thart, tá sé tábhachtach freisin go dtuigimid an Stair mar chineál disciplín a thugann deis dúinn ciall éigin a bhaint as an méid atá tarlaithe inár ndomhan le himeacht ama. Leis sin ní mór dúinn coincheapa mar iad seo a leanas a thuiscint: leanúnachas agus athrú; am agus spás; an chaoi a dtugann fianaise deis dúinn breithiúnais a dhéanamh faoin saol atá thart agus an chaoi a bhféadfadh gá a bheith leis na breithiúnais sin a athrú má thagann fianaise nua chun cinn; feasacht maidir le tairbhe agus teorainneacha na gcineálacha difriúla fianaise agus an tábhacht atá le bheith oibiachtúil agus cóir nuair a bhítear ag scrúdú rudaí a rinne daoine san am atá thart, agus a bheith cúramach gan ligean do thuairimí nó claontachtaí tionchar a bheith acu ar ár mbreithiúnais; an chaoi a bhfuil leibhéil thábhachta éagsúla ag rudaí a rinne an duine sa saol atá thart; go bhfeicimid daoine sa saol atá thart agus go deimhin na rudaí a rinne siad i gcomhthéacs na tréimhse inar mhair siad.  Nuair a thuigimid na rudaí a rinne daoine sa saol atá thart agus nuair a thuigimid an chaoi ar thángamar ar eolas maidir leis na rudaí sin cuidíonn sé sin linn luachanna dearfacha a fhorbairt maidir leis an Stair. Ina measc sin tá ómós don fhírinne agus don fhianaise, gealltanas a bheith oscailte chun féachaint ar an saol atá thart ó pheirspictíochtaí difriúla agus aird d’ionracas an tsaoil atá thart. Nuair a fhéachaimid ar an saol ar an mbealach seo géaraítear ar an tuiscint atá againn faoin ngaol idir eachtraí atá thart agus eachtraí reatha agus na fórsaí is cúis le hathrú; cuidíonn sé linn léirthuiscint a bheith againn don chaoi ar chuidigh luachanna, creidimh agus traidisiúin éagsúla leis an gcultúr ina mairimid; agus cuireann sé ar ár gcumas meas a bheith againn ar ár n-oidhreacht áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Trí staidéar a dhéanamh ar an Stair, feabhsaítear an cumas chun argóintí soiléire, ciallmhara a chur le chéile agus a chur in iúl ar chúrsaí a bhfuil tábhacht stairiúil leo, agus úsáid a bhaint as scileanna cosúil le smaoineamh go criticiúil agus muid á dhéanamh sin, agus a bheith in ann oibriú i gcomhar le daoine eile agus na meáin dhigiteacha a úsáid go héifeachtach. Forbraítear mothálacht stairiúil ionainn freisin nuair a dhéanaimid staidéar ar an Stair agus as sin forbraítear léirthuiscint maidir le héachtaí agus gaiscí cultúrtha na nglún a chuaigh romhainn, agus eascraíonn pléisiúr agus sult as a bheith ag foghlaim faoi shaibhreas agus éagsúlacht thaithí an duine sa saol atá thart, agus an chaoi a raibh tionchar aige sin ar ár bhféiniúlacht agus ár dtaithí féin ar an saol agus go deimhin mar a mhúnlaigh sé an fhéiniúlacht agus an taithí sin.  

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.